Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seósamh Bán agus na Constáblaí

Title
Seósamh Bán agus na Constáblaí
Author(s)
Fear Feasa,
Pen Name
FearFeasa
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Seósamh Bán agus na Constáblaí



Ní raibh an ghrian ag éirighe fós, acht do bhí an dá
néal ag deargadh agus na constáblaí ag teacht agus ngoireacht
do thig Risteáird Bháin Uí Bhriain an stileóra neamh
dhleathaigh.



An mhí roimhe sin do chuarduigheadar teach Risteáird
cheana, acht d'éirigh an chuaird sin leo mar d'éirigh
mórán cuaird do thugadar ar an tigh úd roimhe sin, is
é sin go raibh sé in aisdir. Acht ní raibh an tsúil sin
aca an mhaidin ar dtráchtamaoid annso; do bhí chún-
tas cruinn faghálta aca ó spídeáir éigin go raibh dá
fhichid galún poitín déanta ag Risteárd, agus go raibh sé
i gcisde aige i n-áit éigin in aice a thighe féin.



Ar an ádhbhar sin, bhíodar go han-mhisneamhail dóchasach
ag siubhal amach ó'n mbarraic dóibh; sé cinn aca bhí
ann, fá ordughadh chinn uraidh agus sáirsint.



Acht má bhíodar-san shuas go grod, do bhí Seósamh
mac Risteáird (garsún timcheall a seacht mbliadhan
déag) amuigh chómh grod leó. D'éirigh sé do thabhairt
aire do bhuin bhí le breith agus bhí sé thuas ar thúrtóig bhí os
cionn an tighe agus na constáblaí ag teacht aníos an
bóthar. Do chonnaic sé iad agus má chonnaic do rith chum


L. 178


an tighe. Do chonnaic an ceann uraidh ag rith é agus
d'órduigh ar a chuid fear brostughadh.



Isteach ins an macha leó. Do phreab Seósamh amach
an doras agus cliabh 'na láimh aige agus do sgiúrd timcheall
an tighe. “'N-a dhiaidh libh go dian,” ar an ceann ag
preabadh 'n-a dhiaidh é féin.



Nuair do shroich na constáblaí taobh eile an tighe bhí
Seósamh imthighthe faid páirce uatha agus d'éirigh an ceann
as an tóruigheacht, do chuir an sáirseant agus beirt fhear
'na dhiaidh agus d'fhan sé féin i n-éinfheacht leis an gcuid
eile chum an tighe do chuardach.



N-a dhiaidh leis an sáirseant agus an bheirt ar sgiúirse
an anama, acht reathuidhe maith do b'eadh Seósamh agus ba
bheag an maitheas dóibh a saothar muna moéadh gur
rith Seósamh go mall tar éis míle slighe nach mór do
cur de agus é ag dul isteach i bport mór. Do chuir sin
misneach ins na constáblaíbh, bhíodar lán-deimhnitheach
gur easba anáile a bhí ag imirt air. Do chuireadar
fuinneamh 'n-a reathaibh ionnas go rabhadar agus ngoireacht
cúig slat dhó nuair a shroicheadar lár an phuirt.



Do bhí an port go breagh réidh daingean fá na
gcosaibh go dtí so acht do bhí bogach mór contabhartach
annso. Ní bhéadh a fhios ag duine gan eólas air gur
bhogach é, mar bhí sé clúduighthe le féar agus luachair
ionnas go raibh sé chómh réidh leis an gcuid eile de'n
phort cé nách raibh fá n-a bhun acht poll doimhin con-
tabhartach uisge.



Bhí cosán cumhang ag dul isteach ins an mbogach
agus chuige sin do rith Seósamh: ní dhearnaidh sé díreach ar
fad air ámh, acht do rith go himeall an bhogaigh coiscéim
ó 'n gcosán do thug truslóg fhada annsain ar an
gcosán agus do rith leis. Bhí na constáblaí ar a shálaibh
le fuinneamh an beirt fhear ar dtús agus an sáirseant
'n-a ndiaidh: ní thugadar fá ndeara an bogach, bhí an
oiread sin — fhuadar fútha acht do leanadar díreach
'n-a dhiaidh, agus — síos leis an gcéad fhear, ceann agus uile,
an dara fhear ar a mhullach-sain agus an sáirseant anuas
air-sean.



