Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá na nAmadán (ar lean)

Title
Lá na nAmadán (ar lean)
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cuchulainn
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


(So Dráma aoin-ghnímh do sgríobh “Cuchulainn” le
haghaidh Oireachtais na bliadhna so.)



Lá na nAmadán



An Fhuireann



Mícheál (Mangaire),



Constábla,



Meirgeach (Déirceóir),



Seaghan Crón,



Neill (Cailín aimsire),



Bean Sheaghain,



Sáirseant,



Brighid (Inghíon-Sheaghain).



Brighid. — Airiu! táid ag teacht: féach anuas árd
an bhóthair iad ar a gcromruathar.



Mícheál (Ag preabadh 'na sheasamh agus ag caitheamh a
mhála ar a dhruim). — Caithfead imtheacht, mar sin: beidh
radharc aca orm agus mé ag dul amach ar an mbóthar.



(Imthigheann)



AN CÚIGEADH RADHARC



An Bóthar.



(Tig Mícheál ó thaobh; an constábla agus an sáirseant ó'n
taobh eile. Beireann an chonstábla ar Mhícheál agus
tosnuigheann ag cur an cheangail-lámh air. Tógann
an sáirseant an mála, agus cuireann ar an talamh é.)



Mícheál. — Cad tá uaibh airiu? Cad é an rud atá
déanta as an tslíghe agam in aon-chor?


L. 563


An Con. — Nach símplidhe ataoi anois, a mhangaire
bhreagh shúgach! 'Neósfamaoid duit é ar ball.



An Sáir. — Gabhamaoid thú in ainm an riogh. Tá tú
ag díol phoitín; tá sé id' sheilbh anois. Cad is ainm
duit?



Mícheál. — Mícheál Breathnach, a sháirsint. Acht ní'l
aon-phoitín agam; is bréag é, pé duine d'innis duit é.
(Beireann an sáirseant ar an mála, cuireann a lámh
isteach, tógann amach sean-chóta agus annsain sean-léine,
agus máilín plúir 'na dhiaidh sin; féachann ar an gcon-
stábla. Annsain, tógann suas an mála, dóirteann a
bhfuil de phrátaibh ann, agus caitheann an mála ar an
talamh.)



An Sáir. (Go feargach). — Tá diabhal éigin ag imirt
cleas indiu orrainn. (Leis an gconstábla). Cuarduigh
é, agus féach an bhfuil aoin-nídh air. (Cuarduigheann agus
fághann sé píosa beag tobac, bosga lasóg, agus dhá
sgilling i bpráis.)



Mícheál. — Cad chuige an cuardughadh so? Och! Dia
linn! fear bocht mar mise. Cad tá déanta agam?
Ní dleaghthach mo ghabhail mar so.



(Tig Seaghan Crón.)



Seaghan. — Cad é an t-éirleach é so, atá déanta
agaibh?



Mícheál. — Féach ar so mar obair nach deas í.
Déirteoir bocht mar mise. Féach ar mo phrátaíbh go
léir sgaipthe ar fud an bhóthair.



An Sáir. — B'fhéidir go bhfuil dearmad déanta
againn. Acht, cuireadh ar lorg mangaire sinn;
fuaras fios go raibh sé id' thigh-se a Sheaghain; chonnac
an duine so ag teacht amach as do thigh, agus bhíos cinnte
gurb é an mangaire é.



Seaghan. — Ní raibh aon-mhangaire im' thigh-se. Tháinig
an duine bocht so isteach tímcheall leath-uair ó shoin,
acht ní fhaca aon-mhangaire; tá dearmad ort a
sháirsint. Cia chuir ar lorg an mhangaire so sibh?



An Sáir. — Tháinig sé isteach go dtí an barraic,
cúpla uair ó shoin. Ní rabhamar istigh, acht chuir Neill
ar a lorg sinn; chuadhmar 'na dhiaidh agus tángamar suas
le duine thall annsain; bhí sé díreach do réir na
gcómharthaí a fuaramar ó Neill agus bhíos cinnte gurbh
é an mangaire é, acht, ní raibh ann acht bacach. Mheasas
annsain go raibh Neill ag déanamh amadáin dínn agus d'
fhilleamar abhaile. Ní rabhamar ceathramhadh-uaire
istigh, amhach, nuair a tháinig mo bhacach le n-a sgéal go
bhfaca sé an mangaire ag dul isteach chum do thigh-se.
Siúd 'na dhiaidh arís linn agus atámaoid anois annso, níos
measa 'ná bhídheamar ar dtús.



Seaghan. — Agus, cad é an choir atá curtha i leith an
mhangaire so, go bhfuil sibh 'na dhiaidh chomh dían sin?



