Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Risteáird.

Title
Eachtra Risteáird.
Author(s)
Ua Séaghdha, Pádraig,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA RISTEÁIRD.



I.



BHÍ fear óg caol árd ag spais-
teórachd ar bhruach Locha
Léin maidean bhreágh drúch-
tá le h-éirghe an lae i mí
na Bealtaine. Bhí folt fionn air, is éadan
leathan sleamhain air, súile glasa aige, is
lámha mine geala air.



“Há, há! an tusa, a Mhuiris Uí
Mhathghamhna?” ar guth glórach árdaigean-
tach as fáschoill i ngar dó. “Is mé go
díreach, a Risteáird, mar is tú atá ann,
aithnighim an guth úd. Buail mar so.”



Do chorruigh an duilleabhar i leathtaoibh,
agus do dhruid fear amach asta fá dhéin
Mhuiris. D'fhéach sé i bhfus is tall ar an
machaire, agus annsin do rinne ar Mhuiris.
Do b'é seo an fear do b'áilne dá bhfeacaidh
súil riamh. Bhí sé ós cionn sé troighthe ar
áirde, ciabh-fholt casda air, is srón dhíreach
fhada air, rinn mhín chaol uirthi, is polláiridhe
fairsinge innti; dá shúil sholusmhara chaoine
charthannacha aige; béal tanaidhe dlúith;
smeigín cearnach air; gruadh uaibhreach'
agus luisne 'na phluic. Bhi sé caol fá
íochtar is teann fá uachtar; guailne gais-
gidhigh air agus clár ochta con.



Do shín Muiris a lámh chuige agus rug an
fear eile uirthi le crobh do bhí laidir a
dhóithin chum tairbh buile do chosg.



“Dia bheatha ad shláinte, a Mhuiris,” ar
seisean, “chualas gur thángais ar ais.”



“Go mairir slán, a Risteáird,” ar an
fear eile, “thángas athrughadh 'réir a
bhaile, agus is mór an cathughadh do chuir sé
orm a chlos go rabhais ar do theicheadh.”



“Is dócha é, is dócha é,” ar Risteárd de
Barra, “acht ní fhuil leigheas air.”



“Cuimhnighid siad ort-sa 'sa bhFrainc fós;
tá an ceann práis ann leis,” ar Muiris.



“A!” ar Risteárd, “ar chuir éinne' eile
sgoilt ann níos doimhne 'ná mise? “Níor
chuir agus ní cuirfear go bráth arís.
Tháinig mathshluagh chum an choláisde lá
saoire, bhuail gach duine acu buille dá
chloidheamh ar an bplaosg práis úd, agus
chífeá rian 'na ndiaidh acht sin a raibh. Bhí
fear acu, fear breágh deallrathach leis:
Siairmíneach, is dóigh liom, do b'eadh é,
agus tháinig fearg air, is do mhionnuigh sé
nár bhadh le bhrígh do ghéag do chuiris an rian úd
ar an bplaosg, acht gur leigis faobhar
an chloidhimh ar an gcloigeann, agus gur
bhuail duine éigin eile a chúl le ceap-
órd. Seadh, d'fhóbair go mbiadh bruighean
eadrainn, acht réidhtigh do shean-oide í, agus
chuir sé d'fhiachaibh ar an Siairmíneach
(Gearmánach) srian do chur le n-a ghuth —
“agus a dhuine m'árann,” ar seisean
“chonnarc féin an gearradh sin dá chur 'sa
phlaosg práis. Éireannach do rinne é,
agus dá mbiadh sé annso indiu geallaim
duit go rachadh sé dhíom do phlaosg-sa do
chongbháil ó scoilt níos doimhne 'na sin do
bheith ann.”



“Maise, mo chead greann an t-athair
Tomás, ba mhaith an sás trasgairt do bhaint
as duine é féin, dá gcuirfidhe air, agus
deirim é sin ó n-a éideadh amach,” ar
Risteárd.



II.



“Cathain (cá ham) do ghéabhamaoid na
hairm úd do gealladh dhúinn, a Muiris?”



“Ní'l i mbliadna is baoghalach, acht beidh


L. 388


an “Dronnóg” annso fá cheann ráithe. Tioc-
faidh sé 'n-a fhear siubhail an cor so, agus
measfar gur bacach é ag iarraidh déirce;
acht labhramaois í i gcogar. “Bíonn cluas
ar an gcoill.”



“Maith,” ar Risteárd, “buailfeam
leis.”



“Cá bhfuilir ar tí gabháil anois?” ar
Muiris.”



“Och, ní fhuil orm acht amhras fós,” ar
Risteárd, “rachad a' feicsint an Iarla
Cinnmhara; tá báidh aige liom, agus
b'fhéidir go ndéanfadh sé caradas dom. Ba
mhór an tiubaiste go ndeachaidh an dá
shaighdiúir úd fá dhéin mo thighe; an bholgach
ortha; bhíodar ag cuardach annso 's annsúd.
Dubhart leo nach raibh bille ná arm im'
thigh; acht tharraing ceann acu a chloidheamh;
nocht an fear eile a chloidheamh leis, agus
mheasadar iad do sháthadh thríom. Nár dheas
an gnó é? Sgread mo dheirbhshiúr. Rugas
féin ar chúl cinn ar an raisbín saighdiúra,
agus ar bhaic a mhuiníl ar an mealbhóig
eile, agus admhuighim gur ghortuigheas iad
ag gabháil díobh ar a chéile. Deirthear
liom nach bhfuil aithne ná úrlabhra ag duine
acu, agus go bhfuil aghaidh an fhir eile
loitthe ar feadh a shaoghail.”



“Do b'olc an obair í,” ar Muiris.



“Do b'olc, is dócha; táthar im' dhiaidh go
dian anois, acht má fhaghann éinne' de'n
bheirt bás, beidhfear níos déine ar mo thí.
Tá, mar adubhart, saghas báidhe ag an
Iarla liom gidh nac bhfuil puinn ionntaoibhe
agam as, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé
cosg leis an dtóruigheacht so. Cuirthear
mór-shuim i n-anam saighdiúra, acht dá
mbadh Éireannach bocht do bhiadh i gconta-
bhairt báis, measaim nach mbiadh a leithéid
sin do bhualadh bas mar gheall air.”



