Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is guaiseach an gnó bheith ag iarraidh creidimh do mhúineadh do dhaoinibh neamhriaghlach. Chím ins an bpáipéar laethamhail so agam gur mharbh fir chróna dhá chéad Críosdaighe ins an tír mhór soin Brasíl i nAmericá Theas. Bhí tríur sagart ortha, agus mná riaghalta, agus bhailigh na fir chróna timcheall Thíghe Dé faid do bhí an t-aifrionn 'gá rádh, agus do chromadar go fealltach obann, ar an bpobul do lámhach. Iodáiligh do b'eadh furmhór an phobuil ud, agus marbhuigheadh iad uile go léir gan mhoill, mar nách raibh sgáth 'ná arm aca le n-a gcosaint féin. Do sheól riaghaltas na Brasíle saighdiúirí chum na háite, acht is beag an mhaitheas é doíbh siud atá ar lár. Go ndéinidh Dia trocaire ortha. Is i gcuige Mharanhao do thuit an bheart mharbhthach soin amach, agus ní dócha go raibh aon chúis ag na fir chróna ar bpobul úd acht le fuath dh'á gcreideamh. Is iongantach an tír an Bhrasíl seo, is beag nách bhfuil sí chómh mór leis na Státaibh Aontuighthe i nAmerica thuaidh, acht ní fhuil an ceathramhadh cuid de dhaoinibh innte, agus ní chloisimíd an oiread trácht tháirse agus chloistear ar na Státaibh. Togha-riaghaltas is eadh í ar nós na Stát, gidh gur Impireacht do b'eadh í go dtí le deidheannaighe, acht thiomáin na háiteóirí amach an tImpire Dom Pedro, agus fuair sé bás ins an Spáinn. Ba dhathamhail an fear é breis agus fiche bliadhan ó shoin nuair do thug sé cuairt ar lochaibh Chille-hÁirne. Tá na haibhne is 'mó ar domhan ins an tír úd, agus tá na fásaigh cois na haibhnibh anmhí-fholláin. Do b'iad na Poirtigígh do fuair amach ar dtúis í cheithre chéad bliadhan ó shoin-máirnéalaigh thréana do b'eadh na Poirtigígh sin aon uair amháin. Fuair na Spáinnigh greim uirthe ar feadh tamaill, bhí seilbh le seal ag na dúisigh innte, fuair Poirtigígh arís eile í, agus táid siad go léir sgartha léi indiu. Is mór é a saidhbhreas idir miotal agus maoin acht caithfear saothar do dhéanadh le n-a cur chum cinn. Is iomdha tír fhairsing seachas an Brasíl seo atá ins an Americá Thear. Tá togha-riaghaltas eile darab ainm Argentine láimh léi, agus i mBeunos Aires, príomh- chathair na tíre sin, atá an dream Éireannach is céimeamhla agus is creideamhnaighe d'á bhfuil dia thall de loch. Cuireann teas-ghrádh na buidhne úd iongnadh agus áthas orainn-ne i nÉirinn. Tuillid a leithéidibh siúd an buaidh, agus d'á fhaid ó thír ghlas na hÉireann atá a n-áit cómhnuidhthe beidh teanga agus nósa na sinnsear ag sliocht a sleachta. Deirthear go bhfuil amhras ag Impire na nGearmánach ar an Argentine. D'oirfeadh sí go maith do'n Ghearmáin acht d'á ghéire a ndúil innte ní bheidh sí aca gan cogadh, agus ní fhuil aon fhonn ar an Impire an saithe beach atá annsúd do dhúiseacht. Bhiadh sé riachtanach ar na Státaibh Aontuighthe cur na choinnibh ní h-ar son na nArgintíneach é, acht ar a son féin. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services