Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL. D'innis Éamonn Óg sgéal eile dúinn fá mar tógadh an chead tséipéal in Árd-a'-Rátha; sé sin, i ndiaidh aimsire na ndlightheadh bpianasach. Bhí sagart san áit sin acht cha raibh séipeal no teach pobail aige acht amháin sgalán ar taoibh cnoic & b'éigin do bheirt nó triúr de bhuachaillibh gasta furacht taoibh amuich de'n sgalán & giota maith uaidh, ar árdánaibh, ag faire chomh fhad is bhí an t-Aifrionn dá léigheadh & dá dtigeadh tóir ar bith fuagairt a thabhairt do na daoinibh, & don tsagart, i modh go dteichfeadh siad araon. Tá tuairim agam nach raibh mórán measa ag buicínibh na háite ar an tsagart sin óir b'é an t-ainm tugadh air go ghnáthach, acht “Páidín.” Ar a shon sin cha raibh mórán námhad ag Páidín mar ba dhuine cneasta cráibhtheach é, a thug aire dá ghnó féin & nach ndearna olc nó urchóid do dhuine ar bith. Is cosmhail go mbiadh sé ag dinéir anois is arís ag na tighthibh móra fá 'n áird sin. Bíodh sin mar a bhí sé, bhí Páidín uair amháin ag dínéir i dtigh Curnal Neisbitt i ndeas d'Ard-a' Rátha & bhí an Ministir i láthair & daoine móra nach é, & thoisigh siad ag magadh fá 'n tsagart & an cumhacht spioradálta a bhí aige (mar dh'eadh) no réir a dtuairme-sin; & d'iarr duine éinteacht ar Pháidín an diabhal do thógaint go bhfeicfadh siad é. Char leig an sagart air féin go ndeanfadh sé a leithéid ar dtús, acht chuir said sárughadh isteach ag iarraidh air an rud aisteach sin do dhéanamh. Fá dheireadh thug sé isteach a dhéanamh, thoisigh sé ar urnaigheadh & chá raibh sé i bhfad ag urnaigh nuair a bhí an sean-bhitheamhnach i láthair i na measg. Léim siad uilig 'na seasamh & as go bráthach leobhtha amach ar an doras. Char fágadh duine sa' tigh ag Curnal Neisbitt acht an sean-diabhal. Lean an Curnal iad chomh luath is b'fhéidir dó faghbháil amach. Rug sé ar Pháidín sa' tsráid & d'iarr air mar gheall ar an Righ, teacht arais & an diabhal do díbirt arís. “Cha deanaim” arsa Páidín, “mar bhí saothar go leor agam é thabhairt an siúd, & cead ag an Ministir é a dhíbirt. Chuaidh Curnal Neisbitt ó ionns' ar an Ministir acht cha n-éisteochadh an Ministir leis ar chor ar bith acht d'imthigh leis; an méid a bhí i na chnámhaibh, & chuaidh i bhfolach i na thigh féin. Tháinig Curnal Neisbitt arais do Pháidín & chuir gach aon chineal d' athchuinghibh air, gan an deolach údaigh d'fhágbháil aige-sean, óir gur mhíosuaimhneach an peata é fá thigh ar bith. Thug an sagart isteach, 'sa' deireadh, an diabhal do ruaigeadh, & chuaidh arais gur léigh sé oifig, & gur imthigh an diabhal arais go hiffrionn is dóighthe. Sé an ceangal a chuirfinn-se leis an sgéal seo gur fusa an diabhal a thógaint ná a chosgairt arís. Acht bhí Curnal Neisbitt chomh sásta sin leis an tsagart mar gheall nár fhág sé an diabhal in a phárlais leis ó shoin, gur bhroinn sé áit tigh pobail dó, & gur chuidigh sé leis an t-airgead do chruinniughadh & an teach pobail do thóg- bháil in Árd-'a-Rátha, & do réir tuaraisge Éamoinn Óig sin mar cuireadh an chéad tséipéal ar bun san áird sin. Ceapadh linn sgoruidheacht a bheith againn in Árd-a'- Ratha an oidhche sin, & b'éigin dúinn teach Éamoinn Óig d'fhágbháil go luath, sé sin, fá tuairim a sé a chlog. Thar a bheith sin, d'fhágamar slán ag muintir an tighe & thug siad cuireadh féileach dúinn dul arais uair ein- teach eile. Bhí an oidhche dorcha & an bealach tuisleanach sleamhain, óir tháinig coscairt ar an sioc a bhí ann an oidhche roimhe sin, & bhí salachar mór ar na casanaibh, & bhí na slodáin lán d'uisge. Tháinig mac Éamoinn Óig linn .i. buachaill óg gasta & lóchrann lasta in a láimh aige. 'A b' sin ní shaoilim go dtiocfainn féin slán go dtí' n bealach mór. Tá Diarmuid 'na bhuachaill óg stráiceamhail & léim sé tar na díogaibh & tar na claidhthibh, acht b'éigin damh-sa siubhal go socair. Tháinig mé anuas ar mo mhuin cúpla feacht fosda, acht char marbhadh mé mar tá mé ann seo go fóill, buidheachas le Dia. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services