Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ag Baile

Teideal
Ag Baile
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1901
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Meitheamh 15, 1901



Ag Baile



Ní féidir a innsint go ró-mhinic do Ghaedhealaibh idir
tuath agus cléir gur orra féin amháin théidheann teanga ar
sinsear do choimeád beó agus do chur i ngnáth-usáid arís
ó cheann ceann an Oileáin seo. “O”, adeir duine,
“is cuma liom-sa. Labhraim Gaedhilg nuair labharthar
Geadhilg liom, acht ní bhéinn-se im' chur féin amudha ag
labhairt Gaedhilge le gach éan-duine chasfar orm. Cá
bhfios dam an mbéadh Gaedhilg aige.”



“Nach cuma dhuit-se sin,” adeirimíd-ne, “má tá
Gaedhilg aige tiubharaidh sé freagradh dhuit san
teangaidh sin; muna bhfuil is air-sean agus ní hort-sa
ba chóir an náire agus an ceann-faoi bheith.” “Seadh,”
adéarfadh duine eile, “nár dheas an radharc é mise agus
Mícheál annso ag labhairt Gaedhilg, agus gasra fear taobh
linn ag spreagadh Béarla agus ag magadh fúinne ar lán
a ndíchill.”



“Ní'l ionnat acht spreasán,” adeirimíd, “má's
amhlaidh thagann mí-mheisneach ort roimh sgata dailtíní
gan áird; b'fhurus duit féin agus do Mhicheál focal breágh
grinn nó dhó rádh n-a dtaobh-san, agus b'fhéidir tar éis
tamaill, agus cnead nó dhó do chur díobh, go bhfuighdís
leabhar agus go dtosnó'dís ar Ghaedhilg d'fhoghluim. Is
minic do chonncamar féin soin.”



Easbha mheisnigh chroidhe is eadh is mó ghoilleann ar
mhuinntir na Gaedhilge. Tá aithne mhaith againn ar
dhuine go bhfuil togha Ghaedhilge aige. Bíonn sé i
gcomhnuidhe láithreach ag a chraoibh féin de'n Chonnradh.
Labhrann sé go hárd-ghlórach i mBéarla agus i nGaedhilg,
ag moladh “teangadh Phádraig, agus Chuilm Cille” agus na
céadta rudaí eile mar sin. Is dóigh le gach éinne san
áit gur fear mór Gaedhilge é.



Leanaimís an fear céadna abhaile agus cad do-chífeam?
Ní fheiceam puinn, ná ní chloisfeam puinn acht Béarla
agus ní héan-Bhéarla foghanta é acht chomh beag. Thuig-
feadh urmhór de mhuinntir an tighe an Ghaedhilg go maith,
acht fiú an fhocail di ní labharthar ann. Ní'l de misneach
ag fear an tighe agus tosnughadh ar a labhairt de ghnáth,
fiú amháin ar feadh seachtmhaine. 'N-a dhiaidh sin ní
bhéadh éan-bhaoghal ná go leanfaoi ar a labhairt. Is ait
an dream sinne, muinntir na hÉireann. Dá mbeimís
i lár catha, nár bh'éachtach ar ngníomhartha. Bhéadh an
doman mór ag trácht ar ar gcalmacht. Acht nuair ná
hiarrtar orainn acht ar dteanga féin do labhairt le
chéile, tagann náire agus meathtacht croidhe orainn agus ní
dhéanaimíd pioc. Nach ceanamhail atáimíd ar theangaidh
an Allmhuraigh? Ba dhóigh le duine orainn ná dear-
naidh an tAllmhurach soin éin-nídh riamh acht maith dhúinn.
I n-ainm Dé muna bhfuilmíd dáríribh san obair seo,
caithimís uainn í.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services