Leis sin do thug Risteárd truslóg chum
fala na coille; buail sé leath-lámh air,
agus thug baoithléim amach ar an mbóthar.



“Is iongantach é a luth,” ar Muiris,
agus chrom sé ar áirde an fhala do thomhas.



“A! caidé seo?” ar seisean. Cualaidh
sé sodar capaill agus liúgh marcaigh.



“Seas, a mhéirlig; tá fuil bheirte saigh-
diúir ort, agus géill i n-ainm an ríog.”



“Seasóchad,” ar Risteárd i nguth árd,
“acht is í mo chómhairle dhuit, a dhíolmhan-
aigh, gan teacht im' ghoire.”



Do nocht an t-oifigeach a chloidheamh —
deirthí go raibh sé chóm aicillidhe gur bhain
sé na cnaipí as casóig an fhir chloidhimh do
b'fhearr 'sa cheanntar dá aindeóin i
n-aimsir chomórtais, agus gan oiread is
braon fola do dhortadh.



Súd é an fear do bhí ag déanamh ar
Risteárd agus gan aige-sean le n-a
chosaint féin acht bata droighin.



“A Rí na bhfeart,” ar Muiris, “tá
deireadh le Risteárd, acht rachad chum a
chonganta,” agus d'fhéach i bhfus is tall le
h-aghaidh úirlise catha d'fhághail. Rug sé
'na ghlaic ar fhásán fuinnseóige, acht ní
stracfadh géaga Dhiarmada Uí Dhuibhne as
a fréamhaibh í seo. Thug sé iarracht ar
chraoibh do bhriseadh, acht bhí sí sin ró-righin;
agus fá dheireadh do phreab sé ar láthair
gan arm 'na láimh 'ná fiú cloiche aige le n-a
caitheamh leis an oifigeach.



“Na géill go deo dhó, a Risteáird.
Cuimhnigh ar ghaisgeadh do shinnsear.”



Bhí smigeadh gáire ar an oifigeach, agus
é ag féachaint go géar fonamhadach ar
Risteárd, greim ar a chloidheamh aige, agus
béal an eich chiair chuthaigh leath-fhosgailte,
claon 'na mhuinéal, a chluasa 'na sheasamh,
agus a shúile ag rinnce. Bhí Risteárd ar
dearg-lár an bhóthair, greim ar mheadhón a
bhata aige, a bhéal dlúithte, faobhar ar a
fhiaclaibh, faghairt 'na shúilibh, agus goic air.



“Bog breágh!” ar an t-oifigeach, agus
thuig an t-each ciar é. Dhruid sé le n-a
ghlúnaibh é, thug an t-each prap-léim fá
dhéin Risteáird; chrom an marcach a cheann
chum na muinge; chonnairc Muiris tait-
neamh an chloidhimh ar nós cuair lasrach;


L. 389


chonnairc sé bata Risteáird ós cionn a
chinn; chualaidh sé fuisc an chloidhimh thríd
an aér; chonnairc sé léim Risteáird i
leathtaoibh, agus chualaidh sé fuaim a bhuille
ní ar fhaobhar an chloidhimh, acht ar chúl an
chloidhimh; chonnairc sé an t-each mear ag
casadh ar a chois; chonnairc sé léim eile;
chualaidh sé fuaim an bhata an cor so ar
thaobh an chloidhimh; chonnairc se lámh oifigigh
ag lúbadh le tréineacht bhuille cosanta
Risteáird, agus, gídh gur shaoiligh sé gur
léim an t-each cuthaigh tar cheann Risteáird,
níor léim, mar do chrom seisean é féin,
agus do phreab sé as an t-slighe; acht
nuair do bhí an t-each ag sgeinneadh thairis,
chas an bata chomh tiugh le splanc, agus
buaileadh an t-oifigeach i gcúl an chinn.
Tógadh as an diallait é leis an mbuille
sin, agus caitheadh é 'na phleist tar
chluasaibh an chapaill. Sheas an capall
chomh socair le gallán sléibhe; rith Muiris
fá dhéin an oifigigh; níor chuir seisean cor i
gcois 'ná láimh de, mar bhí cúl a chinn
briste 'n-a bhrúsgar. Bhí an t-oifigeach
ar a bhéal is ar a aghaidh ar an mbóthar;
rug Muiris ar bhónna casóige air, is
d'iompuigh sé ar phleasg a dhroma é.



“Ní fhuil gíog ann,” ar seisean.



“Beannacht Dé le n-a anam,” ar
Risteárd, agus chromadar araon ar a
nglúnaibh i n-aice an duine mhairbh.



D'éirigh Muiris 'na sheasamh; shín sé a
lámh chum Risteáird. “Rinnis comhrac
iongantach,” ar seisean.” “Cómhraiceann
an Franncach ar son a anma,” ar an fear
eile. “A! chím go bhfuil fuil ort,” ar
Muiris. “Och, ní fiú biorán é; is dócha
gur shleamhnuigh an cloidheamh ar an mbata
mar faghaim go bhfuil sgealbóg de'n
chroiceann dom' luidín.”



“Cad do dhéanfam leis an gcorp so
anois?”



“Do thuilleas a chloidheam go h-áirithe,
agus beidh sé agam leis,” ar Risteárd,
“agus fágfamaoid é féin is a chapall
annso. Beidh fear ar a thuairisg go luath,
gan amhras, mar an ruagadh lasmuich ar mo
thí-se.”



III.



“Éist! cloisim fothram capall ar droi-
chead na Fleasga,” ar Muiris. Chuir
Risteárd cluas air féin. “Ataoi ceart,
a dhalta,” ar seisean. “Bímís ar siubhal,”
ar Muiris. “Beidhead-sa ag druidim
liom, acht bí-se ag dul a bhaile.”



