Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg Gabha agus Gaduidhthe na gCorp
Title
Tadhg Gabha agus Gaduidhthe na gCorp
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cúchulainn
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tadhg Gabha agus Gaduidhthe na gCorp Do bhuail an clog a deich agus d'árduigh Seaghán Dubh a cheann, agus d'fhéach fá dhéin an dorais. “Is iongna liom cad ta 'ghá choimeád,” ar seisean leis féin, agus do chrom sé a cheann arís ar a lámhaibh agus thosnuigh sé ag féachaint isteach 'sa teinidh mar dhuine bhéadh ag machtnamh go dian. Níor bh'éan-radharc maith an aghaidh a thaisbeán sé nuair thóg sé suas an ceann úd. Do bheadh fhios ag duine ar an gcéad amharc ná bh'éan-duine fóghanta an duine go raibh a leithéid aige. An dá shúil dubha fiadh- aine bhí ins an gceann aige, an fhéasóg fhada dhubh, agus an pus ramhar, an tsrón chromtha a chuirfeadh i n-umhail duit gob sheabhaic, agus annsain, an corp mór teann láidir, na guailne leathna, na lámha fada téagartha curanta agus na cosa fada, cromtha amach ag na glúanaibh; go deimhin do bhainfeadh éin-fhéachaint fheargach amháin uaidh geit as an gcroidhe is dána. Do bhuail an clog a haon dhéag is do thóg sé a cheann suas arís le preab. “Ba dhóbair dom tuitim im' chodladh,” ar seisean. D'éirigh sé 'na sheasamh, agus chuaidh go dtí an doras, d'airigh sé cois-céim amuigh agus do chuaidh go dtí an teine arís. Do osgladh an doras agus tháinig fear, díreach mar Sheaghán isteach, do bhí aon deifir amháin eatorra; b'é sin nach raibh an fhéasóg dhubh ar an bhfear so agus do chuir sé sin féachaint níos gránna air, mar do bhí an pus mór le feicsint níos sóiléire leis ná bhí leis an duine eile. Mícheál do b'ainm don bhfear so, dearbhráthair Sheagháin agus go deimhin ba dhearbh- ráithreacha an bheirt dáiríribh mar ní hé amháin go rabha- dar cosamhail le chéile 'na gcorpaibh saoghalta acht do bhí an chosamhlacht chéadna 'n-a n-aigne; ní raibh éan- olcas i gceann acu “agus níor bh'éan-chuid bheag é sin do réir baramhla a gcomharsan,” nach raibh ins an duine eile leis. Ní dheachaidh Mícheál isteach i n-éan-chor, acht do sheas ar an dtáirsigh agus a lámh ar laiste an dorais. “Tá gach éin-nídh ullamh,” ar seisean go ciúin. “Tá Diarmuid Riabhach ag faire anocht, agus ní bhéidh éan-throb- lóid againn leis sin; tá sé ar an dtaobh so de'n reilg fá'n aitean. Tá cárr an dochtúra amuigh annso agam, téanam.” Ní dubhairt an fear eile focal acht éirighe agus breith ar mhála mhór fhada bhí ar an urlár agus imtheacht amach. Is dócha go bhfuil tuairim agat a léightheóir um an dtaca so ar an ngnó bhí idir lámhaibh ag an mbeirt fhear mhacánta so, agus nách gábhadh dhom innsint duit go rabhadar ag dul ag goid cuirp bhocht as a uaigh an oidhche seo. Do bhí mac ag Tadhg Gabha tar éis bháis d'fhagháil le galar éigin greannmhar. Do thugadar dochtúir bhí 'n-a chomhnuidhe n-a n-aice dar bh'ainm Stíbhens chum a leighis, acht, “ní'l luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis,” do theip air. Do thug Stíbhens dochtúir eile isteach i n-éinfheacht