Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL



B'fhéidir go bhfuil roinnt dod' chuid léighthóirí nar
bhfios dóibh cad fáth ar tugadh Tírchonaill ar Thírchonaill
ar dtus. B'fhéidir nachar fios dóibh go cruinn cé hé
Conall nó goidé an bhaint a bhí aige le Tírchonaill.
Ba mhac do Niall Naoi nGiollaigh .i. Árd Rí Éireann, an
Conall sin. Marbhadh Fiacha, oide Chonaill le muintir
na dtuaithe sin, agus chuaidh Conall agus a thriúr dearbhráthrach
agus sluagh mór leo, gur imir siad díoghaltas ar lucht
marbhtha Fhiacha. Chan eadh sin uilig é, acht dalta na
Sacsanaigh, san aimsir seo, ghreamaigh na ceithre dearbh-
rathacha do'n méid é sin, agus nuair a roinn siad é bhí dúthaigh
mhaith ag gach aon dhuine aca. Fuair Eoghan léab
talmhan ar oirthear na dúithche ar ghabhadh agus mar gheall
ar a cheannas tugadh Tír-Eoghain ar an dúthaigh sin go
dtí an lá indiu. Fuair Conall Tírchonaill, acht amháin
an roinnt dí atá idir Loch Suiligh soir agus an Bearnas
Mór siar, agus idir an Lifear fá dheas agus Leitirceannain fá
thuaidh, agus tugadh an roinnt seo d'Enna agus tugadh Tír
Enna ar an tír seo, acht slugadh suas i dTírchonaill í
'sa deireadh. Fuair Cáirbre dúthaigh dhó féin, ar an
deisceart, mar atá an Condae Sligigh anois ann. Is
cosmhail nach raibh siad araon ró-shásta leis an méid a
fuair siad. Tá dán fada ag Giolla Bríghde Mac
Conmidhe ag cur síos dúinn dáil agus conspóid do bhí
idir Conall agus Eoghan “a mullach Droma Cruachain”
(i n-aice na Liffire) fá dtaoibh de theorannaibh a gcuid
talmhan.



Is cosmhail nár chuir Naomh Pádraig i n-éadán lucht
gabhla talmhan (land grabbers) chomh trom is ghnímíd
ins na laethibh seo, óir inniseann an Giolla Bríghde
céadna dúinn i ndán eile, go dtug Naomh Pádraig
cuairt ar Chonall Gulban agus thug Baisdeadh dhó (bhí
Conall 'na Pháganach go dtí sin). Níos mó na sin, thug
Naomh Pádraig pronntanas do Chonall, .i. sgiath agus
bachall mar chomharthaibh gur ceart dó bheith mar fhosgadh
agus dídion do chumhachtaibh na hEaglaise. Do bhreacaigh
Naomh Pádraig san am céadna, sgiath Chonaill leis an
“mBachall Íosa” agus rinne comhartha na croiche naomhtha
uirri, agus thug gealladh do Chonall go bhfuighbheadh a shliocht
i gcomhnuidhe buaidh ar a náimhdibh dá n-iomchuróchadh
siad an comhartha so leo i dtroid chóir. Is iomdha
uair rug sliocht Chonaill buaidh ó shoin, acht faraor is
iomdha uair fosda ar briseadh an cath orra. B'fhéidir
go ndeárna siad dearmad de'n chroich no b'fhéidir nach
raibh an chúis chóir aca. Ag Dia tá fhios.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services