Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Ba dhóich leat nách bhfuil aon bhaoghal go gcromfaidh na Francaigh agus na Sasanaigh ar phléasgadh a chéile, acht d'á leightheá sgéala do chuir tuarasgóir abhaile go Lúnduin uaidh an lá eile déarfá gur beag an ionn- taoibh atá ag Sasana as na Francaigh sin. Bíonn cabhlach mór loingeas le Seaghán ag seóladh i gcómh- nuidhe ins an Muir Toirrian atá idir an Eórpa is an Afric, agus tá roinn de loingeas na Fraince annsúd leis. Tá an tuarasgóir úd ag seóladh na fairrge leis an loingeas, agus deir sé go bhfuil faitchíos ar gach oifigeach mara go bhfuil na Francaigh ro-láidir annsúd. Is deacair a rádh cad do dhéanfaidh an Fhrainc, adeir sé, agus ba chóra dhíbhse ag baile a chur d'fhiachaibh ar an riaghaltas a thuilleadh longa cogaidh do sheóladh annso gan mhoill. Do chromfadh na Sasanaigh ar gháirídhe, tá tamall ó shoin, fá na leithéid seo de bhioránach bhéal-sgaoiltheach, agus déarfaidhe leis an dtaoiseach sáile ins an Muir Toirrian srian do chur le n-a ghuth, acht ní mar sin dúinn indiu. Tá samhail in gach tor. Is cosmhail Seaghán bocht le fear go mbiadh cos tinn aige. Má thagann fear eile ag pramsáil i ngar dó critheann fear na coise tinne le heagla go saltaireóchar air. Á! a Bhóraigh ghránna bhainis an fuadar as Sheaghán, agus ní hiongnadh go n-abrainn an saoghal gur maith an sgéal é, mar ní h-áil le héinne' an buaileam-sgiath. Chím ins na páipéaraibh go raibh an fear uallach soin Ímpire na nGearmánach ag tabhairt cómhráidh uaidh an lá eile. Deirthear ná'r thaithnigh sé sin go maith le cuid aca i Lúnduin. Cuirtear suim i gcaint an Ímpire sin, mar tá na sluaighte cogaidh aige. Deir sé go gcaithfear na Gearmánaigh do dhéanamh chómh láidir ar fairrge agus táid ar tír i gcás go mbiadh sé 'na gcumas a gceart d'fhághail ar fud an domhain. Tá sé ag bagairt orm-sa, adeir fear na coise tinne. Creidtear go bhfuil machtnamh éigin ag gabháil thre aigne an Ímpire seo. Tá an iomad Gearmánach ag dul go hAmericá gach bliadhain agus is soth leis an Ím- pire nách bhfuil said suidhte i dteannta a chéile i dtír éigin fá bhrat na Gearmáine. Ní leis féin iad feasda acht le hAmericá agus níor bh'iongnadh go ndéanfadh sé seift éigin chum deireadh chur leis an méid sin. Tá an Sasanach ag briseadh talmhan agus b'fhéidir gurab é an Gearmánach do chuirfeadh an síol ann. Ba mhaith leis a ghatha do chur ins an Argentina i nAmericá theas acht bhiadh conspóid agus achrann aige leis na Státaibh Aon- tuighthe mar gheall ar sin, agus níor dheas an gnó bheith ag imreasgáil leis an mbeathadhach soin Seón. Thug sei- sean na mionna ná leigfeadh sé d'aon chúmhacht feasda seilbh do ghabháil ar soinn Americá thuaidh 'ná theas, agus ní fhuil sé i misneach aon aca a rádh leis, “cad é sin duit-se?” Cónán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services