Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is ait an teanga an Béarla soin. Féach ar an bhfocal soin “stale.” Is ionann an focal soin nó “leamh,” agus deir páipéir Shasana go bhfuil an tArm ins an Aifric Theas “stale.” Do chloisinn mná-tighe 'gá rádh, nuair do bhíonn bainne gann i ndeire na bliadhna, d'á gcuirfeá im chuiginne i soightheach, go dtiocfadh droch-bhlas nó blas leamh air. Acht ní dócha gurab é sin brígh an fhocail úd ins na páipéaraibh gallda, mar ní chreidim go n-itheann an Bórach soin na saighdiúirí i n-aon chor. Bha dhóich liom go bhfuil na páipéir sin ag iarraidh a ráite go bhfuil an faobhar bainte de'n tsaighdiúir bhocht, nó an fuadar bainte as, agus gur mithid é thabhairt abhaile. Do réir mar do chloisim ní haon mhaitheas do Sheaghan bheith ag seoladh saighdiúirí amach. Ní fhuil ann acht fá mar do bheitheá ag taosgadh uisge ar chriathar. Ní fhuil slat de'n Transbhaal i seilbh Sheagháin acht an bóthar iarainn agus dó nó trí bhailtíbh ar an mbealach soin, agus do réir a áirimh féin do chaill sé sé chéad fear agus trí fichid oifigeach ar feadh an Abráin seo thart. Tá na mílte fear aige acht mar sin féin ní fuláir dóibh bheith 'na sluaightibh móra fíche míle fear, agus fuireach i gceann a chéile. Tá na Bóraigh 'na ndreamaibh beaga agus bíd ag faire ar shluagh mhór, líonmhar, de'n tsaghas soin, agus ag baint greama thiar, thall agus i dtosach asda. Tá sgannradh ar na saighdiúiríbh rómpa agus ní bhuaidhfear go deó ar na Bóraigh má bheidheas biadh agus piléir aca. Tá Seaghán ar a lándícheall ag iarraidh an easbadh soin do chur ortha acht níor eirigh leis fós, agus tá deóir agus gorta agus fuil 'na sruthaibh agus osnaidhe an bháis ins an Aifric Theas i gcás go mbiadh síoda ar chailleachaibh Lúnduin. Tá an beathadhach allta ann go sleamhain beathaighthe agus poit ar an bhfiolar fola. Thug Dlecassé, príomh-fheisire na Fraince, cuairt air San Petersburg an lá eile, agus bhí cómhrádh fada aige le tSár na Rúise agus a chómhairleóirí. Is truagh nách bhfuil fhios agam, adeir Seaghan, cad do bhí aca 'gá rádh. Ní baoghal dó aon aca súd fós mar ní chuirfid isteach air i dtaobh cogadh na mBórach, acht ceapaim go rabhadar ag caint le chéile cad í an chuma do b'fhearr chum na Síneach do sgrios. Táid siad lán tsásta go bhfuil Seaghan i n-achrann leis an mBórach agus nách féidir leis a rádh leó féin “tabhair domhsa roinn bheag de thoradh na gaduidheachta.” Chonách soin ar na Sínigh bhuidhe, mhaola, ní chabhrughid siad le chéile. Tá an oiread aca ann agus do stracfadh an ionathar as na hEórpaigh sin. Tá, an chuid is lúgha dhe, trí fichid milliún fear aca ann. Fir láidre chumasacha is eadh iad leis. Ní fhuil uatha acht stiúrthóir, De Bhet buidhe, maol, muc-earballach, súl- fhadach. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services