Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An t-Iasgaire agus an File.

Title
An t-Iasgaire agus an File.
Author(s)
P.O.C.,
Pen Name
P.O.C.
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An t-Iasgaire agus an File.



Tá daoine ann, agus ní léir dhóibh i sgeigh acht na deilig-
ní, nó i dtír áluinn deagh-radharcach acht na carn-aoiligh.
Tá rud éigin ar a n-intinn nach leigeann dóibh na rudaí
maithe d'fheicsint agus a chuireas rompa go follusach na
rudaí dona gránna. Gidh go bhfuil siad dall ar slighe
áirithe feiceann siad go maith áilneacht agus deiseacht atá
i rudaíbh eile. Ní féidir leó an t-ór agus an miotal do
roinnt ó chéile: ní chuimhnigheann siad go bhfuil san
domhan so an t-olc agus an maith, go bhfuil siad tríd na
chéile, agus go minic, nach féidir iad do sgaradh.



Duine do na daoinibh seo do b'eadh Seaghán Ua
Gríobhtha. Fear meabhrach do bhí ann, acht mar sin féin
ní raibh mórán tuigsint aige ar neithibh áirithe. Ní raibh


L. 627


aon mheas aige ar mhuintir na tuaithe, orra féin ná ar
a mbeathaidh ná ar a nósaibh. B'fhearr leis go mór
muintir na cathrach. Shaoil sé nach raibh i muintir na
tuaithe, nó i gcuid aca, acht daoine suaracha, gan mheabhair
gan tuigsint, agus gan filidheacht. Níor thuig sé iad ar
aon chor. Acht gidh go mb'fhearr leis muintir na cathrach
ní raibh grádh aige ar a nósaibh. Bhí an ghráin aige ar an
tseóiníneacht, agus ar an bhfeall a bhí mór-thimcheall air,
san mbaile mór. Ar an adhbhar sain badh mhaith leis
dul go háit uaigneach chum a smaointe féin a leana-
mhaint, agus chum sólás do bheith aige. 'Sé an áit do cheap
sé amach dhó féin, Co. na Gaillimhe. Agus chuaidh sé
ann gan mhoill.



Bhí sé 'na lá bhreagh san tsamhradh agus é ag siubhal dhó
féin go réidh idir Coill-Sáile agus Ros dá Locha, agus do
réir an mhaide láidir do bhí 'na láimh aige, agus na bróga
leathan-sálach do bhí faoi, shaoileadh duine go raibh ais-
tear fada air. Acht dá bhfairfeadh duine níos fearr
é, d'fheiceadh sé nach raibh san ngléas coiseachta so acht
leithsgéal le dul san uaigneas, agus a smaointe féin do
leanamhaint in gach bealach. Bhí sé ag smaoineadh dhó
féin, agus ag imtheacht roimhe, nuair a chonnaic sé faoi
dheireadh go raibh sé dul amudha. Ní raibh mórán
deifir air, agus bhí fhios aige go raibh sé chomh maith dhó bheith
shuas ar Chnoc an Daimh ag féachaint ar an deagh-radharc
a bhí shíos faoi, le bheith i n-áit ar bith eile. Agus bhí an
radharc go breagh go cinnte. Bhí sléibhte móra garbha
fraochmhara, gleannta fada, deasa, agus an mhuir mhór 'ghá
leathnughadh féin amach uaidh, agus é chomh comhthrom le
sgáthán.



'Na luighe ar an bhfraoch, an aiteann agus an tuighe ag
éisteacht le glór na n-éan agus cogar na sruth, chuimhnuigh
sé go raibh daoine san tsaoghal so a bhí tughtha suas
d'obair chruaidh, d'ór agus d'airgead. Bhíodar mar 'deir
Seaghan taobh amuigh do fhlaitheas i n-ar chomhnuigh sé
féin — flaitheas na bhfile a thug sé air.



Is gearr gur tháinic fear suas leis, agus tar éis beann-
ughadh dhó, d'iarr Seaghan an raibh sé i bhfad as Ros dá
Locha.



“Ros dá Locha!” ars' an fear, “badh mhaith liom gan
a bheith orm siubhal ann sin anocht tá sé fíche míle as so
go cinnte.”



Ní raibh fhios ag Seaghan cad do bhí le déanamh aige,
acht thug an fear lóistín na hoidhche dhó. Ghabh Seaghan
buidheachas leis agus shiubhal siad rómpa. Fear mór
láidir leathan do bhí san bhfear so. Bhí sé 'na iasgaire
dar le Seaghan agus sé an t-ainm do thugaidís air Séamas
an Fhioláin.



Bhí mórán cainte aca ar an mbealach a bhaile agus mheas
Seaghan gan mhoill go raibh sé 'na dhuine shuarach.



Chuaidh siad isteach a bhaile, agus bhí áthas mór ar na
páisdibh roimh Shéamas. Thoisigheadar ag glaodhach amach
“a dhada! a dhada!” agus ag iarraidh póg do thabhairt dhó.
Bhí an seomra beagán dorcha, agus ghlaodh Séamas amach
os árd ar Shíle! Shíle!



D'fhreagair guth beag lag sa gcúínne é; rith sé suas
go dtí í, agus phóg sé í.



Ní raibh innte acht páisde beag lag tanaidh gan ar
a cnámhaibh acht an croiceann. Ní raibh fhios ag aon
duine cia'n saghas galar a bhí uirri. Bhí ceann mór,
súile beaga dubha, agus guailní árda caola aice, agus í chomh
bán le bráithlín.



“A Mháire,” ar Seaghan “bhfuil aon bhiseach uirri ó
d'imthigh mé?”



“Ní'l a Shéamas,” ar Mháire, “tá an tinneas cinn
i gcomhnuidhe uirri, ní bheidh biseach go deó uirri tá
faitchíos orm.”



“Beidh! beidh! ní'l dochar ann,” ar Síle, “tá an
phian imthighthe indiu agus measaim go bhfuil mé chomh slán —
chomh slán leatsa.”



Chuir Séamas síos ar an dtalamh í, bhreathnuigh sé
uirri go truaighmhéileach, agus dubhairt sé le na mhnaoi gur
shaoil sé go raibh sí dul i láidreacht.



“Sí an páisde is óige do bhí agam í agus níl agam acht
í anois,” arsa Séamas, “tá tinneas ar a colainn acht
is meabhrach an páisde í.”



“Amanta,” ar Séamas, “bím ag ceapadh gur chuir
Dia chugainn í faoi n-ár bpeacaibh, acht arís nuair a
chuimhnighim gur bh'í sólás an tighe í Síle, nár bh'féidir
linn maireachtáil gan í, measaim gur brontanas mór í.
Tá sí dona go leór anois, tinn go leór; lag go leór;
tá sí gan bhrígh, gan téagar acht is fearr liom-sa í ná
ór.”



Ar maidin lá 'r na bhárach d'imthigh Seaghán as tigh an
deagh-fhir seo. Bhí braon trom ar a chroidhe ag imtheacht
dó. Ba mhó an meas a bhí aige ar na daoinibh seo anois
ná an uair a tháinic sé. Mhúin siad ceacht dhó — bhí fhios
aige anois go bhfuil daoine maithe croidheamhla, ag a
raibh smaointe árda agus croidhthe fiala móra in gach tír agus
imeasg gach pobal. Seadh, deir sé leis féin, agus é ag
imtheacht, bhí cleachta agam breitheamhnas réidh, gan
adhbhar, gan fáth do thabhairt agus mar sin de is minic a
chaith mé uaim an miotal gan cuimhniughadh go raibh go
leór óir tríd.



P.O.C.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services