Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL B'fhéidir go bhfuil roinnt dod' chuid léighthóirí nar bhfios dóibh cad fáth ar tugadh Tírchonaill ar Thírchonaill ar dtus. B'fhéidir nachar fios dóibh go cruinn cé hé Conall nó goidé an bhaint a bhí aige le Tírchonaill. Ba mhac do Niall Naoi nGiollaigh .i. Árd Rí Éireann, an Conall sin. Marbhadh Fiacha, oide Chonaill le muintir na dtuaithe sin, agus chuaidh Conall agus a thriúr dearbhráthrach agus sluagh mór leo, gur imir siad díoghaltas ar lucht marbhtha Fhiacha. Chan eadh sin uilig é, acht dalta na Sacsanaigh, san aimsir seo, ghreamaigh na ceithre dearbh- rathacha do'n méid é sin, agus nuair a roinn siad é bhí dúthaigh mhaith ag gach aon dhuine aca. Fuair Eoghan léab talmhan ar oirthear na dúithche ar ghabhadh agus mar gheall ar a cheannas tugadh Tír-Eoghain ar an dúthaigh sin go dtí an lá indiu. Fuair Conall Tírchonaill, acht amháin an roinnt dí atá idir Loch Suiligh soir agus an Bearnas Mór siar, agus idir an Lifear fá dheas agus Leitirceannain fá thuaidh, agus tugadh an roinnt seo d'Enna agus tugadh Tír Enna ar an tír seo, acht slugadh suas i dTírchonaill í 'sa deireadh. Fuair Cáirbre dúthaigh dhó féin, ar an deisceart, mar atá an Condae Sligigh anois ann. Is cosmhail nach raibh siad araon ró-shásta leis an méid a fuair siad. Tá dán fada ag Giolla Bríghde Mac Conmidhe ag cur síos dúinn dáil agus conspóid do bhí idir Conall agus Eoghan “a mullach Droma Cruachain” (i n-aice na Liffire) fá dtaoibh de theorannaibh a gcuid talmhan. Is cosmhail nár chuir Naomh Pádraig i n-éadán lucht gabhla talmhan (land grabbers) chomh trom is ghnímíd ins na laethibh seo, óir inniseann an Giolla Bríghde céadna dúinn i ndán eile, go dtug Naomh Pádraig cuairt ar Chonall Gulban agus thug Baisdeadh dhó (bhí Conall 'na Pháganach go dtí sin). Níos mó na sin, thug Naomh Pádraig pronntanas do Chonall, .i. sgiath agus bachall mar chomharthaibh gur ceart dó bheith mar fhosgadh agus dídion do chumhachtaibh na hEaglaise. Do bhreacaigh Naomh Pádraig san am céadna, sgiath Chonaill leis an “mBachall Íosa” agus rinne comhartha na croiche naomhtha uirri, agus thug gealladh do Chonall go bhfuighbheadh a shliocht i gcomhnuidhe buaidh ar a náimhdibh dá n-iomchuróchadh siad an comhartha so leo i dtroid chóir. Is iomdha uair rug sliocht Chonaill buaidh ó shoin, acht faraor is iomdha uair fosda ar briseadh an cath orra. B'fhéidir go ndeárna siad dearmad de'n chroich no b'fhéidir nach raibh an chúis chóir aca. Ag Dia tá fhios. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services