Tadhg Gabha agus Gaduidhthe na gCorp
Do bhuail an clog a deich agus d'árduigh Seaghán Dubh a
cheann, agus d'fhéach fá dhéin an dorais. “Is iongna liom
cad ta 'ghá choimeád,” ar seisean leis féin, agus do chrom
sé a cheann arís ar a lámhaibh agus thosnuigh sé ag féachaint
isteach 'sa teinidh mar dhuine bhéadh ag machtnamh go dian.
Níor bh'éan-radharc maith an aghaidh a thaisbeán sé
nuair thóg sé suas an ceann úd. Do bheadh fhios ag
duine ar an gcéad amharc ná bh'éan-duine fóghanta an
duine go raibh a leithéid aige. An dá shúil dubha fiadh-
aine bhí ins an gceann aige, an fhéasóg fhada dhubh, agus an
pus ramhar, an tsrón chromtha a chuirfeadh i n-umhail duit
gob sheabhaic, agus annsain, an corp mór teann láidir, na
guailne leathna, na lámha fada téagartha curanta agus
na cosa fada, cromtha amach ag na glúanaibh; go
deimhin do bhainfeadh éin-fhéachaint fheargach amháin uaidh
geit as an gcroidhe is dána.
Do bhuail an clog a haon dhéag is do thóg sé a cheann
suas arís le preab. “Ba dhóbair dom tuitim im'
chodladh,” ar seisean. D'éirigh sé 'na sheasamh, agus chuaidh
go dtí an doras, d'airigh sé cois-céim amuigh agus do chuaidh
go dtí an teine arís. Do osgladh an doras agus tháinig
fear, díreach mar Sheaghán isteach, do bhí aon deifir
amháin eatorra; b'é sin nach raibh an fhéasóg dhubh ar an
bhfear so agus do chuir sé sin féachaint níos gránna air,
mar do bhí an pus mór le feicsint níos sóiléire leis
ná bhí leis an duine eile. Mícheál do b'ainm don
bhfear so, dearbhráthair Sheagháin agus go deimhin ba dhearbh-
ráithreacha an bheirt dáiríribh mar ní hé amháin go rabha-
dar cosamhail le chéile 'na gcorpaibh saoghalta acht do
bhí an chosamhlacht chéadna 'n-a n-aigne; ní raibh éan-
olcas i gceann acu “agus níor bh'éan-chuid bheag é sin do
réir baramhla a gcomharsan,” nach raibh ins an duine
eile leis.
Ní dheachaidh Mícheál isteach i n-éan-chor, acht do sheas
ar an dtáirsigh agus a lámh ar laiste an dorais.
“Tá gach éin-nídh ullamh,” ar seisean go ciúin. “Tá
Diarmuid Riabhach ag faire anocht, agus ní bhéidh éan-throb-
lóid againn leis sin; tá sé ar an dtaobh so de'n reilg
fá'n aitean. Tá cárr an dochtúra amuigh annso agam,
téanam.”
Ní dubhairt an fear eile focal acht éirighe agus breith ar
mhála mhór fhada bhí ar an urlár agus imtheacht amach.
Is dócha go bhfuil tuairim agat a léightheóir um an
dtaca so ar an ngnó bhí idir lámhaibh ag an mbeirt fhear
mhacánta so, agus nách gábhadh dhom innsint duit go rabhadar
ag dul ag goid cuirp bhocht as a uaigh an oidhche seo.
Do bhí mac ag Tadhg Gabha tar éis bháis d'fhagháil le
galar éigin greannmhar. Do thugadar dochtúir bhí 'n-a
chomhnuidhe n-a n-aice dar bh'ainm Stíbhens chum a leighis,
acht, “ní'l luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis,” do theip
air. Do thug Stíbhens dochtúir eile isteach i n-éinfheacht
leis cúpla lá roimh bás an duine bhreóite agus do bhí chomh-
rádh fada aca acht níor éirigh éinnidh as soin acht amháin
gur tháinig amhras ar Thadhg nuair bhí a mhac curtha go
ngoidfí a chorp as an uaigh.
