Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is guaiseach an gnó bheith ag iarraidh creidimh do
mhúineadh do dhaoinibh neamhriaghlach. Chím ins an
bpáipéar laethamhail so agam gur mharbh fir chróna dhá
chéad Críosdaighe ins an tír mhór soin Brasíl i nAmericá
Theas. Bhí tríur sagart ortha, agus mná riaghalta, agus bhailigh
na fir chróna timcheall Thíghe Dé faid do bhí an
t-aifrionn 'gá rádh, agus do chromadar go fealltach
obann, ar an bpobul do lámhach.



Iodáiligh do b'eadh furmhór an phobuil ud, agus marbhuigheadh
iad uile go léir gan mhoill, mar nách raibh sgáth 'ná arm
aca le n-a gcosaint féin. Do sheól riaghaltas na
Brasíle saighdiúirí chum na háite, acht is beag an
mhaitheas é doíbh siud atá ar lár. Go ndéinidh Dia
trocaire ortha. Is i gcuige Mharanhao do thuit an bheart
mharbhthach soin amach, agus ní dócha go raibh aon chúis ag na
fir chróna ar bpobul úd acht le fuath dh'á gcreideamh.



Is iongantach an tír an Bhrasíl seo, is beag nách
bhfuil sí chómh mór leis na Státaibh Aontuighthe i
nAmerica thuaidh, acht ní fhuil an ceathramhadh cuid de
dhaoinibh innte, agus ní chloisimíd an oiread trácht tháirse
agus chloistear ar na Státaibh. Togha-riaghaltas is
eadh í ar nós na Stát, gidh gur Impireacht do b'eadh
í go dtí le deidheannaighe, acht thiomáin na háiteóirí
amach an tImpire Dom Pedro, agus fuair sé bás ins an
Spáinn. Ba dhathamhail an fear é breis agus fiche bliadhan
ó shoin nuair do thug sé cuairt ar lochaibh Chille-hÁirne.



Tá na haibhne is 'mó ar domhan ins an tír úd, agus tá
na fásaigh cois na haibhnibh anmhí-fholláin. Do b'iad na
Poirtigígh do fuair amach ar dtúis í cheithre chéad
bliadhan ó shoin-máirnéalaigh thréana do b'eadh na
Poirtigígh sin aon uair amháin. Fuair na Spáinnigh
greim uirthe ar feadh tamaill, bhí seilbh le seal ag na
dúisigh innte, fuair Poirtigígh arís eile í, agus táid siad
go léir sgartha léi indiu. Is mór é a saidhbhreas
idir miotal agus maoin acht caithfear saothar do dhéanadh
le n-a cur chum cinn.



Is iomdha tír fhairsing seachas an Brasíl seo atá ins
an Americá Thear. Tá togha-riaghaltas eile darab
ainm Argentine láimh léi, agus i mBeunos Aires, príomh-
chathair na tíre sin, atá an dream Éireannach is
céimeamhla agus is creideamhnaighe d'á bhfuil dia thall de
loch. Cuireann teas-ghrádh na buidhne úd iongnadh agus
áthas orainn-ne i nÉirinn. Tuillid a leithéidibh siúd
an buaidh, agus d'á fhaid ó thír ghlas na hÉireann atá a
n-áit cómhnuidhthe beidh teanga agus nósa na sinnsear ag
sliocht a sleachta. Deirthear go bhfuil amhras ag Impire
na nGearmánach ar an Argentine. D'oirfeadh sí go
maith do'n Ghearmáin acht d'á ghéire a ndúil innte ní
bheidh sí aca gan cogadh, agus ní fhuil aon fhonn ar an Impire
an saithe beach atá annsúd do dhúiseacht. Bhiadh sé
riachtanach ar na Státaibh Aontuighthe cur na choinnibh
ní h-ar son na nArgintíneach é, acht ar a son féin.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services