Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Díth Crann i nÉirinn

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Díth Crann i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Díth Crann i nÉirinn



Tá i bhfad níos lugha crann i nÉirinn ná tá i Sasana
nó i nAlbain, siúd is nach adhmadach na tíortha iad
siúd i bhfarraidh is mórán tíortha ar dhruim talmhan.
Ní'l acht acra go leith 'sa' chéad faoi fhás adhmaid i
nÉirinn agus tá 5.1 'sa' cheud i Sasana agus 4.5 i nAlbain
agus 3.8 'sa' chéad i mBreatain Bhig. Ní'l acht fá thuairim
trí chéad míle acra talmhan i nÉirinn uile fá chrannaibh,
siúd is go n-abair lucht eólais go bhfuil 2,000,000 acra
talmhan i nÉirinn 'n-a luighe bán ar ar bhfhéidir adhmad
maith do thógbháil.



Anois is tairbheach an barra adhmad do thír in-a
bhfásann sé. Díoltar naoi milliún púnt 'sa' bhliadhain
ar adhmad a bheirtear isteach sna tíorthaibh seo, agus ní
barraidheacht a rádh go ndíoltar milliún de seo as
Éirinn. Ní féidir fós buntáiste do thír as a gcuid
adhmaid, do thomhas as luach an adhmaid. Tá dhá shochar
do thír as a fás adhmaid nach dtigeann isteach sa' luach
ar chor ar bith. (1) Leasuigheann fás adhmaid nó fora-
oise, síon no aimsear na tíre. Tirmigheann crainn an
talamh mar cheapann siad cuid de'n bháisdigh ag teacht
anuas agus coimhéadann siad greim uirri go ndéantar
gal-uisge dí arís agus ní thuiteann sí ar an talamh ar chor ar
bith. Rud eile fós, déanann na crainn sgiath fearthaine
agus sgáil doininne do na heallaighibh agus na mion-eallaighibh ag
ingilt, go sonradhach 'sa' gheimhreadh. (2) An darna sochar
thigeas as adhmad, go leanann ceírde adhmadacha do'n
fhás adhmaid. Ag an Taisbeántas Eadarnáisiúnta
atá anois ann i nGlaschú tá bothanna ag mórán náisiún
agus cineadh ag cur a ngnótha dúthchasach ós comhair an
tsaoghail, agus 'tchítear annsoin gur ar feabhas atá gach
uile chinéal ceírde adhmaid ins na tíorthaibh in a bhfuil
foraoise adhmaid mar tá an Rusach, Canada agus an
Astráil Theas. Ar an taobh eile is suarach laimh-dhéan-
túsa adhmaid atá i mboth na hÉireann mar nach bhfuil
ionnta acht bréagána agus beagán breacadh adhmaid.



Is iontuighthe as an méid dubhras cheana go mbudh
sona, socharach an obair do'n tír seo tuilleadh crann
do shuidheadh innti. Cionnus is féidir linn an obair
seo do dhéanamh? San cheud áit, is féidir le fear ar
bith ag a bhfuil cuibhreann talmhan crainn do shuidheadh
nó do chur, agus más talamh é gurab tairbhighe barr eile
do thógbháil as, is féidir go minic imealbhord de
chrannaibh do chur ann gan dochar do'n tsíol-bharr.
Acht ní chuirfear foraoise ar ais in Éirinn muna nglac-
faidh Ceannas na tíre nó Buird phuiblidheacha i láimh a
dhéanamh.



Sílim go bhfuil dligheadh ag na Comhairlíbh Condae
talamh do cheannach nó d'fhosdughadh agus adhmad do thóg-
bháil ann, agus ní fios damh dóigh is fearr in-a dtiocfadh
leó an tír do leasughadh. Bímís ag a mbrosdughadh
um an nidh seo, agus Bórd an talamh-shaothair comh maith
leis sin, óir dlighthear do'n Bhórd sin an obair chéadna
do ghlacadh i láimh.



Focal eile fós. Tá cleachtadh ag daoinibh i n-aitibh
éigin i nÉirinn mion-chrainn do ghoid agus a thabhairt leó
amhail is dá mbudh leó féin iad. Anois ní ceart é
seo ar chor ar bith agus is mór an díoghbháil ghní sé. Is
iomdha ubhall-ghort chonnacas millte le mo linn féin
de bhrigh gur ghoid na comhursanna, an t-aos óg go
sonradhach, na hubhla. Ní'l aon fáth gur ceart ubhla
no adhmad do ghoid tar airgead no eallaigh agus ba chóir
duine ar bith do-chífí ag goid na neidthe seo a chur sa'
charchar gan cháirde lae.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services