Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL.
D'innis Éamonn Óg sgéal eile dúinn fá mar tógadh
an chead tséipéal in Árd-a'-Rátha; sé sin, i ndiaidh
aimsire na ndlightheadh bpianasach. Bhí sagart san áit
sin acht cha raibh séipeal no teach pobail aige acht
amháin sgalán ar taoibh cnoic & b'éigin do bheirt nó
triúr de bhuachaillibh gasta furacht taoibh amuich de'n
sgalán & giota maith uaidh, ar árdánaibh, ag faire chomh
fhad is bhí an t-Aifrionn dá léigheadh & dá dtigeadh
tóir ar bith fuagairt a thabhairt do na daoinibh, & don
tsagart, i modh go dteichfeadh siad araon. Tá
tuairim agam nach raibh mórán measa ag buicínibh na
háite ar an tsagart sin óir b'é an t-ainm tugadh air
go ghnáthach, acht “Páidín.” Ar a shon sin cha raibh
mórán námhad ag Páidín mar ba dhuine cneasta
cráibhtheach é, a thug aire dá ghnó féin & nach ndearna
olc nó urchóid do dhuine ar bith. Is cosmhail go mbiadh
sé ag dinéir anois is arís ag na tighthibh móra fá 'n
áird sin. Bíodh sin mar a bhí sé, bhí Páidín uair amháin
ag dínéir i dtigh Curnal Neisbitt i ndeas d'Ard-a'
Rátha & bhí an Ministir i láthair & daoine móra nach é,
& thoisigh siad ag magadh fá 'n tsagart & an cumhacht
spioradálta a bhí aige (mar dh'eadh) no réir a
dtuairme-sin; & d'iarr duine éinteacht ar Pháidín
an diabhal do thógaint go bhfeicfadh siad é. Char leig
an sagart air féin go ndeanfadh sé a leithéid ar
dtús, acht chuir said sárughadh isteach ag iarraidh air
an rud aisteach sin do dhéanamh. Fá dheireadh thug sé
isteach a dhéanamh, thoisigh sé ar urnaigheadh & chá raibh
sé i bhfad ag urnaigh nuair a bhí an sean-bhitheamhnach i
láthair i na measg. Léim siad uilig 'na seasamh &
as go bráthach leobhtha amach ar an doras. Char fágadh
duine sa' tigh ag Curnal Neisbitt acht an sean-diabhal.
Lean an Curnal iad chomh luath is b'fhéidir dó faghbháil
amach. Rug sé ar Pháidín sa' tsráid & d'iarr air mar
gheall ar an Righ, teacht arais & an diabhal do díbirt
arís. “Cha deanaim” arsa Páidín, “mar bhí saothar
go leor agam é thabhairt an siúd, & cead ag an
Ministir é a dhíbirt. Chuaidh Curnal Neisbitt ó ionns'
ar an Ministir acht cha n-éisteochadh an Ministir
leis ar chor ar bith acht d'imthigh leis; an méid a bhí
i na chnámhaibh, & chuaidh i bhfolach i na thigh féin.
Tháinig Curnal Neisbitt arais do Pháidín & chuir gach
aon chineal d' athchuinghibh air, gan an deolach údaigh
d'fhágbháil aige-sean, óir gur mhíosuaimhneach an peata
é fá thigh ar bith.
Thug an sagart isteach, 'sa' deireadh, an diabhal do
ruaigeadh, & chuaidh arais gur léigh sé oifig, & gur imthigh
an diabhal arais go hiffrionn is dóighthe. Sé an
ceangal a chuirfinn-se leis an sgéal seo gur fusa an
diabhal a thógaint ná a chosgairt arís. Acht bhí Curnal
Neisbitt chomh sásta sin leis an tsagart mar gheall
nár fhág sé an diabhal in a phárlais leis ó shoin, gur
bhroinn sé áit tigh pobail dó, & gur chuidigh sé leis an
t-airgead do chruinniughadh & an teach pobail do thóg-
bháil in Árd-'a-Rátha, & do réir tuaraisge Éamoinn Óig
sin mar cuireadh an chéad tséipéal ar bun san áird
sin.
Ceapadh linn sgoruidheacht a bheith againn in Árd-a'-
Ratha an oidhche sin, & b'éigin dúinn teach Éamoinn Óig
d'fhágbháil go luath, sé sin, fá tuairim a sé a chlog.
Thar a bheith sin, d'fhágamar slán ag muintir an tighe &
thug siad cuireadh féileach dúinn dul arais uair ein-
teach eile. Bhí an oidhche dorcha & an bealach tuisleanach
sleamhain, óir tháinig coscairt ar an sioc a bhí ann an
oidhche roimhe sin, & bhí salachar mór ar na casanaibh, &
bhí na slodáin lán d'uisge. Tháinig mac Éamoinn Óig
linn .i. buachaill óg gasta & lóchrann lasta in a láimh
aige. 'A b' sin ní shaoilim go dtiocfainn féin slán
go dtí' n bealach mór. Tá Diarmuid 'na bhuachaill óg
stráiceamhail & léim sé tar na díogaibh & tar na
claidhthibh, acht b'éigin damh-sa siubhal go socair. Tháinig
mé anuas ar mo mhuin cúpla feacht fosda, acht char
marbhadh mé mar tá mé ann seo go fóill, buidheachas
le Dia.
Cú Uladh.