Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Chéad Nídh Eile

Title
An Chéad Nídh Eile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Meitheamh 8, 1901



AN CHÉAD NÍDH EILE



Tá an tOireachtas tharainn, agus tig linn a rádh gur
dóigh linn gur fada na facas seachtmhain comh Gaedh-
ealach i bPríomh-chathair na Banba. Bhí an Ghaedhilg gá
labhairt i ngach éan-bhall thíos thuas thoir agus thiar. Bhí
glan-spiorad uasal so-fheicsiona na nGaedheal fá láin-
réim, i gcaitheamh na seachtmhaine. Is amhlaidh bíthí ag
iomaidh ag iarraidh beith ní ba Ghaedhealaighe ná a chéile.
B'fhuruist aithint ar aghaidh gáire an Chraoibhín Aoibhinn
(bail ó Dhia air) gur thaitin obair chruaidh na seachtmhaine
leis agus gur mhaith agus gur thairbheach an tseachtmhain í do
chúis na Gaedhilge. A bhuidhe le Dia na bhfeart go
ráinig linn a leithéid d'fheicsint i mBaile Átha Cliath.



Tá an oiread soin rudaí gur mhaith linn cur síos
orra, gur deacair linn a dhéanamh amach cá dtosnócham.
Acht is é an cruinniughadh bhí i Sean-tseomra na gCuirm,
dar linne, is mó thuilleas ó Ghaedhealaibh, aire do
thabhairt dó agus do réir mar thuitfeas rudaí amach a
gcuid féin de'n obair do dhéanamh. Ní aibreóm ná go
bhféadfaoi tosnughadh ar an obair sin cheana féin. Ba
mhaith agus ba thábhachtach an chaint do cualas ó na
daoinibh uaisle do labhair an oidhche sin, agus tá súil againn
ná caillfear ar na teachtairíbh bhí láithreach ó'n dtuaith í.
Is orra do théidheann eólas na ceiste seo an dá
oideachas do leathadh 'n-a n-áitibh comhnuidhthe féin. Is
beag is fiú an cunntas do gheibhtear ar an gcruinniughadh
i bpáipéaraibh Bhaile Átha Cliath. Nach é an feall agus an
náire a leithéidí ar fulang slán agus an milleadh agus an
sgrios do-ghníd ar a bhfuil de Ghaedhealachas i nÉirinn
gach éan-lá dá dtagann. Caithfeam an tAthair Eabhroc
do bhagairt orra arís, nó ní bhfuigheam dadamh uatha.
Is é socrughadh na caillighe mar is áil léi féin é aca
indiu, acht muna leasuighid a gcuid béasa, caithfear
roinnt piobair do chur futha, chum an codladh do bhaint
díobh, agus a gcur ag taisdeal an bhóthair dhírigh.



Acht buidheachas le Dia, ní'limíd ag braith orra-soin
amháin. Táimíd láidir go leór chum a chur i n-umhail
dóibh go bhfuilmíd-ne Gaedhealach ar éin-tslighe, agus ná
tuigmíd an duine go bhfuil trí ceathramhna dhe Gallda
ann agus an cheathramha eile ag tnúth go haindeis le bheith
Gaedhealach; ná tuigimíd an teanga liom leó ná an té
is mór caint agus is beag gníomh. Gráin orra mar chaillea-
chaibh, ní fiú iad a gcáineadh.



Béidh fios an sgéil seo i gceart ag muinntir na
hÉireann i n-aimhdheóin díchill na gCailleach. Tiocfaid
i gceann a chéile ag iarraidh na ceiste seo leigheas, agus
ní'l dlighe ná cumhachta dá mhéid nó dá lionmhaireacht
iad ná béidh sé ar ar gcumas a leagadh, chum ar gceart
do bhaint amach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services