“Ní fhágfad thusa, a Risteáird, mar
táim chómh cionntach leat; ghríosuigheas tú
chum catha, agus dá mbiadh bata agam
bheinn led' thaobh an uair úd.”



“Bíodh ciall agat, a dhuine m'árann. Ní
beag go bhfuilim-se ar mo choimeád, agus
gan tusa do bheith ins an amhgar chéadna
led' thoil féin.” “Réidhtéochamaoid an
cheist sin ar ball, rith leat,” ar Muiris.
Preabadar araon isteach 'sa choill agus
ní túisge bhíodar foluighthe imeasg na
gcrann 'ná gur chualadar stoc airm. “Á!
shaoileas go mbeithí 'n-ár ndiaidh go
tapaidh; an bhfuil eolas na gcasán agat?”
ar Muiris, “Tá aithne agam ar gach
faill agus pluais agus crann i gCnoc
Tuirc; is minic do leanas an cairfhiadh
ruadh imeasg na dtúrtóg so, acht ní fhuil
fiú gunna agam le leath-bhliadhain anois.
Do chuireas uaim é nuair do chualas go
raibh amhras orm; acht is beag an mhaith
dhom é.”



Tharraing sé sgian dubh as a chrios,
d'iompuigh sé isteach imeasg na gcarraig
agus fá cheann nóimit bhí sé le cois Mhuiris
arís. “Ní fhuil aon nídh id' láimh,” ar sé,
“tóg an chleith-ailpín seo, b'fhéidir go
dteasdóchadh si uait láithreach; chualas
casacht fir; tá eólaidhe éigin acu seachas
saighdiúir, acht luíghmís ins an raithnigh so
go fóil beag, agus faireóchamaoid.” Do
luigheadar mar a rabhadar.



Is gairid go dtáinig beirt saighdiuiridhe


L. 390


ar an gcasán ar a n-agaidh amach; phreab
ceann acu ar mhullach faille, agus d'féach
sé timcheall air. Rug Risteárd go docht
ar dhornchúl a chloidhimh — cloidheamh an
oifigigh mhairbh, agus d'féach sé go míothait-
neamach ar an saighdiúir. “Ná cuir cor
díot; ní fheiceann sé pioc dínn,” ar
Muiris. Chuir an saigdiur glaodh árd as
agus d'fhreagair an stoc arm ó'n mbóthar
é. “Cár ghabh ár n-eólaidhe?” ar sé, i
mBéarla. “Dar mo láimh,” ar an ceann
eile, “bhí sé annso ó chianaibh, agus atá sé
imthighthe mar do shluigfeadh an talamh é,
agus atá mo chloidheamh-sa ag an
mbitheamhnach leis.” D'fhéachadar i bhfus is
tall, rith fear acu mar so agus fear mar
súd. Sgeinn duine acu ar ais an casán
suas, agus an fear eile le fánaidh; acht
d'fhilleadar arís chum na faille. “Bhí ár
gcuaird i n-aisdear,” ar siadsan; “go
marbhaidh an chaor fear na déirce.” Bhí
Muiris ag cur na súl thríotha, agus bhí
ceann acu chómh cómhgarach do Risteárd gur
mheas sé preabadh 'na shuidhe agus é thras-
gairt le 'n-a chloidheamh, acht go ndubhairt
Muiris leis foighde do bheith aige.



Fá dheireadh d'imthigheadar an casán síos
ag mion-chaint le chéile, duine acu ag cur
an mhilleáin ar an nduine eile, agus fá
cheann nóimint tháinig cúigear nó seisear
eile ar a sálaibh.



D'iompuigh Risteárd ar a leath-uillinn,
agus cia bhuailfeadh na choinnibh acht fear
beag dronnach ar a chor-ghiub ins an
raithnigh.



“Móra dhíbh,” ar an fear beag. Do
leath a shúile ar Risteárd. “Dar mo bhais-
teadh,” ar Muiris, “is é an dronnóg atá
ann.” “Is mé go díreach,” ar an fear beag,
“bhuail oifigeach 's a bhuidhean liom le
héirghe an lae; d'iarras déirc air, acht
fear borb is eadh é, agus chuir sé cloidheamh
lem' sgórnaigh. “Bíodh do rogha agat,” ar
seisean, “bás nó treoireacht! Tá aithne
agat ar chasánaibh Chnuic Tuirc; má feici-
míd lán súl de Risteárd, gheabhair féirín.”
Do chromas ar áiteamh air gurab í an
oidhche an t-am do b'fheárr chum an ghnótha
sin do dhéanamh, agus thairgeas a thabhairt
i láthair Risteáird i meadhón na hoidhche
anocht, agus geallaim dhuit ná rachaidh sé
slán ar ais.” Bhuail an dronnóg bas ar
a cheathramhain agus thosnuigh sé ar dhrann-
tán is ar mhion-gháirídhe go meidhreach.



“Bhí an t-oifigeach ar muin capaill agus
a bhuidhean ag coisidheacht; gheallas dó go
dtaisbeánfainn an casán leathan dá bhuidhin,
acht go rachainn i bhfolach uata 'sa choill;
mheallas é mar sin, an t-amadán bocht;
dubhart leis go raibh pluas fá bhun easaigh
Chnuic Tuirc gur ghnáthach le Risteárd dul
chum suain innti, agus go ngeabhamaois 'n-a
chodladh é; acht go mbiadh onóir na gabhálta
aige-sean amháin. 'Seadh! chas sé ar a
chois d'éis orduighthe do thabhairt dá bhuidhin
rud do dheánamh orm-sa agus beidh siad
oidhche anocht agam sa chasán chumhang chonta-
bhairteach. Beidhead féin agus an t-oifigeach
i dtosach ar bhárr easaigh Cnuic Tuirc;
ghéabhad leathsgéal le dul i leathtaoibh,
tabharfad cor do'n fear deiridh, tuitfidh
seisean i gcoinnibh an fhir ar a bhéalaibh —
tá sé i gcumhacht leinbh an gníomh gaisgidh
seo do dhéanamh — agus sleamhnóchaidh an
bhuidhean úd céad troigh nó níos mó. Geall-
aim díbh ná cuirfidh sé garr-bhuaic ormsa
oifigeach Saxanach agus a dhroch-bhuidhean 'gá
mbriseadh is 'gá mbasgadh le faill mhóir
Chnuic Tuirc. Congaibh an cloidheamh go
bhfillead, a Mhuiris.”



