Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chéad Nídh Eile
Title
An Chéad Nídh Eile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 8, 1901 AN CHÉAD NÍDH EILE Tá an tOireachtas tharainn, agus tig linn a rádh gur dóigh linn gur fada na facas seachtmhain comh Gaedh- ealach i bPríomh-chathair na Banba. Bhí an Ghaedhilg gá labhairt i ngach éan-bhall thíos thuas thoir agus thiar. Bhí glan-spiorad uasal so-fheicsiona na nGaedheal fá láin- réim, i gcaitheamh na seachtmhaine. Is amhlaidh bíthí ag iomaidh ag iarraidh beith ní ba Ghaedhealaighe ná a chéile. B'fhuruist aithint ar aghaidh gáire an Chraoibhín Aoibhinn (bail ó Dhia air) gur thaitin obair chruaidh na seachtmhaine leis agus gur mhaith agus gur thairbheach an tseachtmhain í do chúis na Gaedhilge. A bhuidhe le Dia na bhfeart go ráinig linn a leithéid d'fheicsint i mBaile Átha Cliath. Tá an oiread soin rudaí gur mhaith linn cur síos orra, gur deacair linn a dhéanamh amach cá dtosnócham. Acht is é an cruinniughadh bhí i Sean-tseomra na gCuirm, dar linne, is mó thuilleas ó Ghaedhealaibh, aire do thabhairt dó agus do réir mar thuitfeas rudaí amach a gcuid féin de'n obair do dhéanamh. Ní aibreóm ná go bhféadfaoi tosnughadh ar an obair sin cheana féin. Ba mhaith agus ba thábhachtach an chaint do cualas ó na daoinibh uaisle do labhair an oidhche sin, agus tá súil againn ná caillfear ar na teachtairíbh bhí láithreach ó'n dtuaith í. Is orra do théidheann eólas na ceiste seo an dá oideachas do leathadh 'n-a n-áitibh comhnuidhthe féin. Is beag is fiú an cunntas do gheibhtear ar an gcruinniughadh i bpáipéaraibh Bhaile Átha Cliath. Nach é an feall agus an náire a leithéidí ar fulang slán agus an milleadh agus an sgrios do-ghníd ar a bhfuil de Ghaedhealachas i nÉirinn gach éan-lá dá dtagann. Caithfeam an tAthair Eabhroc do bhagairt orra arís, nó ní bhfuigheam dadamh uatha. Is é socrughadh na caillighe mar is áil léi féin é aca indiu, acht muna leasuighid a gcuid béasa, caithfear roinnt piobair do chur futha, chum an codladh do bhaint díobh, agus a gcur ag taisdeal an bhóthair dhírigh. Acht buidheachas le Dia, ní'limíd ag braith orra-soin amháin. Táimíd láidir go leór chum a chur i n-umhail dóibh go bhfuilmíd-ne Gaedhealach ar éin-tslighe, agus ná tuigmíd an duine go bhfuil trí ceathramhna dhe Gallda ann agus an cheathramha eile ag tnúth go haindeis le bheith Gaedhealach; ná tuigimíd an teanga liom leó ná an té is mór caint agus is beag gníomh. Gráin orra mar chaillea- chaibh, ní fiú iad a gcáineadh. Béidh fios an sgéil seo i gceart ag muinntir na hÉireann i n-aimhdheóin díchill na gCailleach. Tiocfaid i gceann a chéile ag iarraidh na ceiste seo leigheas, agus ní'l dlighe ná cumhachta dá mhéid nó dá lionmhaireacht iad ná béidh sé ar ar gcumas a leagadh, chum ar gceart do bhaint amach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services