Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is ait an teanga an Béarla soin. Féach ar an
bhfocal soin “stale.” Is ionann an focal soin nó
“leamh,” agus deir páipéir Shasana go bhfuil an tArm ins
an Aifric Theas “stale.” Do chloisinn mná-tighe 'gá
rádh, nuair do bhíonn bainne gann i ndeire na bliadhna,
d'á gcuirfeá im chuiginne i soightheach, go dtiocfadh
droch-bhlas nó blas leamh air. Acht ní dócha gurab é sin
brígh an fhocail úd ins na páipéaraibh gallda, mar ní
chreidim go n-itheann an Bórach soin na saighdiúirí i n-aon
chor. Bha dhóich liom go bhfuil na páipéir sin ag iarraidh
a ráite go bhfuil an faobhar bainte de'n tsaighdiúir
bhocht, nó an fuadar bainte as, agus gur mithid é thabhairt
abhaile.



Do réir mar do chloisim ní haon mhaitheas do Sheaghan
bheith ag seoladh saighdiúirí amach. Ní fhuil ann acht fá
mar do bheitheá ag taosgadh uisge ar chriathar. Ní
fhuil slat de'n Transbhaal i seilbh Sheagháin acht an
bóthar iarainn agus dó nó trí bhailtíbh ar an mbealach
soin, agus do réir a áirimh féin do chaill sé sé chéad fear
agus trí fichid oifigeach ar feadh an Abráin seo thart. Tá
na mílte fear aige acht mar sin féin ní fuláir dóibh
bheith 'na sluaightibh móra fíche míle fear, agus fuireach i
gceann a chéile. Tá na Bóraigh 'na ndreamaibh beaga
agus bíd ag faire ar shluagh mhór, líonmhar, de'n tsaghas
soin, agus ag baint greama thiar, thall agus i dtosach asda.
Tá sgannradh ar na saighdiúiríbh rómpa agus ní bhuaidhfear go
deó ar na Bóraigh má bheidheas biadh agus piléir aca. Tá
Seaghán ar a lándícheall ag iarraidh an easbadh soin do
chur ortha acht níor eirigh leis fós, agus tá deóir agus gorta agus
fuil 'na sruthaibh agus osnaidhe an bháis ins an Aifric Theas
i gcás go mbiadh síoda ar chailleachaibh Lúnduin. Tá
an beathadhach allta ann go sleamhain beathaighthe agus poit
ar an bhfiolar fola.



Thug Dlecassé, príomh-fheisire na Fraince, cuairt
air San Petersburg an lá eile, agus bhí cómhrádh fada aige
le tSár na Rúise agus a chómhairleóirí. Is truagh nách bhfuil
fhios agam, adeir Seaghan, cad do bhí aca 'gá rádh. Ní
baoghal dó aon aca súd fós mar ní chuirfid isteach air
i dtaobh cogadh na mBórach, acht ceapaim go rabhadar
ag caint le chéile cad í an chuma do b'fhearr chum na
Síneach do sgrios. Táid siad lán tsásta go bhfuil
Seaghan i n-achrann leis an mBórach agus nách féidir leis a
rádh leó féin “tabhair domhsa roinn bheag de thoradh na
gaduidheachta.” Chonách soin ar na Sínigh bhuidhe, mhaola,
ní chabhrughid siad le chéile. Tá an oiread aca ann agus
do stracfadh an ionathar as na hEórpaigh sin. Tá, an
chuid is lúgha dhe, trí fichid milliún fear aca ann. Fir
láidre chumasacha is eadh iad leis. Ní fhuil uatha acht
stiúrthóir, De Bhet buidhe, maol, muc-earballach, súl-
fhadach.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services