“Ó, Dia linn!” ar Risteárd, “do b'fheárr
liom comhrac leo go fearamhail faobhrach
'ná iad do chaitheamh le faill mar sin ar nós
beathadhach allta.”



“Agus cad eile iad?” ar an dronnóg,
“mo thruagh mhór thú, a Risteáird, beidh an
méid sin de naimhdibh Eireann imthighthe,
agus is cuma liom-sa caidé an chuma go
n-imtheóchaidh siad. Bhí breis fearamhlacht


L. 391


is onóra is truaighe croidhe le h-Éireannaigh
ag cómhrac leis na díolamhnaigh seo, agus
atá a rian air. Do buadhadh ar na
hÉireannaigh agus 'chonách sain ar na hóin-
seachaibh bochta. Ní raibh gliocas ná feall
a ndóithin ionnta; acht geallaim dhuit go
bhfuil fear annso do chómhraiceochaidh na
Saxanaigh seo an fheill le n-a n-úrlaisíbh
féin.”



Leig Risteárd osnadh. D'fhéach an Dronn-
óg air. “Dá mbeadh tarbh buile ar
tí do mharbhtha agus gan agat acht do dhoirne,
déarfa leis, “ó fan go fóil go bhfásfaidh
adharca orm-sa, nó cluasa fada, agus
annsin, a thairbh, a laoigh, troidimís le 'n-a
chéile gan buntáiste.”



“Dá mbiadh agat acht bata droighin, an
dtroidfeá le fear cloidhimh?” ar Muiris.
“Mo chreach!” ar an Dronnóg, “níor chás
dom, agus an dronn so orm; acht do dhéan-
fainn ar chuma eile é, 'sé sin, do dhéan-
fainn síth leis d'á aindeoin, mheallfainn a
chloidheamh uaidh, agus do bhainfinn a cheann
de. Is feárr troid le hintinn ná géagaibh.”



“Do mhairbh Risteárd an t-oifigeach úd.”
“Á! caidé sin agat 'á rádh?” ar an
Dronnóg. “An fhírinne,” ar Muiris,
“maise, a Risteáird, bhí an botún i gcómh-
nuidhe ort, nár bh'fheárr móirsheisear do
bheith marbh agam-sa 'ná aon cheann amháin
agat-sa; uch! tá neart an daimh ionnat,
acht inntleacht an ghé; chaithfead bheith ar
siubhal, nó ní bheanfad gé asta súd.” Leis
sin do sgeinn sé uatha le cosa' con. “Tá
droch-fhuadar faoi siúd,” ar Risteárd.



IV.



Bhí an Dronnóg i gCill-áirne ag caint
le ceann-urraid an airm, agus deór 'na
shúil. “Chailleas an duais bhreágh úd do
gheall an t-oifigeach dom; acht ní hé sin
amháin atá ag goilleadh orm. Ní mór an
níd é sin seachas an bás obann do fuair
an fear áluinn” — do shil sé deor eile.
“Bhí aithne agat air?” ar an ceann-urraid.
“Bí go dian-mhaith, acht ní hé sin ar fad é,
acht do gheallas dó an sgriosadóir úd do
ghabháil, rud is furus go leór i n-uaimh a
shuain.”



Seo ag cur 's a' cúiteamh le n-a chéile
an bheirt, ceann-urraid an airm ag cumailt
a chuid féasóige, ag smuaineadh, ag cur súl
'sa talamh agus ar uairibh ag infhiúchadh na
Dronnóige go leath-amhrasach, leath-ionn-
taoibheach; acht eisean gan duairc air, go
mánla mín, ag tarrang deilbhe uamha Chnuic
Tuirc le n-a bhata ar ghainimh an bhóthair;
agus anois is arís ag bualadh a dhá mhéar
deise ar dheárna a bhaise clé, agus ag tath-
fant go géirinntleach ar an gceann-urraid.



Fá dheireadh d'umhluigh an Dronnóg dó,
agus do chas sé ar a chois. Bhí athrughadh
gnúise air, i n-ionad na ceannaighthe
mánla macánta do chuir sé air féin ag
uraghall leis an gceann-urraid; bhí gruaim
air; bhí a dhá phluic súighte isteach; bhí
drann ghránna ar; bhí polláiridhe a shróna
crapuighthe mar do bhiadh cruimh 'gá dtochus,
agus splanc 'n-a radharc. “Á,” ar
seisean, “is géar-chúiseach an buachaill an
captaoin, acht bainfead-sa léim as anocht
nár thug sé a leithéid ó laethibh a
lámhacáin.”



V.



Bhí geóin agus gleo ag na héanaibh i
gCnoc Tuirc, an lon dubh ag áiteamh ar an
gciarsaigh; an spideóigín bhruinn-dearg
ag imreas le Diairmín riabhach; siocáin
na mbeann ag foluamhain ós cionn na
gcrann, agus an cora-cú dá chantain ag
colúir na coille.



“Is breágh é, bheith ag éisteacht leo,” ar
Muiris. “Is breágh,” ar Risteárd, “agus
ar ball nuair do bheidh siad 'na suan, ní
chloisfir gíog acht amháin glór na sruthán,
agus easa Chnuic Tuirc ag cur osnuidhe as
le méid a shaothair. Do chodlas an tseacht-
mhain seo ghabh tarainn chomh suanmhar ins an


L. 392


uaimh seo fá bhun an easa is dá mbeinn i
leabaidh chlúimh.”



“Ní fuláir go gcuirfeadh an fear mill-
teach úd aighneas orainn anocht?”



