Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Ba dhóich leat nách bhfuil aon bhaoghal go gcromfaidh
na Francaigh agus na Sasanaigh ar phléasgadh a chéile, acht
d'á leightheá sgéala do chuir tuarasgóir abhaile go
Lúnduin uaidh an lá eile déarfá gur beag an ionn-
taoibh atá ag Sasana as na Francaigh sin. Bíonn
cabhlach mór loingeas le Seaghán ag seóladh i gcómh-
nuidhe ins an Muir Toirrian atá idir an Eórpa is an
Afric, agus tá roinn de loingeas na Fraince annsúd
leis. Tá an tuarasgóir úd ag seóladh na fairrge
leis an loingeas, agus deir sé go bhfuil faitchíos ar gach
oifigeach mara go bhfuil na Francaigh ro-láidir annsúd.
Is deacair a rádh cad do dhéanfaidh an Fhrainc, adeir
sé, agus ba chóra dhíbhse ag baile a chur d'fhiachaibh ar an
riaghaltas a thuilleadh longa cogaidh do sheóladh annso
gan mhoill.



Do chromfadh na Sasanaigh ar gháirídhe, tá tamall ó
shoin, fá na leithéid seo de bhioránach bhéal-sgaoiltheach,
agus déarfaidhe leis an dtaoiseach sáile ins an Muir
Toirrian srian do chur le n-a ghuth, acht ní mar sin
dúinn indiu. Tá samhail in gach tor. Is cosmhail
Seaghán bocht le fear go mbiadh cos tinn aige. Má
thagann fear eile ag pramsáil i ngar dó critheann
fear na coise tinne le heagla go saltaireóchar air.
Á! a Bhóraigh ghránna bhainis an fuadar as Sheaghán, agus
ní hiongnadh go n-abrainn an saoghal gur maith an
sgéal é, mar ní h-áil le héinne' an buaileam-sgiath.



Chím ins na páipéaraibh go raibh an fear uallach soin
Ímpire na nGearmánach ag tabhairt cómhráidh uaidh an
lá eile. Deirthear ná'r thaithnigh sé sin go maith le
cuid aca i Lúnduin. Cuirtear suim i gcaint an
Ímpire sin, mar tá na sluaighte cogaidh aige. Deir
sé go gcaithfear na Gearmánaigh do dhéanamh chómh
láidir ar fairrge agus táid ar tír i gcás go mbiadh sé
'na gcumas a gceart d'fhághail ar fud an domhain. Tá
sé ag bagairt orm-sa, adeir fear na coise tinne.
Creidtear go bhfuil machtnamh éigin ag gabháil thre
aigne an Ímpire seo. Tá an iomad Gearmánach ag
dul go hAmericá gach bliadhain agus is soth leis an Ím-
pire nách bhfuil said suidhte i dteannta a chéile i dtír
éigin fá bhrat na Gearmáine. Ní leis féin iad feasda
acht le hAmericá agus níor bh'iongnadh go ndéanfadh sé
seift éigin chum deireadh chur leis an méid sin. Tá
an Sasanach ag briseadh talmhan agus b'fhéidir gurab é an
Gearmánach do chuirfeadh an síol ann. Ba mhaith leis
a ghatha do chur ins an Argentina i nAmericá theas acht
bhiadh conspóid agus achrann aige leis na Státaibh Aon-
tuighthe mar gheall ar sin, agus níor dheas an gnó bheith ag
imreasgáil leis an mbeathadhach soin Seón. Thug sei-
sean na mionna ná leigfeadh sé d'aon chúmhacht feasda
seilbh do ghabháil ar soinn Americá thuaidh 'ná theas, agus ní
fhuil sé i misneach aon aca a rádh leis, “cad é sin
duit-se?”



Cónán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services