Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is maith an dorn airgid atá an tSín d'á thabhairt do
Chumhachtaibh na hEórpa acht leigeann di. Trí fichid
milliún is eadh é, acht tá cáirde fiche bliadhain aici le
n-a dhíol. B'fhéidir go mbiadh an tSín i gceann leath
na haimsire i dtreo do rádh leo, tá mo dhóithin díolta
agam anois, mar ní fios cad do thuitfidh amach i gceann
fiche bliadhan.



Tá prionnsa ó'n Sín ag teacht le teachtaireacht chum
Ímpire na Gearmáine agus ceapaim go mbeidh sé ag
iarraidh na cáine úd do laghdúghadh, agus ná beidh a chuaird
i n-aisdear, mar is áil leis an Ímpire sin a theasbáint
do chách gur fear deagh-mhéinneach é. Beidh sé d'á chur
i n-iúl do'n tSíneach úd gurab é féin an fear is
cúmhachtaighe ar Roinn na hEórpa, agus go bhfuil sé 'na
chumas a rádh le tíorthaibh eile “ná bídhidh ró-chruaidh ar
an tSín seo,” agus go ndéanfaidh na tíortha soin rud air.
Is gearr ó shoin ó bhí Seaghan Buidhe sin go mór-chúiseach
agus go buannamhail, agus is chuigesean do thiocfadh an tSíneach
le haghaidh fóirthín d'fhághail ó Chúmhachtaibh cíocracha na
hEórpa. Acht an té bhíonn síos buailtear cos air, tá
Seaghán bocht 'na thruagh-mhuire ós cómhair an tsaoghail
agus dream beag fear tuatha d'á phléasgadh ó Bhaile na
Rinne go Pretoria, le dhá bhliadhain. Buhú, adeir
Citsiner, do bhuail Bóta sin go hobann ag Houtcop
an Aoine seo ghabh tharainn agus thóg sé leis gunna mor
uainn. Sean-ghunna do b'eadh é, adeir Citsiner, agus
abarthar an méid sin i gcás ná biadh mí-mheisneach ar
amadánaibh ag baile. Ar ndóich sean-ghunna do b'eadh
é chum geite do bhaint as priachábaibh. Is cóir agus is
ceart na hamadáin ag baile do mhealladh. Theasduigh
an cogadh uatha agus táid siad ag díol as anois.



Bhí na Bóraigh sin an-ghnóthach ar feadh na seachtmhaine.
Is mór an náire dhóibh bheith chómh ceanndána sin. Bhuail
dream aca le sgata d'ár saighdiúiríbh do bhí ag tionn-
lacan carbaid gaile ar an mbóthar iarrainn agus do ghnídh
na Bóraigh sin riléitheacha dhíobh. Beart fheill do b'eadh
í, adeir na páipéir, seachas gur thángadar i gan fhios
ortha. Ba chóir do na Bóraigh a rádh. “Chúgaibh! támuid
ag teacht.” Tá an geimhreadh annsúd aca agus síon is
sioc. Nach ait an liathróid an domhan so, bíonn na
daoine dh'á leathadh leis an bhfuacht ar cheann de agus
anaithe ar a thuilleadh aca leis an dteas ar thaobh eile
dhe.



D'á mhéid an brothall do bhí i nAmericá an lá eile is
beag ná'r cailleadh fear ann leis an bhfuacht. Tá
seómra lic-oighre aige fá na thigh-ósda, mar a bhfuil
feóil ar crochadh, i gcás ná tiocfadh an chruimh innte
leis an dteas. Thug sé turus síos chum na feóla agus
d'iadhaidh sé an dorus air féin gan coinne leis. Bhí an
barra-liobar air nuair do fuarthas é, agus ba gheárr go
mbiadh sé 'na stalca reóite.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services