Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Aimsir in Eirinn
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Aimsir in Eirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail An Aimsir in Eirinn Is iomdha rud bhaineas le haimsir, se sin, a chuidi- gheas le haimsir mhaith nó droch-aimsir a thabhairt dúinn 'sa' tír seo. Sé an rud is bríoghmharre aca seo an áit a bhfuil Éire suidhte ar dhruim an domhain nó an fhaid atá sí ó'n bholgán no ceart-mheadhón an domhain. Tá meadhón an domhain suidhte go díreach fá'n ngréin agus tuitid gaí gréine go dian an siúd agus tá an aimsir go han-bhrothalach. Gairmthear an crios brothalach ar léab de chlár an domhain ar gach leith de'n bholgán. Taobh amuich de'n chrios seo, gairmthear na creasa measardha ar dhá léab de'n domhain, ceann aca fá thuaidh agus ceann aca fa dheas, mar go dtuitid gaí gréine go claonta agus go neamh-bríoghmhar ins na régúnaibh seo agus mar gheall ar sin ní'l acht teas measardha ionnta. Tá na creasa fion-fhuaire taobh amuigh de na creasaibh seo. Is ins an chrios mheasardha atá Éire suidhte agus mar tá sí na mílte míle ó mheadhón an domhain ní'l an teas acht go measardha ins an tír seo. Go dearbhtha bhéadh an fuacht i bhfad níos déine againn go háirithe 'san gheimhreadh murab é rud amháin, ar a labharfad anois, atá go síor ag tógbháil teasa na tíortha seo agus ag a déanamh an teasa níos comhthroime eidir gheimhreadh agus Samhradh, sé sin sruth na hAibhéise. Siocar go bhfuil an domhan go síor ag casadh no ag dul thart ar a fhearsad amhail roth, tá bogadh éigin san uisge, ar fud na fairrge, agus ó'n fath seo éirigheann sruth san fhairrge in Aibhéis Mecsico agus iomhpuighthear an sruth seo anall orrainne le rinn talmhan atá in Amerioca ar taoibh ó thuaidh de'n Aibhéis úd. Mar tigeann an sruth mór leathan úd ó áiteachaibh brothalacha tá an t-uisge i bhfad níos teó san gheimhreadh 'ná tá an t-aer nó an talmhan in Éirinn agus déannann an sruth seo an aimsir do theitheadh go mór. Is eadh thigeas de seo go bhfuil an aimsir in Éirinn i bhfad níos teó agus i bhfad níos comhthroime ná tá sí i dtíorthaibh atá suidhthe ar mhór-thír na hEórpa nó ar mhór-thír na hAsia nó ar Mhór-thír Amerioca. Is fearr agus is follaine an aimsir atá againn, mar sin, do phlan- daibh do ainmhintibh agus do dhaoinibh féin na tá ag na tíorthaibh úd eile. Tá fáthaibh eile bhaineas leis an aimsir in Éireann acht ní'l an oiread brighe ionnta is tá ins an dá chionn- fáth ar chuireas síos cheana. Athruightheann an aimsir do réir aoirde na háite, sé sin le rádh tá an aimsir níos fuaire ar dhruim sléibhe 'ná tá sí i ngleann nó ar mhaigh. Airmhighthear go gcailltear teas atá ionann le céim do réir tomhaise Fahrenhéit ar gach 250 troighthibh do aoirde ós cionn na fairrge; agus mar atá a leath de thalamh na hÉireann níos aoirde ná sin is soiléir go mbaineann aoirde na tíre leis an aimsir. Rud eile fós má tá an talamh neamhcomhthrom agus claonta is mó an teas gheibhthear ar cheantar atá ag tabhairt a haighthe ar an ngréin na gheibhthear i ndúthaigh chúl le ghréin. Baineann ar gaoth go mór le haimsir agus mar thigeann an chuid is mó de'n ghaoith aniar is mó an doinionn gheibhthear do ghnáth ar iarthar na tíre na ar an oirthear. Agus mar tá sléibhte árda ar imeallbhórd na hÉireann san iarthar, beagnach ó thuaidh go deas, ghnidheann na sléibhte sin fosgadh agus dídion do'n tír ó sin soir. Is mór an donas do'n tír seo gur cailleadh na foraoise agus na coillte do bhí ag fás innti san tsean- aimsir óir ba mhór an díon do'n tír iad, go sonradhach tráth fhásadar ar na cnocaibh agus ar n-a sléibhtibh. Budh mhór an buntaiste d'eallaghaibh agus do chaorchaibh an díon úd do bheith aca. Ní'l locht níos mó ar aimsir na hÉireann 'na barraidh- eacht fliuch-lachta agus barraidheacht báisdighe. Tigeann an locht seo ó'n sruth bog ceannsa úd ar ar thráchtas shuas .i. ó shruth na hAibhéise; óir mar tá teas mhór san sruth úd tá'n gail i gcomhnuidhe ag éirghe as. Seóltar an ghail seo anall orrainne leis an ghaoith aniar agus nuair a bhuaileann sí leis na cnocaibh agus leis na sléibhtibh in Eirinn tuirlingeann sí orrainn i riocht fearthaine, báisdighe ceó agus drúchta. Is mór an donas do'n tír an fliuchlachd seo acht ar a shon sin bhéimís níos measa gan é, óir dá stadfadh sruth na hAibhéise ag teacht fhaid linn ní feirrde dúinn é. Budh fhéidir dúinn fliúchachd
na haimsire do leasughadh beagán le tirmiughadh agus saothrughadh na talmhan agus le crannaibh agus adhmad do chur ag fás ins an tír. Siúd is nach bhfuil aimsir na hÉireann ar fheabhas atá sí saor ó'n iomad doininn agus donas agus tubaiste a bhaineas do'n aimsir i dtíorthaibh choigchríche. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services