Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Turus a Málain Bhig go Tílinn.
Title
Turus a Málain Bhig go Tílinn.
Author(s)
Proinsias,
Pen Name
Proinsias
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Turus a Málain Bhig go Tílinn. Dia Domhnaigh an séamhadh lá déag de Mheitheamh d'fhág sinn Malain Bheag agus chuaidh sinn go Caiseal ar maidin mar bhí Aifreann luath ann. Tháinig sinn abhaile aris, tuairim ar naoi míle do shiubhal. D'fhásduigheamar cár le bheith romhainn ag Ceapach agus as go bráth linn amach Bruach na Trágha báine suas na Foráin agus suas Aill Cuirín, síos go Lamhair, thart ag an Árd Romhar, suas taobh Sliabh na Liag, go dtáinig sinn go Béal Fhorraidh. Tá dallán mór cloiche annso go dtugann siad an címlar air. Is ann atá na clocha cúinne is deise chonnaic mé ariamh. B'fhiú na mílte punt é dá mbéadh sé cois baile againn annso. Ghlac sinn ar sgíste, agus deirim-se leat-sa gur iomdha focal greann- mhar bhí eadrainn go ceann tamaill. Suas arís linn go dtáinig sinn go barr Sliabh na Liag. As sin atá an fhéachaint aoibhinn. A cháirde an rabh sibh ariamh ar bharr an tsléibhe seo? Muna rabh, tigidh ann agus deirim- se libh go mbéidh áthas oraibh. Tá cosán deas ar a mhullach, go dtugthar casán na cúinne air. Tá an fhairrge ar thaobh dhe agus Loch na Cuinne ná Loch Cruach ar an taoibh eile. Tá tobar naomhtha annso go dtugthar Tobar Bhricneann air. Deir na sean-daoine gur bh'é an duine céadna sinne tobar naomhtha ar Oileán
Ráithlinn O Birn, agus nuair bhí sé ag teicheadh amach bruach na n-aille mar bhí an ghaoth 'n-a aghaidh, thuit deóra ó n-a shúilibh agus tá tobar ar lorg na ndeor ó'n lá sin go dtí an lá indiu. Mar an gcéadna nuair bhí sé ag dul ar each ar mhullach Shliabh na Liag chaith sé é féin ar a ghlúinibh agus rinn sé an tobar naomhtha so. Dubhramar paidir go dúthrachtach, agus as go bráth linn ar ais arís amach Casan an éan-duine agus ní bréag casán an éan-duine do thabhairt air théid ann ar chor ar bith. Bhí tamall spancóireacht againn annsin. Chuaidh sinn síos go Bun Glas annsin agus shuidheamar ar an cláir lic mhóir atá 'n-a suidhe ar thrí dallánaibh cloiche gur ghlac sinn ar sgíste. Chuaidh sinn isteach go teach Sheagháin Ó Baráin agus lás sinn an píopa. Síos arís linn tre Cruachlainn síos, síos go dtáinig sinn go Ceapach. Bhí an car ag fanacht linn annso. Isteach linn go teach Uilliam Uí Eachtaigh, go rabh dinnéar maith againn agus deoch n-a dhiaidh. Chuaidh sinn ag spais- deóireacht suas is anuas an bealach mór gur chuir an tiománuidhe an láir ins an gcár. Is iomdha focal grinn do chualaidh sinn lena linn go dtáinig sinn abhaile go Málain Bhig áluinn. Proinsias
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services