“Ní dóigh liom é,” ar Muiris, “acht ar
a shon sin féin, ní cóir dúinn dul a
chodladh fós; tá sé siúd fíochmhar, agus is
baoghalach go bhfuil sé fealltach; acht ní
fhuil sé ar mo thí-se 'ná ar do thí-se; acht
má chuireann sé roimhe na saighdiúiridhe do
thabhairt annso, bain an chluas díom go
ndéanfaidh sé é.”



“Caidé an saghas cumhachta atá aige?”
“Ní draoidheacht 'ná diabhluidheacht atá
aige, acht do mheallfadh sé an chnámh as
dranndal an mhadra. Ní fhacas riamh a
leithéid le gliocas; acht táim eaglach go
dtabharfadh sé easgaine Dé orainn. Is
mór é a ghreann d'Éirinn; acht is mó é a
fhuath do Shaxain; agus gibé coir ba
thruaighmhéile, ní chuirfeadh sí garrabhuaic
air i dtreo go bhfuigheadh sé an bhuaidh.”



“Á, is contabhairteach an t-ainmhidhe é,”
ar Risteárd, “agus má tá éirghe amach le
bheith again i, do b'fheárr as an tslighe é.
Mar sin féin ní bhfaghaim locht air mar
gheall ar an bhfuath úd, atá an gnáth sin
creideamhnach go leór; acht ní maith liom
an croidhe fealltach neamh-cháidheach.”



“Ní chluinim focal uait; támaoid ró-
chómhgarach do'n eas so; druidimís amach
fá'n mbán.” “Tá sé in' am codlata, ámh.
Tá cuileann capall ag fás ar urlár na
h-uamha, agus fionnamhóin ar a taobhaibh,
agus beimid chomh cluthmhar innte le
dreóilín 'na nead.”



“Siubhail ort, mar sin,” ar Muiris.



Bhí Risteárd 'na chnap codlata láithreach,
acht níor thuit néal ar Mhuiris. Mheas sé
gur chualaidh sé coiscéim tómhaiseach fear
n-airm. Chuir sé cluas air féin, acht ní
raibh ann acht seotha binn na sruthán. Fá
dheireadh do bhuail sé a bhrat air, agus seo
amach fá'n gcoill é.



Bhí na coillte 'na suan agus gan aon
nídh ag briseadh ciúinis na h-oidhche, acht
fuaim an easa. Bhuail an fear suas an
casán fá aghaidh an chnuic. Sheas sé mar a
raibh cor-lúb ins an gcasán ós cionn an
easa, agus d'fhéach sé síos ann. Bhí faill
shleamhain dhíreach ann i ngoireacht troighe
dhó, agus tháinig critheagla air.



“Aon tuisleadh amháin, aon chéim amháin i
leathtaoibh,” ar seisean, “agus do dhéan-
faidhe blodha de'n té do thuitfeadh léi. Is
uathbhásach an basgadh í, agus níor mhaith
liom an leómhan buile do thuitim leis an
splínc seo.”



“Éist!” ar seisean leis féin, “shaoileas
gur chualas coisidheacht.” D'éist sé go
faireach. Chualaidh sé mar a bhiadh mion-
chloch go mbuailfidhe speach uirthi, agus go
gcuirfidhe ag únfairt as an gcasán síos í
imeasg na nduilleabhar ndreoighte. Chuir
sé a chluas le talamh. Bhris sgread amach
ar chiúineas na h-oidhche, agus bain sí mac
alla as na cnocaibh. Liúgh uamhnach bhrónach
eile, mar do bhiadh leanbh 'gá bhrúghadh, agus
'gá mhilleadh, agus annsin mionna fear
feargach.



Phreab sé le fánaidh fá dhéin na h-uamha,
acht bhí Risteárd ag á béal agus a chloidheamh
'n-a láim aige. “Ar airighis aon nídh?”
“D'airigheas. Táthar chugainn. Cá bhfuil
mo chloidheamh?” ar Muiris — d'fhág an
Dronnóg dá chloidheamh áilne acu.



Rith an bheirt fhear amach ar an gcasán.
Gidh go raibh an oidhche gan éasga, bhí sí
réaltannach, agus chonncadar ar fíor-
fhaobhar an mhullaigh buidhean fear. “Teich-
imís,” ar Muiris. “Ní theicheócham,” ar
Risteárd, “tá an Dronnóg ann,” agus
leig sé féin liúgh as do mhúsglóchadh, beag-
nach, na mairbh. “Holú-ú, druididh ar gcúl
ó'n splínc,” ar seisean, acht ba bheag an
maitheas dó é. Is suarach nár thuit an
cloidheamh as a ghlaic nuair do chualaidh sé
sgread obann uamhnach, agus chonnairc sé
fear ag preabadh ins an aer, agus fear
eile le béic 'na dhiaidh, agus fear eile fós.


L. 393


Tháinig sgannradh ar an mbeirt fhear
agus do theicheadar, acht léim an bhuidhean
anuas an casán fá na ndéin, fiche fear acu
ag uaill is ag spalpadh mionna móra, ag
fiuchadh le buile fheirg, agus chómh mian-
amhail chum fola le faolchoin. Bhí an casán
cumhang, agus fréamha crann ar a imeall-
aibh. Bhí Muiris i dtosach, agus thug Ris-
teárd leath-shúil tar a ghualainn. Leis sin,
do bhuail sé bárr a choise ar fhréimh agus do
thuit sé ar a thárr i n-áirde. Phreab sé ar a
chora-ghiub agus chaith sé é féin i leathtaoibh
i n-am, mar ba dhian í an tóir, agus bhí rinn
dá “bheágnait” curtha 'sa láthair gur thuit
sé. Níor stad na fir dheiridh, níor bh'fhéidir
leó cosg, agus do thiomáineadar le fuin-
neamh na fir thosaigh le fánaidh. D'éirigh
gail is gaisgeadh Risteáird leis an bhfeall
do rinneadh air. Do thug sé ruagadh is
ruathar 'n-a ndiaidh is 'na measg, agus do
thionnsgain sé ar a n-athchuma agus ar a
n-éirleach. Do chasadar ar a sálaibh go
borb fíochmhar; rinne oifigeach óg iarracht
ar a ngléas is a gcórughadh; acht sul a
raibh an dara focal as a bhéal do scoilt
Muiris a phlaosg go carbad.



