Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seósamh Bán agus na Constáblaí
Title
Seósamh Bán agus na Constáblaí
Author(s)
Fear Feasa,
Pen Name
FearFeasa
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seósamh Bán agus na Constáblaí Ní raibh an ghrian ag éirighe fós, acht do bhí an dá néal ag deargadh agus na constáblaí ag teacht agus ngoireacht do thig Risteáird Bháin Uí Bhriain an stileóra neamh dhleathaigh. An mhí roimhe sin do chuarduigheadar teach Risteáird cheana, acht d'éirigh an chuaird sin leo mar d'éirigh mórán cuaird do thugadar ar an tigh úd roimhe sin, is é sin go raibh sé in aisdir. Acht ní raibh an tsúil sin aca an mhaidin ar dtráchtamaoid annso; do bhí chún- tas cruinn faghálta aca ó spídeáir éigin go raibh dá fhichid galún poitín déanta ag Risteárd, agus go raibh sé i gcisde aige i n-áit éigin in aice a thighe féin. Ar an ádhbhar sin, bhíodar go han-mhisneamhail dóchasach ag siubhal amach ó'n mbarraic dóibh; sé cinn aca bhí ann, fá ordughadh chinn uraidh agus sáirsint. Acht má bhíodar-san shuas go grod, do bhí Seósamh mac Risteáird (garsún timcheall a seacht mbliadhan déag) amuigh chómh grod leó. D'éirigh sé do thabhairt aire do bhuin bhí le breith agus bhí sé thuas ar thúrtóig bhí os cionn an tighe agus na constáblaí ag teacht aníos an bóthar. Do chonnaic sé iad agus má chonnaic do rith chum
an tighe. Do chonnaic an ceann uraidh ag rith é agus d'órduigh ar a chuid fear brostughadh. Isteach ins an macha leó. Do phreab Seósamh amach an doras agus cliabh 'na láimh aige agus do sgiúrd timcheall an tighe. “'N-a dhiaidh libh go dian,” ar an ceann ag preabadh 'n-a dhiaidh é féin. Nuair do shroich na constáblaí taobh eile an tighe bhí Seósamh imthighthe faid páirce uatha agus d'éirigh an ceann as an tóruigheacht, do chuir an sáirseant agus beirt fhear 'na dhiaidh agus d'fhan sé féin i n-éinfheacht leis an gcuid eile chum an tighe do chuardach. N-a dhiaidh leis an sáirseant agus an bheirt ar sgiúirse an anama, acht reathuidhe maith do b'eadh Seósamh agus ba bheag an maitheas dóibh a saothar muna moéadh gur rith Seósamh go mall tar éis míle slighe nach mór do cur de agus é ag dul isteach i bport mór. Do chuir sin misneach ins na constáblaíbh, bhíodar lán-deimhnitheach gur easba anáile a bhí ag imirt air. Do chuireadar fuinneamh 'n-a reathaibh ionnas go rabhadar agus ngoireacht cúig slat dhó nuair a shroicheadar lár an phuirt. Do bhí an port go breagh réidh daingean fá na gcosaibh go dtí so acht do bhí bogach mór contabhartach annso. Ní bhéadh a fhios ag duine gan eólas air gur bhogach é, mar bhí sé clúduighthe le féar agus luachair ionnas go raibh sé chómh réidh leis an gcuid eile de'n phort cé nách raibh fá n-a bhun acht poll doimhin con- tabhartach uisge. Bhí cosán cumhang ag dul isteach ins an mbogach agus chuige sin do rith Seósamh: ní dhearnaidh sé díreach ar fad air ámh, acht do rith go himeall an bhogaigh coiscéim ó 'n gcosán do thug truslóg fhada annsain ar an gcosán agus do rith leis. Bhí na constáblaí ar a shálaibh le fuinneamh an beirt fhear ar dtús agus an sáirseant 'n-a ndiaidh: ní thugadar fá ndeara an bogach, bhí an