leis cúpla lá roimh bás an duine bhreóite agus do bhí chomh- rádh fada aca acht níor éirigh éinnidh as soin acht amháin gur tháinig amhras ar Thadhg nuair bhí a mhac curtha go ngoidfí a chorp as an uaigh. D'fhan Tadhg ag faire ag an reilg gach éanoidhche ar feadh seachtmhaine agus cé go mbíodh codladh aige sa ló do bhí tuirse ag teacht air; i gceann na seachtmhaine do chuir sé a fhear oibre ag faire. Do chuaidh sé chum leaptha thar éis theact a bhaile ó'n reilg an lá deireanach ar maidin agus dár ndóigh do thuit sé 'na chodladh go sámh agus níor mhusgail sé go raibh a deich a chlog 'san oidhche ann. Agus b'é sin an músgailt uathbhásach do Thadhg é, mar do taidhbhreadh dhó go bhfaca sé a mhac istigh i mála ag Seaghán Dubh ar a dhruim ag imtheacht amach geata na reilge; agus é féin ceangailte i n-aice an chlaidhe agus nár fhéad sé eín-nídh dhéanamh. Do chuimhnigh sé annsain ar an saghas fir do chuir sé ag tabhairt aire do uaigh a mhic, an dúil mhór bhí aige ins an ólachán agus an teach
tabhairne annsain i n-aice na reilge. Do tháinig brón air agus neamh-shuaimhneas, ionnas nár fhéad sé néal eile do chodhladh, agus i gceann uaire do cheap sé éirighe agus dul fá dhéin na reilge. Mar sin thóg sé maitín droighin 'na láimh agus d'imthigh leis. Do shiubhail sé go ciúin aireach nuair tháinig sé i ngoireacht do'n reilg, agus go deimhin do baineadh geit as nuair a chonnaic sé an capall agus an cárr ceangailte leis an chlaidhe timcheall cúig slat ó'n ngeata mar do bhí fhios aige annsain go raibh na bitheamhnaigh istigh ag tógaint suas cuirp a mhic. Do shleamhnuigh sé isteach fá dhéin na dtor aitinn mar do bhíodh sé féin ag faire agus mar d'innis sé do'n fhear oibre a bheith. Fuair sé ar an dtalamh ceangailte é agus preabán éadaigh sáithte isteach 'n-a bhéal. Mheas sé go bhfuigheadh sé 'na chodladh nó ar meisge é acht do bhí dearmhad air. Níor fhan sé leis an gceangail do bhogadh dhe acht do shleamhnuigh fá dhéin na huaighe. Do bhí Seaghán Dubh agus a dhearbhráthair annsain agus n-aice na huaighe, an cómhra osgailte aca agus an corp istigh ins an mála. “Seo anois,” do bhí ag Seaghán dá rádh, “árduigh suas ar mo dhruim é; cuirfimíd 'san gcárr é an dtús agus annsain dúnfamaoid an uaigh arís.” D'árduigh Mícheál an mála suas air agus d'imthigheadar amach go dtí an cárr. Do bhí sé go léir déanta sul a tháinig a chiall cheart chum Thaidhg, acht anois do cheap sé a chúrsa féin, do phreab sé fá dhéin Diarmuda agus d'osgail an ceangal. D'innis Diarmuid dó agus é ag osgailt an cheangail, mar do baineadh a meabhair de le buille agus nár chuimhnigh sé ar phioc eile go bhfuair sé é féin ceangailte, agus an t-éadach 'na bhéal 'gá thachtadh. Nuair tháinig an bheirt eile isteach, do shleamhnuighea- dar-san amach go dtí an cárr, thógadar amach an corp as an mála, agus chuireadar i bhfolach é. Annsain do chuaidh Tadhg isteach ins an mála, agus do shocruigh an fear eile é díreach mar do bhí an corp. Annsain chuaidh Diarmuid ar ordughadh Thaidhg isteach mar do bhí sé cheana fá'n aiteann; do chuir sé an t-éadach 'na