D'iompuigheadar ar Mhuiris, go mear-
bhalach ag tuitim i gcoinnibh a chéile; shaoil-
eadar go raibh sluagh 'gá gcomhrac, acht ba
chalma 's ba chlisde eisean chum greas do
bhualadh le cloidheamh. Níor bh'é an fear
Risteárd chum faillighe do thabhairt do'n
bhfóirithin so, agus ba uathbhásach a raon
madhma agus a bhéim mharbhthach. Acht aon
nídh amháin, níor fágadh 'n-a mbeathaidh de'n
bhuidhin bhuirb sin acht beirt do rith le n-a
n-anmaibh as casán an áir.



“An bhfuil tú gonta, a Mhuiris, a ghráidh
ghil?” ar Risteárd. “Och, ní fiú biorán é;
do mheath mo chleas cosanta an uair seo
amháin dom' shaoghal, agus atá sgríob bheag
ar m'uillinn dheis.”



“Greadadh chugaibh, an bhfuiltí 'nbhar
mbeathaidh, a amadána?” ar guth ó bhárr na
splince, agus cia sheólfadh anuas chuca
acht an Dronnóg go slán socair.



Bheirim-se luighe gur breágh an léim do
thug an ceann-urraid sin agus a bheirt
fheadhmannach ar a chúlaibh! A Risteáird, a
dhalta, ní thabharfad mionn, is ní dhéanfad
easgaine, mar adeir an seanfhocal, go
bhfaghann an mhaidhmh a guidhe chum í féin do
dhamaint, acht chuiris an botún ar an ngnó
so. Thugas rabhadh dhíbh; bhuaileas bárr
coise ar spallaibh an chasáin anois is arís,
agus steallas fá'n gcoill iad — bhí súil
agam go mbiadh Muiris lasmuigh, gidh go
mbiadh Risteárd 'na chodladh.”



D'fhéach Risteárd air go neamh-chumannach,
agus mheas Muiris athrughadh do chur ar an
gcomhrádh. “Chualamar uaill mhío-nádúrtha
éigin.” “Á, chualabhair, an eadh?” do ráidh
an Dronnóg, gan colg, gan cáim.



“Is baoghalach gur dhúisigh an uaill sin
Risteárd. Chuireas painntéar roimh gheirr-
fhiadh um thrathnóna. Chuireas fám, fhalluing
é go cluthmhar, agus nasg ar a bhéal, agus
ar m'fhalluing-se gur bh'é sin an buachaill
chum rabhadh thabhairt uaidh.



“Sgaoileas an nasg de ós cionn an
easa; thugas miotóg do'n bhioránach;
rinneas crúnca díom féin chum leigean
orm gur shatalas ar rud éigin. Ní chreidfeá
é, a Mhuiris, acht bhí saghas inntleachta ag
an gceann-urraid úd, mar tá fhios agam
go raibh droch-ionntaoibh aige asam. Níor
ghábhadh dhom an meud úd do dhéanamh, acht
chum rabhadh dearbhtha thabhairt díbh. Nách
maith do dhíol Risteárd mé tar éis mo chuid
trioblóide, le n-a bhéic!



“Ní rabhas ullamh i gcómhair na hamad-
ántachta sin, agus ní raibh agam acht am
chum an chinn-urraid agus beirt acu agus
mé féin do stealladh leis an bhfaill. Is
mór an truagh nár marbhadh mé mar is
fearr bás 'ná meath.



“Chonnairc saighdiúr cad do rinneas,
agus chualas cogar a chloidhimh. Chonnarcas


L. 394


go raibh crann ag fás i ngiorracht troighe
do'n chasán; steallas mé féin air, agus
rugas greim dlúith. O, a Risteáird, is
tuathalach an fear thu. Féach do chuid oibre
— mé féin do chur i gcontabhairt bháis, tú
féin is Mhuiris ins an gcontabhairt chéadna,
agus beirt shaighdiúir do bheith éaluighthe
slán chum gairm do thabhairt ar ár dtóir.
Ní leigfeá dhomh-sa cómhrac ar mo chuma
féin; ní fhágfainn saighdiúir i gceanntraibh
Chille-áirne; chuirfinn a leithéid sin do
sgannradh ortha go bhfeicfidís námhaid in
gach tor; bhiadh brígh agus dóchas in gach
tuatach meata, agus bhiadh mathshluagh
córuighthe chum catha againn fá cheann
míosa.”



“Acht, a Mhuire Mhathair!” ar Risteárd,
“ní fhéadfainn féachaint ort ag déanamh
feill mharbhtha; ní cogadh é sin.”



“Ó, mo thruagh thu!” ar an Dronnóg,
“cuireadh i bhfeidhm gníomh gaisgidh mar tá
leat-sa, go minic roimhe-seo, agus is beag
atá dá bhárr againn; acht tabharfam seal
inntleachta dhóibh anois go fóil, agus
chífeam cad do thiocfaidh as.”



“Nár théidh m'anam go Meig Mhichíl má
chorruighim cos 'ná láimh i gcomhlann atá
curtha ar bun le dúnmharbhadh,” ar Risteárd.
D'fhéach an Dronnóg ar Mhuiris. “Aon-
tuighim le Risteárd,” ar Muiris, “ní
beathadhacha allta sinn.” Bhain an Dronnóg
greim as a bhéal ochtair agus chuir sé
cnead as. “'Seadh, 'seadh, ní fhuil aon
bhrígh bheith libh, is dócha. Ní bheidh iomarbháidh
eadrainn, ámh. Ní réidhtighmíd le chéile.
Rachad-sa do'n Fhrainc láithreach, mar ar
hoileadh mé. Geallaim díbh, ámhach, go
mbeidh aithreachas oraibh araon, mar is
gearr go mbeidhthí ar sileadh le crann 'sa
choill seo agus bhar gcnámha ag bánughadh
fá dhrúcht na hoidhche. Tá muinighin agam-sa
go dtiocfad ar m'ais.”