An Sáir. — Tá sé ag díol phoitín, agus dubhairt an bacach
nach raibh aon-chead aige a bheith 'na mhangaire leis, ag
siubhal tríd an tír.



Seaghan (ag leigint smigeadh gáire as). — Tuigim
an sgéal go léir anois. Airiu! a sháirsint chroidhe
nach dóigh leat go raibh an mangaire úd an-shímplidhe
agus a dhul isteach go dtí an barraic mar dhallán. Nach
dóigh leat go mb'fhéidir go mbéadh bacach úd i n-aoin-
feacht le Neill, ag déanamh amadán díbh. (Ag sgartadh
ar gháiríbh). An bhfuil fhios agat gurab é lá na namadán
an lá indiu?



Mícheál. — Muna bhfuil aon rud déanta as an slíghe
agam-sa, cad chuige mé bheith ceangailte mar so?



An Sáir. — Bog an ceangal-lámh sin de, agus tar abhaile,
is ná bíodh na daoine ag magadh fúinn. (Bogann an
constábla an ceangal-lámh de. Imthigheann an sáir-
seant le n-a linn sin, imthigheann an constábla 'na
dhiaidh.)



Seaghan. — Go n-eirighidh bhur mbóthar abhaile libh a
bhuachaill, a bheirt bhreagh amadán; bhí beirthe agaibh ar
an mangaire, agus ní fhéadfadh sibh é choiméad. (Ag
sgartadh ar gháiribh). Acht, dá mbéarfadaois ar
Mheirgeach anois agus do mhála-sa aige?



Mícheál. — Go deimhin, tá Meirgeach glan as a slíghe
um an dtaca so. Ní chídhfidh siad Meirgeach go cheann
tamaill, geallaim duit é. (Cromann ar phiocadh na
bprátaí).



Seaghan. — An dtiocfaidh Meirgeach annso arís chughat?
B'fhéidir go n-imtheochadh sé le do mhála.



Mícheál. — Ní'l baoghal ar sin; tiocfaidh sé tar nais
annso gan amhras; fanfad leis annso. (Críochnuigheann
an piocadh agus socruigheann an mála i leath-taoibh.)



Seaghan. — Tar liom-sa suas go dtí an teach, agus fan
leis ann; ní baoghal ná go dtiocfaidh sé chum mo thighe-
se; cáirde móra is eadh sinn-ne. Teanam ort; ní
bheidh sé annso go cheann tamaill; ní féidir leis teacht
an bóthar díreach ar eagla go gcasfaidhe na constáblaí
air. Teanam. (Buaileann Mícheál an mála ar a
dhruim agus imthighidh.)



An Seiseadh Radharc



Teach Sheaghain Cróin.



Seaghan, Mícheál, Bean Sheaghain, agus Brighid 'na suidhe.



Seaghan. — Is breagh an buachaill é Meirgeach; ní'l
aon lá ná go mbíonn sé ag imirt cleas ar dhuine
éigin, is ag magadh. Is iomdha bob greannmhar atá
buailte aige, acht do rug an bob so an báire orra go
léir. Maise ní fheadar an bhfuair sé an choróin, ní
dheárnaidh an sáirseant aon luadh air, pé ar domhan é.
Ó! seo chughainn é.



(Tig Meirgeach)



Meir. (Ag taisbeánt na corónach). — Féach ar sin
nach breagh an roth é; nach maith an tuarasdal lae é.
(Cuireann 'na phóca é). Airiu! ní fhacabhar riamh fós
fear chomh mór ar buile agus do bhí an sáirseant ag dul
abhaile. Bhíos-sa 'dtaobh istigh de'n chlaidhe ag éisteacht,
agus bhí sé ag spálpadh easgainidhe móra agus ag tabhairt
na mionn go mbeadh díoghaltas aige ar an gcailín agus
orm-sa. (Cuireann an mála ar an urlár agus suidheann
ar chathaoir.)



Bean Sheaghain. — Chonách sin ar an gcailín, pé i
n-Éirinn é; is olc do rinne sí an beart, an spídeoir.
Acht, caithfidh tú rith as an áit so anois nó beidh siad
anuas ar an mullach ort.


L. 564


Mícheál (ag eirghe). — Is dócha go mbeidh siad dian
orrainn araon nuair a gheobhas siad amach an dearmad
a rinneadar; acht, is sinn-ne nach mbeidh i bhfad ag
glanadh as a slighe. (Beireann as a mhála féin agus tógann
amach leath-phiúnt poitín.) Acht is ceart dúinn sul a
imtheóchamaoid a sláinte d'ól.



Meir. — Ólamaois a sláinte in ainm an riogh.



Brat anuas.



“Cúchulainn”



(Críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services