bhéal airís agus do luigh síos mar 'dh eadh go raibh sé ceangailte i gcomhnuidhe, acht níor ghábhadh dhó é sin do dhéanamh i n-éan-chor, mar ní tháinig Seaghán ná a dhearbhráthair 'na ghoire acht d'imthigheadar leó féin amach, do shuidhea- dar isteach 'n-a gcárr agus do thiomáineadar leó. Anois do bhí fearg mhór ar Thaidhg Gabha agus bhí fonn mór air éirighe agus an maitín do thabhairt dóibh go dian acht do bhruigh sé chuige féin é mar ba mhaith leis a fhagháil amach cé'r bh'é an dochtúir bhí ag ceannach an chuirp uatha. Níor bh'fhada go raibh a fhios soin aige mar do stad- adar taobh amuigh de dhoras tighe an Dochtúra Stíbhens agus tháinig an dochtúir féin amach. “An bhfuil sé agaibh fá dheireadh,” ar san dochtúir. “Tá , a dhochtúir,” arsa Seaghán, “agus tá an tuarasdal tuillte go maith againn leis. Caith chughainn na deich bpúint sin agus béarfamaoid isteach é.” D'osgail an dochtúir a sparán, agus bhí sé ag síneadh an airgid chuige nuair a labhair guth lag tinn an bhuachalla 'san mála d'aithin an dochtúir go maith. “A! a dhochtúir, gráin ort a bheith ag cuidiughadh leis na diabhlaibh seo ag goid na gcorp as an uaigh.” Do thuit an t-airgead as láimh an dochtúra, agus do thuit sé féin anuas air i bpleist. D'fhan an bheirt eile mar do bhíodar; do baineadh a meamhair agus a gciall asta leis an sgannradh; bhíodar mar bhéidís ceangailte leis an gcárr. Do léim Tadhg suas as an mála agus do strac is do réab gach blúire dhe; do tharraing se a maitín agus thos- nuigh ag bualadh na beirte bitheamhnach cé go bhféadfadh éin-cheann aca é fhéin do-chaitheamh thar an gclaidhe uair eile, acht anois bhí an oiread soin sgannradh agus chrith- eagla orra, ná rabhadar i n-ann lámh d'árdughadh chum a gcosanta féin. Ní raibh aigne sásta aige i n-éan- chor ar a mbualadh-san, nuair d'éirigh an dochtúir agus do rith chum an dorais; do léim Tadhg de'n chárr; do rug ar mhullach an chinn air agus chrom ar a réabadh agus a bhualadh go raibh sé tuirseach dhe. Do chuir an fothram agus an sgreadaigh bhí ag an dochtúir, sgeón ar an gcapall agus do ruith sé leis féin. Níor bh'fhada gur airigh Tadhg fothram an cháirr ag bualadh agus gcoinnibh rud éigin, agus ag iompódh; do bhí cúpla sgread uathbhásach agus annsoin do bhí gach éinnídh ciúin. D'imthigh Tadhg leis féin annsain go dtí an reilg, fuair sé roinnt cómharsan agus Diarmuid Riabhach ann roimhe agus do chuireadar an corp arís. Do bhí Tadhg cinnte ar an dlíghe do chur ar na bitheamhnachaibh acht do chuala sé an lá 'n-a dhiaidh sin go raibh an dochtúir 'na luighe breóite, cos bhriste ag Seaghán Dubh, agus an dá láimh briste ag Micheál, agus chuir sé suas de. Nuair tháinig biseach ar an triúr macánta fuaradar nách labharfadh éin-neach 'n-a dtimcheall focal leó agus b'éigin dóibh rith leó féin ar fad as an áit. Ní'l fhios againn cá bhfuil siad anois agus is cuma linn leis. Pé áit 'na bhfuil siad ní dócha go bhfuil éan-ghnó fóghanta idir lámhaibh acu; ag Seaghán Dubh agus a dhearbh- ráthair pé i nÉirinn é. Cúchulainn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services