VI.



Ba uathbhásach an oidhche í siúd. Bhí na
croinn ag lúbadh 's ag luasgadh le
tréineacht na gaoithe, bhí an bháisdeach ag
dortadh ar nós uisge tré chriathar, na
splanncacha is na tóirneacha ag liúghraigh
tré dhuilleabhraibh na coille, agus an caor
ag raobadh na gcnoc, agus an mac alla ag
búithreadh is ag glaodhach imeasg na
bhfailleacha.



I n-aindeóin an anfaidh so bhí céad fear
ag triall go trioblóideach tré bhealach na
Mangartán agus Risteárd de Barra ar
a gceann go dóchasach dísgireach. Phreab
fear caol beag liath as phluais cois an
bhealaigh. D'fhéach Risteárd go cruinn air,
agus chuir sé aighneas air. “Ná haithnigh-
eann tú mé!” ar an fear beag. “Dar
mo láimh,” ar Risteárd, “is eol dam duine
gur dheallrathach a ghuth led' ghuth-sa, acht
bhí dronn air siúd, agus ataoi-se chómh
díreach le gáinne. Chuir an fear beag
gáire as. “Mar sin féin is mé an
Dronnóg acht atá athrughadh crotha orm
anois; tig an dronn nuair do theasduigheas
sí uaim; acht ní bhfuilim ar tí mealladh ná
fealladh an cor-so.” Bhladhm splannc le
cluais na Dronnóige, agus chrith bile
beithe le n-a fuaim. Rinne na fir fíoghair
na croise ortha féin; acht, gidh gur
taisbeánadh deilbh is déanamh na Dronnóige
ins an lasair, níor chuir seisean suim ann.



“Cá bhfuilir ag triall, a Risteáird?” ar
sé, “moladh is buidheachas le Dia, is fiadhain
an oidhche í chum gluaiseachta.” “Taim fá
choingheallaibh,” ar Risteárd, “bualadh le
Muiris ag Achadh Deó i gcionn dhá uair an
chluig. Támaoid ar tí iarracht do
thabhairt fá longphort Chille-áirne. 'Sé an
t-easba is mó atá orainn díth arm, acht
measaim go bhfuil ionad coinne déanta le
Muiris ag teachtaire, agus go mbeidh airm
ár ndóithin againn láithreach.”



“Á, tá mar do mheasas; acht éistidh le
fírinne, sibh-se uile agus Risteárd 'nbhar
dteannta. Atá na hairm úd ar iochtar na
fairrge, mar taobh-loiteadh an long ag Tigh
Mhóir is Tigh Dhuinn ar maidin indiu!”


L. 395


Leig Risteárd osnadh croidhe bhriste
as, agus d'fheach na fir ar a chéile go brónach
atuirseach.



“A bhuachaillidhe,” ar Risteárd, “is olc
an sgéal é, acht atá airm ár ndóithin
againn chum longport Chille-áirne do
thógbháil — fiche gunna is ceithre fichid
cloidheamh. An bhfuil meisneach agaibh?”



Chuir na fir uall-ghuth lúthgháireach asta
do dhúisigh mac alla na gcnoc — “leanfam
go buaidh nó bás thú, a Risteáird.”



“A, tá déanmhas laochraidhe ionnaibh,” ar
an Dronnóg, “acht bíodh foighde agaibh.”



Tharraing sé tiompán ó n-a bhrat; bhuail
sé chum a bhéil é; d'iompuigh sé a dhrom
leis an ngarbh-shíon' agus sheinn sé siolla.



Bhíos ag seinm do na Galla-phuic indiu,
tá ceann-urraid ó Shaxain ortha. Fear
bladhmannach borb-mhéinneach is eadh é. Ba
mhaith liom trasgairt do bhaint as; acht ní
réidhtighim féin is Risteárd le chéile; acht
bíodh mar sin. Táim ag tabhairt rabhadh
agus cómhairle dhíbh. Ba mhór an truagh go
leigfidhe i mbéal na gcon sibh. Tá fios
bhar dturuis ag an gceann-urraid úd. Tá
cúig céad fear ullamh aige 'nbhar gcómhair.
Beidh seisean leis i n-Achadh Deó. Beidh
bruighean mhór-fhuilteach agaibh — tréineacht
fear neamh-chóruighthe i n-aghaidh cheap dlúth
gléasta; Risteárd i lár an chatha 'nós
leómhain imeasg faol-chon, agus Muiris is a
chuideachta ag raobadh ar imeallaibh na
sluagh. Och, mo léan, is mo léar-ghoin! Chím
toradh na tréineachta úd; tógaidh mo
chómhairle, a bhuidhean ghrádhmhar, sgaipidh an
cor-so, agus ar an mbliadhain seo chugainn,
le congnamh Dé, b'fhéidir go mbiadh airm go
leór agaibh, is taithige ar a n-úsáid. Sin é
bhar gcara Risteárd. Tabharfaidh sé an
chómhairle chéadna dhíbh, agus tabharfaidh sé
rabhadh do Mhuiris bhocht a bhuidhean do bhreith
slán leis i n-am.”



Bhí deór i súil Risteáird, agus iongnadh
ba mhó 'ná sin, ni raibh súil na Dron-
nóige tirm. Chuir na fir uallfartach
neamh-shásta asta, acht fá dheireadh, do ghéill-
eadar do Risteárd, agus do chasadar ar
n-ais abhaile.



“Tig an ghrian i ndiaidh na fearthanna.”
Tháinig soineann i ndiaidh na doininne, acht
bhí maol ar na sruthánaibh le tuile. Bhí an
Fhleisg go leathan lán-uaibhreach, ag cur
di chum locha Léin, agus Risteárd i n'aonar
ag brostughadh go cráidte trom-chroidheach
fá dhéin Mhuiris.



Tá Achad Deó ar an dtaobh thuaidh de'n
Fhleisg acht bhí Risteárd ar a taobh theas.
“Beidh forairidhe ar dhroichead na Fleasga,
is dócha,” ar sé leis féin, “agus caithfead
troid leó. Ní thabharfainn aghaidh ar an
droichead so muna mbiadh nach bhfuil aon
tslighe eile.”



