Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Dá Éirinn
Title
An Dá Éirinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 30, 1901. Is bocht linn a lán eile Sgéalta bheith le n-innsint againn, agus gan áit le na gcur. An Dá Éirinn. Tá dhá Éirinn againn fá láthair san Oileán so, Éire na nGaedheal, agus Éire na mBéarlóirí. Comhnuigheann furmhór na mBéarlóirí amach fá an tuaith ins an áit a labharthar an Ghaedhilg go coitcheannta anois, agus tá siad ag iarraidh na Gaedhilge (anam na tíre) do chur chum báis. Tá sagairt, agus dlightheórí orra, máighistirí sgoile agus baill feise, lucht cleasuidheachta agus daoine galánta, a bhfuil siopaí aca, agus ar a dtugtar Seóiníní go minic. Is fíor-chórr-dhuine de mhuinntir Sheóinín seo, a bhfuil broid ann steamar maitheasa a dhéanamh acht ag úta- máil leis, i n-aineólas ó bhliadhain go bliadhain mar bhéadh an cláiríneach ar stóilín. Tá an teanga Ghaedh- ilge aige, acht an spioraid Ghallda, agus mar nach bhfuil ann mórán a dhéanamh ar a aghaidh féin, ná as féin, caithfidh sé, ar nós an pháisde aithris a dhéanamh ar dhuine éigin eile. Níl amhras ar bith aige nach hé an Sasanach agus an Béarlóir an fear is fearr fá an domhan, agus ní'l meas trumpa gan teangaidh aige ar aon Ghaedhilgeóir Gaedhealach. Ní dóigh linn, ar a shon sain, gurab iad so is cionntach ar fad, cidh gurab iad díogh na bhfear iad, mar nach bhfuaireadar an t-oideachas a thuigfidís, agus dalladh an mheabhair a bhí ionnta nuair bhíodar ar sgoil, agus an chuid aca ar eirigh leó gan a ndalladh, ní raibh aon tsuim aca ó nádúr ins an sgéal a hinnseadh dhóibh. Sin iad an dream atá ag iarraidh sinn a dhéanamh níos Gallda ná an Gall féin. Féach an dream eile anois. Bhéarfaidís na céadta acht an oiread Gaedhilge bheith aca, agus tá ag an nGaedhil- geóir is suathraigh agus is boichte i n-Éirinn. Tá a bhfurmhór n-a gcomhnuidhe ins na bailtibh móra, acht nuair bhíos an t-am aca tugann siad ruathar amach fá thír na Gaedhilge ag iarraidh na Gall-Gaedhil atá annsin a athrughadh ar dheágh-staid. Dhá mbéidís thuas i nDún na nGall, nó thiar i gConnamara, nuair bhí Sasanaigh bradacha de bhallaibh feise ag labhairt an Bhéarla ruaigfidís na tútacáin shalacha amach as an bparáiste le cith clocha. Sin iad an dá dhream atá againn anois, gach dream aca ag iarraidh na teangan atá ag an dream eile d'fhaghail. Níl aon amhras nach gcaithfear teanna agus fógra a chur leis an obair ar thaoibh na nGaedheal. Ní bheadh buillí ion-cháinte ar uairibh, acht dhá ndéanfadh beart ar bith eile gnó, níl buillí ionmholta. Is mór an aicíd atá le leigheas, agus ní mór an phurgáid bheith dhá réir. Nuair bhíos an aicíd glic (mar bhíos sí nuair siad ar gcáirde tá ar seachmall) ní fuláir dhúinn a bheith glic agus gan claonadh mar gheall ar iad a bheith 'na gcáirdibh. Cé hé fíor-chara na teangan? An té a chuirfeas obair na teangan i dtosach ar gach obair- náisiúnta eile. Sin é amháin an fíor-chara, agus is iomdha ball de'n Chonnradh againn nach bhfuil sáthach dílis fós. Tá sé chomh maith dhóibh, i n-ainm Dé, crudh chur i na thosach, agus obair na teangan a chur i dtosach ar obair ar bith eile. “Anom tire a teanga.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services