Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An t-Iasgaire agus an File.
Title
An t-Iasgaire agus an File.
Author(s)
P.O.C.,
Pen Name
P.O.C.
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An t-Iasgaire agus an File. Tá daoine ann, agus ní léir dhóibh i sgeigh acht na deilig- ní, nó i dtír áluinn deagh-radharcach acht na carn-aoiligh. Tá rud éigin ar a n-intinn nach leigeann dóibh na rudaí maithe d'fheicsint agus a chuireas rompa go follusach na rudaí dona gránna. Gidh go bhfuil siad dall ar slighe áirithe feiceann siad go maith áilneacht agus deiseacht atá i rudaíbh eile. Ní féidir leó an t-ór agus an miotal do roinnt ó chéile: ní chuimhnigheann siad go bhfuil san domhan so an t-olc agus an maith, go bhfuil siad tríd na chéile, agus go minic, nach féidir iad do sgaradh. Duine do na daoinibh seo do b'eadh Seaghán Ua Gríobhtha. Fear meabhrach do bhí ann, acht mar sin féin ní raibh mórán tuigsint aige ar neithibh áirithe. Ní raibh
aon mheas aige ar mhuintir na tuaithe, orra féin ná ar a mbeathaidh ná ar a nósaibh. B'fhearr leis go mór muintir na cathrach. Shaoil sé nach raibh i muintir na tuaithe, nó i gcuid aca, acht daoine suaracha, gan mheabhair gan tuigsint, agus gan filidheacht. Níor thuig sé iad ar aon chor. Acht gidh go mb'fhearr leis muintir na cathrach ní raibh grádh aige ar a nósaibh. Bhí an ghráin aige ar an tseóiníneacht, agus ar an bhfeall a bhí mór-thimcheall air, san mbaile mór. Ar an adhbhar sain badh mhaith leis dul go háit uaigneach chum a smaointe féin a leana- mhaint, agus chum sólás do bheith aige. 'Sé an áit do cheap sé amach dhó féin, Co. na Gaillimhe. Agus chuaidh sé ann gan mhoill. Bhí sé 'na lá bhreagh san tsamhradh agus é ag siubhal dhó féin go réidh idir Coill-Sáile agus Ros dá Locha, agus do réir an mhaide láidir do bhí 'na láimh aige, agus na bróga leathan-sálach do bhí faoi, shaoileadh duine go raibh ais- tear fada air. Acht dá bhfairfeadh duine níos fearr é, d'fheiceadh sé nach raibh san ngléas coiseachta so acht leithsgéal le dul san uaigneas, agus a smaointe féin do leanamhaint in gach bealach. Bhí sé ag smaoineadh dhó féin, agus ag imtheacht roimhe, nuair a chonnaic sé faoi dheireadh go raibh sé dul amudha. Ní raibh mórán deifir air, agus bhí fhios aige go raibh sé chomh maith dhó bheith shuas ar Chnoc an Daimh ag féachaint ar an deagh-radharc a bhí shíos faoi, le bheith i n-áit ar bith eile. Agus bhí an radharc go breagh go cinnte. Bhí sléibhte móra garbha fraochmhara, gleannta fada, deasa, agus an mhuir mhór 'ghá leathnughadh féin amach uaidh, agus é chomh comhthrom le sgáthán. 'Na luighe ar an bhfraoch, an aiteann agus an tuighe ag éisteacht le glór na n-éan agus cogar na sruth, chuimhnuigh sé go raibh daoine san tsaoghal so a bhí tughtha suas d'obair chruaidh, d'ór agus d'airgead. Bhíodar mar 'deir Seaghan taobh amuigh do fhlaitheas i n-ar chomhnuigh sé féin — flaitheas na bhfile a thug sé air. Is gearr gur tháinic fear suas leis, agus tar éis beann- ughadh dhó, d'iarr Seaghan an raibh sé i bhfad as Ros dá Locha. “Ros dá Locha!” ars' an fear, “badh mhaith liom gan a bheith orm siubhal ann sin anocht tá sé fíche míle as so go cinnte.” Ní raibh fhios ag Seaghan cad do bhí le déanamh aige, acht thug an fear lóistín na hoidhche dhó. Ghabh Seaghan buidheachas leis agus shiubhal siad rómpa. Fear mór láidir leathan do bhí san bhfear so. Bhí sé 'na iasgaire dar le Seaghan agus sé an t-ainm do thugaidís air Séamas an Fhioláin. Bhí mórán cainte aca ar an mbealach a bhaile agus mheas Seaghan gan mhoill go raibh sé 'na dhuine shuarach. Chuaidh siad isteach a bhaile, agus bhí áthas mór ar na páisdibh roimh Shéamas. Thoisigheadar ag glaodhach amach “a dhada! a dhada!” agus ag iarraidh póg do thabhairt dhó. Bhí an seomra beagán dorcha, agus ghlaodh Séamas amach os árd ar Shíle! Shíle! D'fhreagair guth beag lag sa gcúínne é; rith sé suas go dtí í, agus phóg sé í. Ní raibh innte acht páisde beag lag tanaidh gan ar a cnámhaibh acht an croiceann. Ní raibh fhios ag aon duine cia'n saghas galar a bhí uirri. Bhí ceann mór, súile beaga dubha, agus guailní árda caola aice, agus í chomh bán le bráithlín. “A Mháire,” ar Seaghan “bhfuil aon bhiseach uirri ó d'imthigh mé?” “Ní'l a Shéamas,” ar Mháire, “tá an tinneas cinn i gcomhnuidhe uirri, ní bheidh biseach go deó uirri tá faitchíos orm.” “Beidh! beidh! ní'l dochar ann,” ar Síle, “tá an phian imthighthe indiu agus measaim go bhfuil mé chomh slán — chomh slán leatsa.” Chuir Séamas síos ar an dtalamh í, bhreathnuigh sé uirri go truaighmhéileach, agus dubhairt sé le na mhnaoi gur shaoil sé go raibh sí dul i láidreacht. “Sí an páisde is óige do bhí agam í agus níl agam acht í anois,” arsa Séamas, “tá tinneas ar a colainn acht is meabhrach an páisde í.” “Amanta,” ar Séamas, “bím ag ceapadh gur chuir Dia chugainn í faoi n-ár bpeacaibh, acht arís nuair a chuimhnighim gur bh'í sólás an tighe í Síle, nár bh'féidir linn maireachtáil gan í, measaim gur brontanas mór í. Tá sí dona go leór anois, tinn go leór; lag go leór; tá sí gan bhrígh, gan téagar acht is fearr liom-sa í ná ór.” Ar maidin lá 'r na bhárach d'imthigh Seaghán as tigh an deagh-fhir seo. Bhí braon trom ar a chroidhe ag imtheacht dó. Ba mhó an meas a bhí aige ar na daoinibh seo anois ná an uair a tháinic sé. Mhúin siad ceacht dhó — bhí fhios aige anois go bhfuil daoine maithe croidheamhla, ag a raibh smaointe árda agus croidhthe fiala móra in gach tír agus imeasg gach pobal. Seadh, deir sé leis féin, agus é ag imtheacht, bhí cleachta agam breitheamhnas réidh, gan adhbhar, gan fáth do thabhairt agus mar sin de is minic a chaith mé uaim an miotal gan cuimhniughadh go raibh go leór óir tríd. P.O.C.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services