Lean sé air. Chualaidh sé fothram na
Fleasga; chonnairc sé a tuile dearg
ag brúchtadh tar a bruachaibh; chonnairc sé
samhail dhorcha éigin ag teacht anuas leis
an dtuile. “Caidé siúd?” ar seisean leis
féin.” Bhí an rud ag luasgadh anonn 's
anall. Stad Risteárd ar an mbóthar, agus
d'fhéach sé go cruinn. Bhí an tsamhail ag
dul i méad gur stealladh í le fuinneamh
i gcoinnibh súla meadhónaighe an droichid.
Bhéic na h-uisgidhe nuair do cuireadh cosg
leo; d'éirigheadar 'na mór-thonnaibh is
rómhradar díoga is cuais ar an mbóthar ar
gach taobh de'n droichead. “Cruach féir
atá ann,” ar sé. Chrith agus chorruigh na
h-uisgidhe borba; leigeadar srann is
thugadar slug; thug an abhainn buile brúcht;
chualaidh an fear mar do bhiadh clocha ag
meilt a chéile; thosnuigh na mór-thonna ar
iomrasgbháil, agus rómhradar is phreab-
adar le fothram uathbhásach thríd an
ndroichead.



“Dar Rígh na ndúl,” ar sé le sgread,
“tá súil mheadhónach an droichid imthighthe,
agus atá mo dhalta Muiris is a bhuidhean
caillte!”



Bhuail sé a dhá bhais is leig sé olagón as.


L. 396


Fá cheann nóimit leath sé a dhá chrobh, is shín
sé amach a dhá láimh; d'fhéach sé ar an
spéir, 'nós duine ag altughadh; chrom sé a
cheann; chrap sé a ghuailne; rith sé fá dhéin
bearnan an droichid; “Dia liom,” ar sé,
agus thug sé léim lúthmhar mear-iongantach
as a chorp, agus chuir sé bonn a chos ar an
mbóthar réidh, tar uisge dhomhain chonta-
bhairteach dhroichid na Fleasga.



Sul a raibh aimsir ag an laoch ar
bhuidheachas do thabhairt le Dia, phreab beirt
shaighdiúiridhe amach ar an mbóthar, agus
chaitheadar piléir leis, acht níor aimsighea-
dar é. Léim sé uatha tar cloidhe isteach
ar an machaire. Bhuail saighdiúir eile leis
go hobann; chuir sé a ghunna chum a
ghualann chum coisg do chur le Risteárd;
acht níor éirigh leis go maith, mar do scoilt
seisean é le haon bhéim amháin go corrán-
aibh, agus as go bráth leis go hAchadh Deó.
Bhí a chroidhe go hatuirseach i dtaobh an
mheatha, acht mar sin féin, bhí sé lán-
dóchasach go dtiocfadh lá air go sgaipfeadh
sé le hár náimhde a thíre.



Chualaidh sé cos i n-áirde capall 'na
diaidh, acht ba bheag éa bheann ortha. Chualaidh
Muiris cos i n-áirde na gcapall úd leis,
agus do dhruid sé 'na gcómhgar, agus cipé
meisneamhail le n-a chois.



“Ar gcúl! ar gcúl go diair!” “Is é
guth Risteáird é seo; faire go bráth, tá
a chomhluadar claoidhthe,” ar Muiris.



Tháinig móirsheisear marcach, beag nach,
suas le Risteárd. “Tá sé cortha
tabhartha; lean air,” ar marcach acu.



“Thugais d'éitheach, a bhodaigh, táim ullamh
díbh,” ar an fear dána, ag druidim uatha le
cúl faille.



“Ar aghaidh go tapaidh, a chlann Míleadh,
táid siad 'á thraochad!” ar Muiris, agus fá
cheann móimit bhí na marcaigh úd 'na gcosair
chró fá shálaibh fear togha Muiris.



“Dar Muire, ba bhinn an cleas comh-
lainn é sin,” ar Risteárd, ag glanadh a
chuid alluis de féin.



“A bhuachaillidhe,” ar sé, “sgaipfeam ar
feadh tamaill bhig, gidh go ngoilleann sé ar
mo chroidhe a rádh libh. Do báidheadh an long,
agus ní fhuil airm 'ná airgead againn chum
catha do chur mar ba chóir. Cuiridh i bhfolach
bhar gcloidhmhe is bhar mheagán gunnaidhe.
Rachad-sa is Muiris do'n Fhrainc chum
déanmhais chogaidh do sholáthar, agus geall-
aim díbh má mhairimíd go mbeimíd 'nbhar
measg arís le congnamh Dé.”



Chogair sé le Muiris — “ní cóir dúinn a
innsint dóibh go bhfuil na saighdiúiridhe ag
teacht fá nár ndéin.” “Na hinnis,” ar
Muiris, “táid siad ar buile anois.
Measaim nár bh'aon mhaitheas dúinn bheith leo,
dá mbiadh fhios acu go bhfuil na Galla-phuic
ingar dúinn, agus nach rachaidís ar gcúl
gan bruighean.” “Is breágh an rud an
fhoighne,” ar Risteárd, agus chumail sé
a shúil, mar do bhí deór innti, agus do rinne
gach fear acu mar an gcéadna go foluigh-
theach.



“A bhuidhean mo chléibh,” ar Risteárd de
Barra, “sul a sgaram le chéile, tuga-
maois aon liúgh amháin ar son Éireann.”



Do chas gach duine acu a chloidheamh ós
cionn a chinn, agus leigeadar a leithéid sin
do liúgh árd-ghlórach árd-bhuadhach asta gur
mhúsgail mac alla ó bheinn go beinn.



Chualaidh an captaoin Gallda an liúgh so,
agus do theich sé le sgannradh, mar do bhí,
dar leis, deich míle méirleach cruinnighthe i
nAchadh Deo an oidhche úd.



Pádraig Ua Séaghdha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services