Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag Baile
Title
Ag Baile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 15, 1901 Ag Baile Ní féidir a innsint go ró-mhinic do Ghaedhealaibh idir tuath agus cléir gur orra féin amháin théidheann teanga ar sinsear do choimeád beó agus do chur i ngnáth-usáid arís ó cheann ceann an Oileáin seo. “O”, adeir duine, “is cuma liom-sa. Labhraim Gaedhilg nuair labharthar Geadhilg liom, acht ní bhéinn-se im' chur féin amudha ag labhairt Gaedhilge le gach éan-duine chasfar orm. Cá bhfios dam an mbéadh Gaedhilg aige.” “Nach cuma dhuit-se sin,” adeirimíd-ne, “má tá Gaedhilg aige tiubharaidh sé freagradh dhuit san teangaidh sin; muna bhfuil is air-sean agus ní hort-sa ba chóir an náire agus an ceann-faoi bheith.” “Seadh,” adéarfadh duine eile, “nár dheas an radharc é mise agus Mícheál annso ag labhairt Gaedhilg, agus gasra fear taobh linn ag spreagadh Béarla agus ag magadh fúinne ar lán a ndíchill.” “Ní'l ionnat acht spreasán,” adeirimíd, “má's amhlaidh thagann mí-mheisneach ort roimh sgata dailtíní gan áird; b'fhurus duit féin agus do Mhicheál focal breágh grinn nó dhó rádh n-a dtaobh-san, agus b'fhéidir tar éis tamaill, agus cnead nó dhó do chur díobh, go bhfuighdís leabhar agus go dtosnó'dís ar Ghaedhilg d'fhoghluim. Is minic do chonncamar féin soin.” Easbha mheisnigh chroidhe is eadh is mó ghoilleann ar mhuinntir na Gaedhilge. Tá aithne mhaith againn ar dhuine go bhfuil togha Ghaedhilge aige. Bíonn sé i gcomhnuidhe láithreach ag a chraoibh féin de'n Chonnradh. Labhrann sé go hárd-ghlórach i mBéarla agus i nGaedhilg, ag moladh “teangadh Phádraig, agus Chuilm Cille” agus na céadta rudaí eile mar sin. Is dóigh le gach éinne san áit gur fear mór Gaedhilge é. Leanaimís an fear céadna abhaile agus cad do-chífeam? Ní fheiceam puinn, ná ní chloisfeam puinn acht Béarla agus ní héan-Bhéarla foghanta é acht chomh beag. Thuig- feadh urmhór de mhuinntir an tighe an Ghaedhilg go maith, acht fiú an fhocail di ní labharthar ann. Ní'l de misneach ag fear an tighe agus tosnughadh ar a labhairt de ghnáth, fiú amháin ar feadh seachtmhaine. 'N-a dhiaidh sin ní bhéadh éan-bhaoghal ná go leanfaoi ar a labhairt. Is ait an dream sinne, muinntir na hÉireann. Dá mbeimís i lár catha, nár bh'éachtach ar ngníomhartha. Bhéadh an doman mór ag trácht ar ar gcalmacht. Acht nuair ná hiarrtar orainn acht ar dteanga féin do labhairt le chéile, tagann náire agus meathtacht croidhe orainn agus ní dhéanaimíd pioc. Nach ceanamhail atáimíd ar theangaidh an Allmhuraigh? Ba dhóigh le duine orainn ná dear- naidh an tAllmhurach soin éin-nídh riamh acht maith dhúinn. I n-ainm Dé muna bhfuilmíd dáríribh san obair seo, caithimís uainn í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services