Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - An Aimsir in Eirinn

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Aimsir in Eirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



An Aimsir in Eirinn



Is iomdha rud bhaineas le haimsir, se sin, a chuidi-
gheas le haimsir mhaith nó droch-aimsir a thabhairt dúinn
'sa' tír seo. Sé an rud is bríoghmharre aca seo an
áit a bhfuil Éire suidhte ar dhruim an domhain nó an
fhaid atá sí ó'n bholgán no ceart-mheadhón an domhain.
Tá meadhón an domhain suidhte go díreach fá'n ngréin
agus tuitid gaí gréine go dian an siúd agus tá an aimsir go
han-bhrothalach. Gairmthear an crios brothalach ar léab
de chlár an domhain ar gach leith de'n bholgán. Taobh
amuich de'n chrios seo, gairmthear na creasa measardha
ar dhá léab de'n domhain, ceann aca fá thuaidh agus ceann
aca fa dheas, mar go dtuitid gaí gréine go claonta
agus go neamh-bríoghmhar ins na régúnaibh seo agus mar
gheall ar sin ní'l acht teas measardha ionnta. Tá na
creasa fion-fhuaire taobh amuigh de na creasaibh seo.



Is ins an chrios mheasardha atá Éire suidhte agus mar tá
sí na mílte míle ó mheadhón an domhain ní'l an teas
acht go measardha ins an tír seo. Go dearbhtha bhéadh
an fuacht i bhfad níos déine againn go háirithe 'san
gheimhreadh murab é rud amháin, ar a labharfad anois,
atá go síor ag tógbháil teasa na tíortha seo agus ag a
déanamh an teasa níos comhthroime eidir gheimhreadh agus
Samhradh, sé sin sruth na hAibhéise. Siocar go bhfuil
an domhan go síor ag casadh no ag dul thart ar a
fhearsad amhail roth, tá bogadh éigin san uisge, ar fud
na fairrge, agus ó'n fath seo éirigheann sruth san fhairrge
in Aibhéis Mecsico agus iomhpuighthear an sruth seo anall
orrainne le rinn talmhan atá in Amerioca ar taoibh ó
thuaidh de'n Aibhéis úd. Mar tigeann an sruth mór leathan
úd ó áiteachaibh brothalacha tá an t-uisge i bhfad níos teó
san gheimhreadh 'ná tá an t-aer nó an talmhan in Éirinn
agus déannann an sruth seo an aimsir do theitheadh go mór.
Is eadh thigeas de seo go bhfuil an aimsir in Éirinn
i bhfad níos teó agus i bhfad níos comhthroime ná tá sí i
dtíorthaibh atá suidhthe ar mhór-thír na hEórpa nó ar
mhór-thír na hAsia nó ar Mhór-thír Amerioca. Is fearr
agus is follaine an aimsir atá againn, mar sin, do phlan-
daibh do ainmhintibh agus do dhaoinibh féin na tá ag na
tíorthaibh úd eile.



Tá fáthaibh eile bhaineas leis an aimsir in Éireann
acht ní'l an oiread brighe ionnta is tá ins an dá chionn-
fáth ar chuireas síos cheana. Athruightheann an aimsir
do réir aoirde na háite, sé sin le rádh tá an
aimsir níos fuaire ar dhruim sléibhe 'ná tá sí i ngleann
nó ar mhaigh. Airmhighthear go gcailltear teas atá
ionann le céim do réir tomhaise Fahrenhéit ar gach
250 troighthibh do aoirde ós cionn na fairrge; agus mar
atá a leath de thalamh na hÉireann níos aoirde ná sin
is soiléir go mbaineann aoirde na tíre leis an aimsir.
Rud eile fós má tá an talamh neamhcomhthrom agus
claonta is mó an teas gheibhthear ar cheantar atá ag
tabhairt a haighthe ar an ngréin na gheibhthear i ndúthaigh
chúl le ghréin.



Baineann ar gaoth go mór le haimsir agus mar
thigeann an chuid is mó de'n ghaoith aniar is mó
an doinionn gheibhthear do ghnáth ar iarthar na tíre
na ar an oirthear. Agus mar tá sléibhte árda
ar imeallbhórd na hÉireann san iarthar, beagnach ó
thuaidh go deas, ghnidheann na sléibhte sin fosgadh agus
dídion do'n tír ó sin soir.



Is mór an donas do'n tír seo gur cailleadh na
foraoise agus na coillte do bhí ag fás innti san tsean-
aimsir óir ba mhór an díon do'n tír iad, go sonradhach
tráth fhásadar ar na cnocaibh agus ar n-a sléibhtibh. Budh
mhór an buntaiste d'eallaghaibh agus do chaorchaibh an díon
úd do bheith aca.



Ní'l locht níos mó ar aimsir na hÉireann 'na barraidh-
eacht fliuch-lachta agus barraidheacht báisdighe. Tigeann
an locht seo ó'n sruth bog ceannsa úd ar ar thráchtas
shuas .i. ó shruth na hAibhéise; óir mar tá teas mhór san
sruth úd tá'n gail i gcomhnuidhe ag éirghe as. Seóltar
an ghail seo anall orrainne leis an ghaoith aniar agus nuair
a bhuaileann sí leis na cnocaibh agus leis na sléibhtibh in
Eirinn tuirlingeann sí orrainn i riocht fearthaine,
báisdighe ceó agus drúchta. Is mór an donas do'n tír an
fliuchlachd seo acht ar a shon sin bhéimís níos measa gan
é, óir dá stadfadh sruth na hAibhéise ag teacht fhaid
linn ní feirrde dúinn é. Budh fhéidir dúinn fliúchachd


L. 386


na haimsire do leasughadh beagán le tirmiughadh agus
saothrughadh na talmhan agus le crannaibh agus adhmad do chur
ag fás ins an tír.



Siúd is nach bhfuil aimsir na hÉireann ar fheabhas atá
sí saor ó'n iomad doininn agus donas agus tubaiste a
bhaineas do'n aimsir i dtíorthaibh choigchríche.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services