Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá na nAmadán (ar lean)
Title
Lá na nAmadán (ar lean)
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cuchulainn
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
(So Dráma aoin-ghnímh do sgríobh “Cuchulainn” le haghaidh Oireachtais na bliadhna so.) Lá na nAmadán An Fhuireann Mícheál (Mangaire), Constábla, Meirgeach (Déirceóir), Seaghan Crón, Neill (Cailín aimsire), Bean Sheaghain, Sáirseant, Brighid (Inghíon-Sheaghain). Brighid. — Airiu! táid ag teacht: féach anuas árd an bhóthair iad ar a gcromruathar. Mícheál (Ag preabadh 'na sheasamh agus ag caitheamh a mhála ar a dhruim). — Caithfead imtheacht, mar sin: beidh radharc aca orm agus mé ag dul amach ar an mbóthar. (Imthigheann) AN CÚIGEADH RADHARC An Bóthar. (Tig Mícheál ó thaobh; an constábla agus an sáirseant ó'n taobh eile. Beireann an chonstábla ar Mhícheál agus tosnuigheann ag cur an cheangail-lámh air. Tógann an sáirseant an mála, agus cuireann ar an talamh é.) Mícheál. — Cad tá uaibh airiu? Cad é an rud atá déanta as an tslíghe agam in aon-chor?
An Con. — Nach símplidhe ataoi anois, a mhangaire bhreagh shúgach! 'Neósfamaoid duit é ar ball. An Sáir. — Gabhamaoid thú in ainm an riogh. Tá tú ag díol phoitín; tá sé id' sheilbh anois. Cad is ainm duit? Mícheál. — Mícheál Breathnach, a sháirsint. Acht ní'l aon-phoitín agam; is bréag é, pé duine d'innis duit é. (Beireann an sáirseant ar an mála, cuireann a lámh isteach, tógann amach sean-chóta agus annsain sean-léine, agus máilín plúir 'na dhiaidh sin; féachann ar an gcon- stábla. Annsain, tógann suas an mála, dóirteann a bhfuil de phrátaibh ann, agus caitheann an mála ar an talamh.) An Sáir. (Go feargach). — Tá diabhal éigin ag imirt cleas indiu orrainn. (Leis an gconstábla). Cuarduigh é, agus féach an bhfuil aoin-nídh air. (Cuarduigheann agus fághann sé píosa beag tobac, bosga lasóg, agus dhá sgilling i bpráis.) Mícheál. — Cad chuige an cuardughadh so? Och! Dia linn! fear bocht mar mise. Cad tá déanta agam? Ní dleaghthach mo ghabhail mar so. (Tig Seaghan Crón.) Seaghan. — Cad é an t-éirleach é so, atá déanta agaibh? Mícheál. — Féach ar so mar obair nach deas í. Déirteoir bocht mar mise. Féach ar mo phrátaíbh go léir sgaipthe ar fud an bhóthair. An Sáir. — B'fhéidir go bhfuil dearmad déanta againn. Acht, cuireadh ar lorg mangaire sinn; fuaras fios go raibh sé id' thigh-se a Sheaghain; chonnac an duine so ag teacht amach as do thigh, agus bhíos cinnte gurb é an mangaire é. Seaghan. — Ní raibh aon-mhangaire im' thigh-se. Tháinig an duine bocht so isteach tímcheall leath-uair ó shoin, acht ní fhaca aon-mhangaire; tá dearmad ort a sháirsint. Cia chuir ar lorg an mhangaire so sibh? An Sáir. — Tháinig sé isteach go dtí an barraic, cúpla uair ó shoin. Ní rabhamar istigh, acht chuir Neill ar a lorg sinn; chuadhmar 'na dhiaidh agus tángamar suas le duine thall annsain; bhí sé díreach do réir na gcómharthaí a fuaramar ó Neill agus bhíos cinnte gurbh é an mangaire é, acht, ní raibh ann acht bacach. Mheasas annsain go raibh Neill ag déanamh amadáin dínn agus d' fhilleamar abhaile. Ní rabhamar ceathramhadh-uaire istigh, amhach, nuair a tháinig mo bhacach le n-a sgéal go bhfaca sé an mangaire ag dul isteach chum do thigh-se. Siúd 'na dhiaidh arís linn agus atámaoid anois annso, níos measa 'ná bhídheamar ar dtús. Seaghan. — Agus, cad é an choir atá curtha i leith an mhangaire so, go bhfuil sibh 'na dhiaidh