D'fhan Tadhg ag faire ag an reilg gach éanoidhche ar
feadh seachtmhaine agus cé go mbíodh codladh aige sa ló
do bhí tuirse ag teacht air; i gceann na seachtmhaine
do chuir sé a fhear oibre ag faire. Do chuaidh sé chum
leaptha thar éis theact a bhaile ó'n reilg an lá deireanach
ar maidin agus dár ndóigh do thuit sé 'na chodladh go sámh
agus níor mhusgail sé go raibh a deich a chlog 'san oidhche
ann. Agus b'é sin an músgailt uathbhásach do Thadhg é,
mar do taidhbhreadh dhó go bhfaca sé a mhac istigh i mála
ag Seaghán Dubh ar a dhruim ag imtheacht amach geata
na reilge; agus é féin ceangailte i n-aice an chlaidhe agus
nár fhéad sé eín-nídh dhéanamh. Do chuimhnigh sé annsain
ar an saghas fir do chuir sé ag tabhairt aire do uaigh a
mhic, an dúil mhór bhí aige ins an ólachán agus an teach
tabhairne annsain i n-aice na reilge. Do tháinig brón
air agus neamh-shuaimhneas, ionnas nár fhéad sé néal eile
do chodhladh, agus i gceann uaire do cheap sé éirighe agus dul
fá dhéin na reilge.
Mar sin thóg sé maitín droighin 'na láimh agus d'imthigh
leis. Do shiubhail sé go ciúin aireach nuair tháinig sé
i ngoireacht do'n reilg, agus go deimhin do baineadh geit
as nuair a chonnaic sé an capall agus an cárr ceangailte
leis an chlaidhe timcheall cúig slat ó'n ngeata mar do
bhí fhios aige annsain go raibh na bitheamhnaigh istigh ag
tógaint suas cuirp a mhic. Do shleamhnuigh sé isteach
fá dhéin na dtor aitinn mar do bhíodh sé féin ag faire
agus mar d'innis sé do'n fhear oibre a bheith. Fuair sé ar
an dtalamh ceangailte é agus preabán éadaigh sáithte
isteach 'n-a bhéal. Mheas sé go bhfuigheadh sé 'na chodladh
nó ar meisge é acht do bhí dearmhad air. Níor fhan sé
leis an gceangail do bhogadh dhe acht do shleamhnuigh fá
dhéin na huaighe. Do bhí Seaghán Dubh agus a dhearbhráthair
annsain agus n-aice na huaighe, an cómhra osgailte aca agus
an corp istigh ins an mála.
“Seo anois,” do bhí ag Seaghán dá rádh, “árduigh
suas ar mo dhruim é; cuirfimíd 'san gcárr é an dtús agus
annsain dúnfamaoid an uaigh arís.”
D'árduigh Mícheál an mála suas air agus d'imthigheadar
amach go dtí an cárr. Do bhí sé go léir déanta sul a
tháinig a chiall cheart chum Thaidhg, acht anois do cheap
sé a chúrsa féin, do phreab sé fá dhéin Diarmuda agus
d'osgail an ceangal.
D'innis Diarmuid dó agus é ag osgailt an cheangail,
mar do baineadh a meabhair de le buille agus nár chuimhnigh
sé ar phioc eile go bhfuair sé é féin ceangailte, agus an
t-éadach 'na bhéal 'gá thachtadh.
Nuair tháinig an bheirt eile isteach, do shleamhnuighea-
dar-san amach go dtí an cárr, thógadar amach an corp
as an mála, agus chuireadar i bhfolach é. Annsain do
chuaidh Tadhg isteach ins an mála, agus do shocruigh an fear
eile é díreach mar do bhí an corp. Annsain chuaidh
Diarmuid ar ordughadh Thaidhg isteach mar do bhí sé
cheana fá'n aiteann; do chuir sé an t-éadach 'na bhéal
airís agus do luigh síos mar 'dh eadh go raibh sé ceangailte
i gcomhnuidhe, acht níor ghábhadh dhó é sin do dhéanamh
i n-éan-chor, mar ní tháinig Seaghán ná a dhearbhráthair
'na ghoire acht d'imthigheadar leó féin amach, do shuidhea-
dar isteach 'n-a gcárr agus do thiomáineadar leó.