Do sgread an sáirseant, do bhéic an dara fhear le
sgannradh “Ó! Táim báidhthe! Cabhair! cabhair!”
Acht gíog 'ná góg ní raibh as an bhfear eile mar bhí sé
fá uisge agus an bheirt eile anuas air.



Do rug an sáirseant ar an mbanc agus do tharraing
amach é féin; do thug sé a lámh do'n fhear eile agus do
tharraing sé amach é. Do chuir an tríomhadh fear a
lámh aníos agus thosnuigh ag réabadh na luachra ag iarraidh
greim d'fhagháil. Tháinig a cheann aníos. “A' bháthadh!
táim tachtuighthe! cabhair! —” ar seisean le bhéic agus
chuaidh sé síos arís. Do shín an sairseant a lámh isteach
agus é ag dul síos; do rug air agus do tharraing amach é,
leath bháidhte agus clúduighthe le láib agus salachar, acht ní
raibh sé i bhfad níos measa 'ná an bheirt eile.



Ní raibh an cosán ag teacht amach ag an taobh eile
de'n bhogach i n-éan-chór; agus lár an bhogaigh bhí deireadh
leis agus do shuidh Seósamh síos ar thurtóig bhig annso ag
féachaint ar na constáblaíbh agus ag baint suilt ar an
acharann 'na rabhadar.




Do chonnaic an sáirseant 'na shuidhe ar an turtóig é, agus
nuair fuair sé amach nách raibh an fear eile báidhte ar fad
do lean sé isteach é. Do chrom Seósamh ar lógóireacht
agus an sáirseant ag teacht isteach chuige; d'éirigh 'n-a
sheasamh agus d'fhéach 'na thimcheall, ag iarraidh imthighthe ó'n
sáirseant mar 'dh eadh, agus sgeón an tsaoghail 'n-a
chuid lógóireachta do rug sé air agus do bhain an cliabh dé.
Bhí sé lán deimhnitheach gur poitín bhí ann agus an sgannradh
go léir do bheith ar an ngarsún. D'osgail sé é, acht —
a bhrón, agus a chathughadh — bhí sé follamh, cómh follamh le
n-a cheann féin agus do leig sé dhó tuitim as a láimh?
Do tharraing sé anál fhada agus do chuir as le fuinneamh í,
do las a shúile le fearg agus d'fhéach sé ar Sheósamh i
dtreó is go mbéadh fonn a bhuailte air, acht ní dubhairt
sé focal acht casadh ar a sháil agus filleadh go dtí an
bheirt eile bhí ghá nglanadh féin ar an mbanc; do innis
sé dhóibh mar do bhí an sgéal agus d'imthigheadar leó go
brónach agus go leamh dhíobh féin ag triall ar an gceann
chonstábla bhí ag cuardach an tighe, agus Seósamh ag
siubhal 'na ndiaidh ar a shocracht.



Do bhí an teach agus an áit 'na thimcheall cuarduighthe ag
an gceann is a fhearaibh, gan éinnidh dá bhárr, mar ní
raibh braon poitín sa tigh ag Risteárd, nuair tháinig
an sáirseant agus a bheirt fhear. Bhí dóchas ag an gceann
go mbéadh sgéal maith ag an sáirseant, acht nuair
chonnaic sé an triúr bocht leath bháidhte ag teacht, do
thuit a chroidhe ar an bhfear mbocht. D'fhéach sé ar an
sáirseant agus do fhéach seisean ar an gceann: do
thuigeadar a chéile agus d'imthigheadar leó abhaile.



Do shuidh Risteárd Bán isteach dá chéadphroinn le
croidhe éadtrom i n-éinfheacht le n-a mhuirighin an mhaidin
sin: d'fhéach go huaibhreach ar a mhac is é ag innsint
cúrsaidhe an reatha agus do gháir go fada bog mar ba
ghnáth leis.



Fear Feasa

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services