chomh dían sin? An Sáir. — Tá sé ag díol phoitín, agus dubhairt an bacach nach raibh aon-chead aige a bheith 'na mhangaire leis, ag siubhal tríd an tír. Seaghan (ag leigint smigeadh gáire as). — Tuigim an sgéal go léir anois. Airiu! a sháirsint chroidhe nach dóigh leat go raibh an mangaire úd an-shímplidhe agus a dhul isteach go dtí an barraic mar dhallán. Nach dóigh leat go mb'fhéidir go mbéadh bacach úd i n-aoin- feacht le Neill, ag déanamh amadán díbh. (Ag sgartadh ar gháiríbh). An bhfuil fhios agat gurab é lá na namadán an lá indiu? Mícheál. — Muna bhfuil aon rud déanta as an slíghe agam-sa, cad chuige mé bheith ceangailte mar so? An Sáir. — Bog an ceangal-lámh sin de, agus tar abhaile, is ná bíodh na daoine ag magadh fúinn. (Bogann an constábla an ceangal-lámh de. Imthigheann an sáir- seant le n-a linn sin, imthigheann an constábla 'na dhiaidh.) Seaghan. — Go n-eirighidh bhur mbóthar abhaile libh a bhuachaill, a bheirt bhreagh amadán; bhí beirthe agaibh ar an mangaire, agus ní fhéadfadh sibh é choiméad. (Ag sgartadh ar gháiribh). Acht, dá mbéarfadaois ar Mheirgeach anois agus do mhála-sa aige? Mícheál. — Go deimhin, tá Meirgeach glan as a slíghe um an dtaca so. Ní chídhfidh siad Meirgeach go cheann tamaill, geallaim duit é. (Cromann ar phiocadh na bprátaí). Seaghan. — An dtiocfaidh Meirgeach annso arís chughat? B'fhéidir go n-imtheochadh sé le do mhála. Mícheál. — Ní'l baoghal ar sin; tiocfaidh sé tar nais annso gan amhras; fanfad leis annso. (Críochnuigheann an piocadh agus socruigheann an mála i leath-taoibh.) Seaghan. — Tar liom-sa suas go dtí an teach, agus fan leis ann; ní baoghal ná go dtiocfaidh sé chum mo thighe- se; cáirde móra is eadh sinn-ne. Teanam ort; ní bheidh sé annso go cheann tamaill; ní féidir leis teacht an bóthar díreach ar eagla go gcasfaidhe na constáblaí air. Teanam. (Buaileann Mícheál an mála ar a dhruim agus imthighidh.) An Seiseadh Radharc Teach Sheaghain Cróin. Seaghan, Mícheál, Bean Sheaghain, agus Brighid 'na suidhe. Seaghan. — Is breagh an buachaill é Meirgeach; ní'l aon lá ná go mbíonn sé ag imirt cleas ar dhuine éigin, is ag magadh. Is iomdha bob greannmhar atá buailte aige, acht do rug an bob so an báire orra go léir. Maise ní fheadar an bhfuair sé an choróin, ní dheárnaidh an sáirseant aon luadh air, pé ar domhan é. Ó! seo chughainn é. (Tig Meirgeach) Meir. (Ag taisbeánt na corónach). — Féach ar sin nach breagh an roth é; nach maith an tuarasdal lae é. (Cuireann 'na phóca é). Airiu! ní fhacabhar riamh fós fear chomh mór ar buile agus do bhí an sáirseant ag dul abhaile. Bhíos-sa 'dtaobh istigh de'n chlaidhe ag éisteacht, agus bhí sé ag spálpadh easgainidhe móra agus ag tabhairt na mionn go mbeadh díoghaltas aige ar an gcailín agus orm-sa. (Cuireann an mála ar an urlár agus suidheann ar chathaoir.) Bean Sheaghain. — Chonách sin ar an gcailín, pé i n-Éirinn é; is olc do rinne sí an beart, an spídeoir. Acht, caithfidh tú rith as an áit so anois nó beidh siad anuas ar an mullach ort.
Mícheál (ag eirghe). — Is dócha go mbeidh siad dian orrainn araon nuair a gheobhas siad amach an dearmad a rinneadar; acht, is sinn-ne nach mbeidh i bhfad ag glanadh as a slighe. (Beireann as a mhála féin agus tógann amach leath-phiúnt poitín.) Acht is ceart dúinn sul a imtheóchamaoid a sláinte d'ól. Meir. — Ólamaois a sláinte in ainm an riogh. Brat anuas. “Cúchulainn” (Críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services