Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Díth Crann i nÉirinn
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Díth Crann i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Díth Crann i nÉirinn Tá i bhfad níos lugha crann i nÉirinn ná tá i Sasana nó i nAlbain, siúd is nach adhmadach na tíortha iad siúd i bhfarraidh is mórán tíortha ar dhruim talmhan. Ní'l acht acra go leith 'sa' chéad faoi fhás adhmaid i nÉirinn agus tá 5.1 'sa' cheud i Sasana agus 4.5 i nAlbain agus 3.8 'sa' chéad i mBreatain Bhig. Ní'l acht fá thuairim trí chéad míle acra talmhan i nÉirinn uile fá chrannaibh, siúd is go n-abair lucht eólais go bhfuil 2,000,000 acra talmhan i nÉirinn 'n-a luighe bán ar ar bhfhéidir adhmad maith do thógbháil. Anois is tairbheach an barra adhmad do thír in-a bhfásann sé. Díoltar naoi milliún púnt 'sa' bhliadhain ar adhmad a bheirtear isteach sna tíorthaibh seo, agus ní barraidheacht a rádh go ndíoltar milliún de seo as Éirinn. Ní féidir fós buntáiste do thír as a gcuid adhmaid, do thomhas as luach an adhmaid. Tá dhá shochar do thír as a fás adhmaid nach dtigeann isteach sa' luach ar chor ar bith. (1) Leasuigheann fás adhmaid nó fora- oise, síon no aimsear na tíre. Tirmigheann crainn an talamh mar cheapann siad cuid de'n bháisdigh ag teacht anuas agus coimhéadann siad greim uirri go ndéantar gal-uisge dí arís agus ní thuiteann sí ar an talamh ar chor ar bith. Rud eile fós, déanann na crainn sgiath fearthaine agus sgáil doininne do na heallaighibh agus na mion-eallaighibh ag ingilt, go sonradhach 'sa' gheimhreadh. (2) An darna sochar thigeas as adhmad, go leanann ceírde adhmadacha do'n fhás adhmaid. Ag an Taisbeántas Eadarnáisiúnta atá anois ann i nGlaschú tá bothanna ag mórán náisiún agus cineadh ag cur a ngnótha dúthchasach ós comhair an tsaoghail, agus 'tchítear annsoin gur ar feabhas atá gach uile chinéal ceírde adhmaid ins na tíorthaibh in a bhfuil foraoise adhmaid mar tá an Rusach, Canada agus an Astráil Theas. Ar an taobh eile is suarach laimh-dhéan- túsa adhmaid atá i mboth na hÉireann mar nach bhfuil ionnta acht bréagána agus beagán breacadh adhmaid. Is iontuighthe as an méid dubhras cheana go mbudh sona, socharach an obair do'n tír seo tuilleadh crann do shuidheadh innti. Cionnus is féidir linn an obair seo do dhéanamh? San cheud áit, is féidir le fear ar bith ag a bhfuil cuibhreann talmhan crainn do shuidheadh nó do chur, agus más talamh é gurab tairbhighe barr eile do thógbháil as, is féidir go minic imealbhord de chrannaibh do chur ann gan dochar do'n tsíol-bharr. Acht ní chuirfear foraoise ar ais in Éirinn muna nglac- faidh Ceannas na tíre nó Buird phuiblidheacha i láimh a dhéanamh. Sílim go bhfuil dligheadh ag na Comhairlíbh Condae talamh do cheannach nó d'fhosdughadh agus adhmad do thóg- bháil ann, agus ní fios damh dóigh is fearr in-a dtiocfadh leó an tír do leasughadh. Bímís ag a mbrosdughadh um an nidh seo, agus Bórd an talamh-shaothair comh maith leis sin, óir dlighthear do'n Bhórd sin an obair chéadna do ghlacadh i láimh. Focal eile fós. Tá cleachtadh ag daoinibh i n-aitibh éigin i nÉirinn mion-chrainn do ghoid agus a thabhairt leó amhail is dá mbudh leó féin iad. Anois ní ceart é seo ar chor ar bith agus is mór an díoghbháil ghní sé. Is iomdha ubhall-ghort chonnacas millte le mo linn féin de bhrigh gur ghoid na comhursanna, an t-aos óg go sonradhach, na hubhla. Ní'l aon fáth gur ceart ubhla no adhmad do ghoid tar airgead no eallaigh agus ba chóir duine ar bith do-chífí ag goid na neidthe seo a chur sa' charchar gan cháirde lae. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services