Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is maith an dorn airgid atá an tSín d'á thabhairt do Chumhachtaibh na hEórpa acht leigeann di. Trí fichid milliún is eadh é, acht tá cáirde fiche bliadhain aici le n-a dhíol. B'fhéidir go mbiadh an tSín i gceann leath na haimsire i dtreo do rádh leo, tá mo dhóithin díolta agam anois, mar ní fios cad do thuitfidh amach i gceann fiche bliadhan. Tá prionnsa ó'n Sín ag teacht le teachtaireacht chum Ímpire na Gearmáine agus ceapaim go mbeidh sé ag iarraidh na cáine úd do laghdúghadh, agus ná beidh a chuaird i n-aisdear, mar is áil leis an Ímpire sin a theasbáint do chách gur fear deagh-mhéinneach é. Beidh sé d'á chur i n-iúl do'n tSíneach úd gurab é féin an fear is cúmhachtaighe ar Roinn na hEórpa, agus go bhfuil sé 'na chumas a rádh le tíorthaibh eile “ná bídhidh ró-chruaidh ar an tSín seo,” agus go ndéanfaidh na tíortha soin rud air. Is gearr ó shoin ó bhí Seaghan Buidhe sin go mór-chúiseach agus go buannamhail, agus is chuigesean do thiocfadh an tSíneach le haghaidh fóirthín d'fhághail ó Chúmhachtaibh cíocracha na hEórpa. Acht an té bhíonn síos buailtear cos air, tá Seaghán bocht 'na thruagh-mhuire ós cómhair an tsaoghail agus dream beag fear tuatha d'á phléasgadh ó Bhaile na Rinne go Pretoria, le dhá bhliadhain. Buhú, adeir Citsiner, do bhuail Bóta sin go hobann ag Houtcop an Aoine seo ghabh tharainn agus thóg sé leis gunna mor uainn. Sean-ghunna do b'eadh é, adeir Citsiner, agus abarthar an méid sin i gcás ná biadh mí-mheisneach ar amadánaibh ag baile. Ar ndóich sean-ghunna do b'eadh é chum geite do bhaint as priachábaibh. Is cóir agus is ceart na hamadáin ag baile do mhealladh. Theasduigh an cogadh uatha agus táid siad ag díol as anois. Bhí na Bóraigh sin an-ghnóthach ar feadh na seachtmhaine. Is mór an náire dhóibh bheith chómh ceanndána sin. Bhuail dream aca le sgata d'ár saighdiúiríbh do bhí ag tionn- lacan carbaid gaile ar an mbóthar iarrainn agus do ghnídh na Bóraigh sin riléitheacha dhíobh. Beart fheill do b'eadh í, adeir na páipéir, seachas gur thángadar i gan fhios ortha. Ba chóir do na Bóraigh a rádh. “Chúgaibh! támuid ag teacht.” Tá an geimhreadh annsúd aca agus síon is sioc. Nach ait an liathróid an domhan so, bíonn na daoine dh'á leathadh leis an bhfuacht ar cheann de agus anaithe ar a thuilleadh aca leis an dteas ar thaobh eile dhe. D'á mhéid an brothall do bhí i nAmericá an lá eile is beag ná'r cailleadh fear ann leis an bhfuacht. Tá seómra lic-oighre aige fá na thigh-ósda, mar a bhfuil feóil ar crochadh, i gcás ná tiocfadh an chruimh innte leis an dteas. Thug sé turus síos chum na feóla agus d'iadhaidh sé an dorus air féin gan coinne leis. Bhí an barra-liobar air nuair do fuarthas é, agus ba gheárr go mbiadh sé 'na stalca reóite. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services