oiread sin — fhuadar fútha acht do leanadar díreach 'n-a dhiaidh, agus — síos leis an gcéad fhear, ceann agus uile, an dara fhear ar a mhullach-sain agus an sáirseant anuas air-sean. Do sgread an sáirseant, do bhéic an dara fhear le sgannradh “Ó! Táim báidhthe! Cabhair! cabhair!” Acht gíog 'ná góg ní raibh as an bhfear eile mar bhí sé fá uisge agus an bheirt eile anuas air. Do rug an sáirseant ar an mbanc agus do tharraing amach é féin; do thug sé a lámh do'n fhear eile agus do tharraing sé amach é. Do chuir an tríomhadh fear a lámh aníos agus thosnuigh ag réabadh na luachra ag iarraidh greim d'fhagháil. Tháinig a cheann aníos. “A' bháthadh! táim tachtuighthe! cabhair! —” ar seisean le bhéic agus chuaidh sé síos arís. Do shín an sairseant a lámh isteach agus é ag dul síos; do rug air agus do tharraing amach é, leath bháidhte agus clúduighthe le láib agus salachar, acht ní raibh sé i bhfad níos measa 'ná an bheirt eile. Ní raibh an cosán ag teacht amach ag an taobh eile de'n bhogach i n-éan-chór; agus lár an bhogaigh bhí deireadh leis agus do shuidh Seósamh síos ar thurtóig bhig annso ag féachaint ar na constáblaíbh agus ag baint suilt ar an acharann 'na rabhadar. Do chonnaic an sáirseant 'na shuidhe ar an turtóig é, agus nuair fuair sé amach nách raibh an fear eile báidhte ar fad do lean sé isteach é. Do chrom Seósamh ar lógóireacht agus an sáirseant ag teacht isteach chuige; d'éirigh 'n-a sheasamh agus d'fhéach 'na thimcheall, ag iarraidh imthighthe ó'n sáirseant mar 'dh eadh, agus sgeón an tsaoghail 'n-a chuid lógóireachta do rug sé air agus do bhain an cliabh dé. Bhí sé lán deimhnitheach gur poitín bhí ann agus an sgannradh go léir do bheith ar an ngarsún. D'osgail sé é, acht — a bhrón, agus a chathughadh — bhí sé follamh, cómh follamh le n-a cheann féin agus do leig sé dhó tuitim as a láimh? Do tharraing sé anál fhada agus do chuir as le fuinneamh í, do las a shúile le fearg agus d'fhéach sé ar Sheósamh i dtreó is go mbéadh fonn a bhuailte air, acht ní dubhairt sé focal acht casadh ar a sháil agus filleadh go dtí an bheirt eile bhí ghá nglanadh féin ar an mbanc; do innis sé dhóibh mar do bhí an sgéal agus d'imthigheadar leó go brónach agus go leamh dhíobh féin ag triall ar an gceann chonstábla bhí ag cuardach an tighe, agus Seósamh ag siubhal 'na ndiaidh ar a shocracht. Do bhí an teach agus an áit 'na thimcheall cuarduighthe ag an gceann is a fhearaibh, gan éinnidh dá bhárr, mar ní raibh braon poitín sa tigh ag Risteárd, nuair tháinig an sáirseant agus a bheirt fhear. Bhí dóchas ag an gceann go mbéadh sgéal maith ag an sáirseant, acht nuair chonnaic sé an triúr bocht leath bháidhte ag teacht, do thuit a chroidhe ar an bhfear mbocht. D'fhéach sé ar an sáirseant agus do fhéach seisean ar an gceann: do thuigeadar a chéile agus d'imthigheadar leó abhaile. Do shuidh Risteárd Bán isteach dá chéadphroinn le croidhe éadtrom i n-éinfheacht le n-a mhuirighin an mhaidin sin: d'fhéach go huaibhreach ar a mhac is é ag innsint cúrsaidhe an reatha agus do gháir go fada bog mar ba ghnáth leis. Fear Feasa
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services