Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Dá Éirinn

Title
An Dá Éirinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Samhain 30, 1901.



Is bocht linn a lán eile Sgéalta bheith le n-innsint
againn, agus gan áit le na gcur.



An Dá Éirinn.



Tá dhá Éirinn againn fá láthair san Oileán so, Éire
na nGaedheal, agus Éire na mBéarlóirí. Comhnuigheann
furmhór na mBéarlóirí amach fá an tuaith ins an áit a
labharthar an Ghaedhilg go coitcheannta anois, agus tá siad
ag iarraidh na Gaedhilge (anam na tíre) do chur chum
báis. Tá sagairt, agus dlightheórí orra, máighistirí sgoile
agus baill feise, lucht cleasuidheachta agus daoine galánta,
a bhfuil siopaí aca, agus ar a dtugtar Seóiníní go minic.
Is fíor-chórr-dhuine de mhuinntir Sheóinín seo, a bhfuil
broid ann steamar maitheasa a dhéanamh acht ag úta-
máil leis, i n-aineólas ó bhliadhain go bliadhain mar
bhéadh an cláiríneach ar stóilín. Tá an teanga Ghaedh-
ilge aige, acht an spioraid Ghallda, agus mar nach bhfuil
ann mórán a dhéanamh ar a aghaidh féin, ná as féin,
caithfidh sé, ar nós an pháisde aithris a dhéanamh ar dhuine
éigin eile. Níl amhras ar bith aige nach hé an Sasanach
agus an Béarlóir an fear is fearr fá an domhan, agus ní'l
meas trumpa gan teangaidh aige ar aon Ghaedhilgeóir
Gaedhealach. Ní dóigh linn, ar a shon sain, gurab iad so is
cionntach ar fad, cidh gurab iad díogh na bhfear iad,
mar nach bhfuaireadar an t-oideachas a thuigfidís, agus
dalladh an mheabhair a bhí ionnta nuair bhíodar ar sgoil,
agus an chuid aca ar eirigh leó gan a ndalladh, ní raibh aon
tsuim aca ó nádúr ins an sgéal a hinnseadh dhóibh. Sin
iad an dream atá ag iarraidh sinn a dhéanamh níos
Gallda ná an Gall féin.



Féach an dream eile anois. Bhéarfaidís na céadta
acht an oiread Gaedhilge bheith aca, agus tá ag an nGaedhil-
geóir is suathraigh agus is boichte i n-Éirinn. Tá a bhfurmhór
n-a gcomhnuidhe ins na bailtibh móra, acht nuair bhíos an
t-am aca tugann siad ruathar amach fá thír na Gaedhilge
ag iarraidh na Gall-Gaedhil atá annsin a athrughadh ar
dheágh-staid. Dhá mbéidís thuas i nDún na nGall, nó
thiar i gConnamara, nuair bhí Sasanaigh bradacha de
bhallaibh feise ag labhairt an Bhéarla ruaigfidís na
tútacáin shalacha amach as an bparáiste le cith clocha.



Sin iad an dá dhream atá againn anois, gach dream
aca ag iarraidh na teangan atá ag an dream eile
d'fhaghail. Níl aon amhras nach gcaithfear teanna agus
fógra a chur leis an obair ar thaoibh na nGaedheal. Ní
bheadh buillí ion-cháinte ar uairibh, acht dhá ndéanfadh
beart ar bith eile gnó, níl buillí ionmholta. Is mór an
aicíd atá le leigheas, agus ní mór an phurgáid bheith dhá
réir. Nuair bhíos an aicíd glic (mar bhíos sí nuair siad
ar gcáirde tá ar seachmall) ní fuláir dhúinn a bheith
glic agus gan claonadh mar gheall ar iad a bheith 'na
gcáirdibh. Cé hé fíor-chara na teangan? An té a
chuirfeas obair na teangan i dtosach ar gach obair-
náisiúnta eile. Sin é amháin an fíor-chara, agus is iomdha
ball de'n Chonnradh againn nach bhfuil sáthach dílis fós.
Tá sé chomh maith dhóibh, i n-ainm Dé, crudh chur i na
thosach, agus obair na teangan a chur i dtosach ar obair ar
bith eile. “Anom tire a teanga.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services