Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár nOideachas Meadhónach
Title
Ár nOideachas Meadhónach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 11, 1901 ÁR NOIDEACHAS MEADHÓNACH Do gheallamar an tseachtmhain seo chuaidh tharainn beagán do chur síos ar na leabhairíníbh beaga deiridh seo atá ar n-a gcur amach ó Chonnradh na Gaedhilge. Tá ocht gcinn díobh so go bhfuil baint aca leis an Oideachas Meadhónach. Tá gach éin-nídh dubhradh ar son na Gaedhilge agus 'n-a coinne curtha síos go taidhseach réidh soiléir ins na leabhraibh seo, maille le roinnt eólais eile atá riachtanach chum an chúis do thuigsint 'n-a ceart. Tá fiadhnaise na dtrí nOllamh as Colláiste na Tríonóide ionta agus is féidir a rádh gurab iongantach an fiadhnaise é. Is dócha nách bhfuil tír eile ar dhruim talmhan, 'n-a bhfuighthí a leithéid de ghníomh, 'n-a leigfí dá leithéidíbh-sean an oiread-soin do rádh ar chúis nach raibh fhiú faic d'eólas aca uirri, ná 'n-a bhfuighthí daoine chomh neamh-chúramach ar oideachas a muinntire, acht Éire amháin. Is cuma liom-sa cad déarfaidh daoine eile, acht deirim an méid seo, gur mór an náire do mhuinn- tir na hÉireann é sin. Bíodh a fhios aca muna bhfuil a fhios cheana aca, go leanann mórdhacht agus árdughadh gach cinidh ar a n-oideachas. Dá fheabhas an t-oideachas dá fheabhas an cineadh. Acht ní oireann an saghas céadna oideachais do gach éin-chineadh. “An rud do thaithneóchadh liom-sa ní thaithneóchadh leat-sa.” An saghas oideachais d'oirfeadh do'n Ghréig ní oirfeadh do'n Róimh. Agus mar an gcéadna an saghas do thaithneóchadh do Shasanna ní thaithneóchadh d'Éirinn. Má ghalluighthear ar n-oideachas- na béam féin n-ár Sasannaigh gan mhoill. Sin é díreach an rud do mheas an triúr reachtúirí Ollamh as Colláiste na Tríonóide do dhéanamh. Sin é díreach an smaoineamh bhí 'n-a gcroidhthibh. Agus a dhéanamh ar mhaithe linne mar dh'eadh! B'fhearr dúinne míle uair, dar leó, an Ghaedhilg úd, ná raibh inti riamh acht “patois” no lag-chanamhaint gan bun gan barr gan maise gan foghnamh, bheith tar éis bháis d'fhagháil i dtreó go bhfuighmís claoidhe chum an Bhéarla d'fhoghluim dá ríribh, agus bheith rannpháirteach i ngach a bhfuil gá déanamh ag an sliocht thall chum an domhan mór (agus ní áirmhighim domhain nach é) do chríostugahdh, slán ár gcomhartha. Nár leanbuidhe leó sinn? Nach aicillidhe do mheasadar an bob do bhualadh orainn? Nach glic agus nach cliste do shileadar an bréag d'áiteamh orainn agus an dubh do chur 'n-a gheal orainn? Acht ní fearr bheith an caint tharsta. “Beidh lá eile ag an bPaorach.” Tá éin-nídh amháin, ámhach, ag teastáil ó mhuinntir na hÉireann; is é sin, eólas do chur ar ghoithíbh na druinge iasachta so fios a ngníomh do bheith ag gach éinneach, fios na díoghbhála is féidir leó dhéanamh dá bhfuighdís cead a gcinn, agus fios cumhachta na ndaoine féin chum teacht 'n-a gcoinne má's déanta é. Tá na nidhthe seo go léir thíos ins na leabhairíníbh beaga so. Cuireadh gach éinne fios orra agus léigheadh sé iad, i slighe is go mbéam ullamh chum troda má's troidthe dhúinn. Agus tá gach deallramh go gcaithfimíd troid do dhéanamh ar cheist an Oideachais Mheadhónaigh seo. Tá an ráfla amuigh gur satladh ar an nGaedhilg ann. Táid daoine ar an mBórd so agus ní gábhadh a innsint gurab iad ar námhaid iad. Daoine mór-chúiseacha is eadh iad, gur lugha orra Gaedhil 'ná madraidhe sráide, agus go gcuirfidí ruaig ar an nGaedhilg a talamh a duthchais i leath-nóimeat dá bhfuighdís an chaoi chuige. Caithfear troid do réir gach comhartha acht béidh na Gaedhil ullamh dhóibh. Ní thiocfar a gan fhios orainn. A Dhia na bhFeart, moladh go deóidh led' ainm, nach é an feall agus an sgrios agus an náire dhearg a leithéidí seo ag ceapadh oideachais go Ghaedhealaibh gan pioc eólais aca ar aigneadh na nGaedheal ná ar na nidhthibh ba riachtanach do Ghaedheal nó d'oirfeadh dhó? Agus siúd do dhéanamh gan an oiread is “má's é do thoil é” do rádh linn! Ní dhéanfar a fhulang. Ar mhuinntir na hÉireann féin do théidheann an nídh seo leigheas an éagcóir seo cheartughadh. A Chlanna Gaedheal, bídh ag ullmhughadh, glanaidh is géaruigh bhur gcuid arm mar ní fios cahuin do thiocfaidh lá na bruighne. Faire a Ghaedheala!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services