Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Turus a Málain Bhig go Tílinn.

Title
Turus a Málain Bhig go Tílinn.
Author(s)
Proinsias,
Pen Name
Proinsias
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Turus a Málain Bhig go Tílinn.



Dia Domhnaigh an séamhadh lá déag de Mheitheamh
d'fhág sinn Malain Bheag agus chuaidh sinn go Caiseal ar
maidin mar bhí Aifreann luath ann. Tháinig sinn abhaile
aris, tuairim ar naoi míle do shiubhal. D'fhásduigheamar
cár le bheith romhainn ag Ceapach agus as go bráth linn
amach Bruach na Trágha báine suas na Foráin agus suas
Aill Cuirín, síos go Lamhair, thart ag an Árd Romhar,
suas taobh Sliabh na Liag, go dtáinig sinn go Béal
Fhorraidh. Tá dallán mór cloiche annso go dtugann
siad an címlar air. Is ann atá na clocha cúinne is
deise chonnaic mé ariamh. B'fhiú na mílte punt é dá
mbéadh sé cois baile againn annso. Ghlac sinn ar
sgíste, agus deirim-se leat-sa gur iomdha focal greann-
mhar bhí eadrainn go ceann tamaill. Suas arís linn
go dtáinig sinn go barr Sliabh na Liag. As sin atá
an fhéachaint aoibhinn. A cháirde an rabh sibh ariamh ar
bharr an tsléibhe seo? Muna rabh, tigidh ann agus deirim-
se libh go mbéidh áthas oraibh. Tá cosán deas ar a
mhullach, go dtugthar casán na cúinne air. Tá an
fhairrge ar thaobh dhe agus Loch na Cuinne ná Loch Cruach ar
an taoibh eile. Tá tobar naomhtha annso go dtugthar
Tobar Bhricneann air. Deir na sean-daoine gur bh'é
an duine céadna sinne tobar naomhtha ar Oileán


L. 290


Ráithlinn O Birn, agus nuair bhí sé ag teicheadh amach
bruach na n-aille mar bhí an ghaoth 'n-a aghaidh, thuit
deóra ó n-a shúilibh agus tá tobar ar lorg na ndeor ó'n
lá sin go dtí an lá indiu. Mar an gcéadna nuair bhí
sé ag dul ar each ar mhullach Shliabh na Liag chaith sé é
féin ar a ghlúinibh agus rinn sé an tobar naomhtha so.



Dubhramar paidir go dúthrachtach, agus as go bráth linn
ar ais arís amach Casan an éan-duine agus ní bréag
casán an éan-duine do thabhairt air théid ann ar chor ar
bith. Bhí tamall spancóireacht againn annsin. Chuaidh
sinn síos go Bun Glas annsin agus shuidheamar ar an
cláir lic mhóir atá 'n-a suidhe ar thrí dallánaibh cloiche
gur ghlac sinn ar sgíste. Chuaidh sinn isteach go teach
Sheagháin Ó Baráin agus lás sinn an píopa. Síos arís
linn tre Cruachlainn síos, síos go dtáinig sinn go
Ceapach. Bhí an car ag fanacht linn annso. Isteach
linn go teach Uilliam Uí Eachtaigh, go rabh dinnéar
maith againn agus deoch n-a dhiaidh. Chuaidh sinn ag spais-
deóireacht suas is anuas an bealach mór gur chuir an
tiománuidhe an láir ins an gcár. Is iomdha focal
grinn do chualaidh sinn lena linn go dtáinig sinn
abhaile go Málain Bhig áluinn.



Proinsias

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services