Anois do bhí fearg mhór ar Thaidhg Gabha agus bhí fonn mór
air éirighe agus an maitín do thabhairt dóibh go dian acht do
bhruigh sé chuige féin é mar ba mhaith leis a fhagháil amach
cé'r bh'é an dochtúir bhí ag ceannach an chuirp uatha.
Níor bh'fhada go raibh a fhios soin aige mar do stad-
adar taobh amuigh de dhoras tighe an Dochtúra Stíbhens
agus tháinig an dochtúir féin amach.
“An bhfuil sé agaibh fá dheireadh,” ar san dochtúir.
“Tá , a dhochtúir,” arsa Seaghán, “agus tá an tuarasdal
tuillte go maith againn leis. Caith chughainn na deich
bpúint sin agus béarfamaoid isteach é.”
D'osgail an dochtúir a sparán, agus bhí sé ag síneadh an
airgid chuige nuair a labhair guth lag tinn an bhuachalla
'san mála d'aithin an dochtúir go maith. “A! a dhochtúir,
gráin ort a bheith ag cuidiughadh leis na diabhlaibh seo ag
goid na gcorp as an uaigh.”
Do thuit an t-airgead as láimh an dochtúra, agus do
thuit sé féin anuas air i bpleist. D'fhan an bheirt eile
mar do bhíodar; do baineadh a meamhair agus a gciall asta
leis an sgannradh; bhíodar mar bhéidís ceangailte
leis an gcárr.
Do léim Tadhg suas as an mála agus do strac is do
réab gach blúire dhe; do tharraing se a maitín agus thos-
nuigh ag bualadh na beirte bitheamhnach cé go bhféadfadh
éin-cheann aca é fhéin do-chaitheamh thar an gclaidhe uair
eile, acht anois bhí an oiread soin sgannradh agus chrith-
eagla orra, ná rabhadar i n-ann lámh d'árdughadh chum
a gcosanta féin. Ní raibh aigne sásta aige i n-éan-
chor ar a mbualadh-san, nuair d'éirigh an dochtúir agus do
rith chum an dorais; do léim Tadhg de'n chárr; do rug
ar mhullach an chinn air agus chrom ar a réabadh agus a bhualadh
go raibh sé tuirseach dhe.
Do chuir an fothram agus an sgreadaigh bhí ag an dochtúir,
sgeón ar an gcapall agus do ruith sé leis féin. Níor
bh'fhada gur airigh Tadhg fothram an cháirr ag bualadh agus
gcoinnibh rud éigin, agus ag iompódh; do bhí cúpla sgread
uathbhásach agus annsoin do bhí gach éinnídh ciúin.
D'imthigh Tadhg leis féin annsain go dtí an reilg,
fuair sé roinnt cómharsan agus Diarmuid Riabhach ann
roimhe agus do chuireadar an corp arís.
Do bhí Tadhg cinnte ar an dlíghe do chur ar na
bitheamhnachaibh acht do chuala sé an lá 'n-a dhiaidh sin go
raibh an dochtúir 'na luighe breóite, cos bhriste ag
Seaghán Dubh, agus an dá láimh briste ag Micheál, agus chuir
sé suas de. Nuair tháinig biseach ar an triúr macánta
fuaradar nách labharfadh éin-neach 'n-a dtimcheall focal
leó agus b'éigin dóibh rith leó féin ar fad as an áit. Ní'l
fhios againn cá bhfuil siad anois agus is cuma linn leis.
Pé áit 'na bhfuil siad ní dócha go bhfuil éan-ghnó
fóghanta idir lámhaibh acu; ag Seaghán Dubh agus a dhearbh-
ráthair pé i nÉirinn é.
Cúchulainn
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11