Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ár nOideachas Meadhónach

Teideal
Ár nOideachas Meadhónach
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1901
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Bealtaine 11, 1901



ÁR NOIDEACHAS MEADHÓNACH



Do gheallamar an tseachtmhain seo chuaidh tharainn
beagán do chur síos ar na leabhairíníbh beaga deiridh
seo atá ar n-a gcur amach ó Chonnradh na Gaedhilge.
Tá ocht gcinn díobh so go bhfuil baint aca leis an
Oideachas Meadhónach. Tá gach éin-nídh dubhradh ar son
na Gaedhilge agus 'n-a coinne curtha síos go taidhseach
réidh soiléir ins na leabhraibh seo, maille le roinnt
eólais eile atá riachtanach chum an chúis do thuigsint
'n-a ceart. Tá fiadhnaise na dtrí nOllamh as Colláiste
na Tríonóide ionta agus is féidir a rádh gurab iongantach
an fiadhnaise é. Is dócha nách bhfuil tír eile ar dhruim
talmhan, 'n-a bhfuighthí a leithéid de ghníomh, 'n-a leigfí
dá leithéidíbh-sean an oiread-soin do rádh ar chúis nach
raibh fhiú faic d'eólas aca uirri, ná 'n-a bhfuighthí daoine
chomh neamh-chúramach ar oideachas a muinntire, acht Éire
amháin. Is cuma liom-sa cad déarfaidh daoine eile,
acht deirim an méid seo, gur mór an náire do mhuinn-
tir na hÉireann é sin. Bíodh a fhios aca muna bhfuil a
fhios cheana aca, go leanann mórdhacht agus árdughadh gach
cinidh ar a n-oideachas. Dá fheabhas an t-oideachas dá
fheabhas an cineadh. Acht ní oireann an saghas céadna
oideachais do gach éin-chineadh. “An rud do thaithneóchadh
liom-sa ní thaithneóchadh leat-sa.” An saghas oideachais
d'oirfeadh do'n Ghréig ní oirfeadh do'n Róimh. Agus mar
an gcéadna an saghas do thaithneóchadh do Shasanna ní
thaithneóchadh d'Éirinn. Má ghalluighthear ar n-oideachas-
na béam féin n-ár Sasannaigh gan mhoill. Sin é
díreach an rud do mheas an triúr reachtúirí Ollamh as
Colláiste na Tríonóide do dhéanamh. Sin é díreach
an smaoineamh bhí 'n-a gcroidhthibh. Agus a dhéanamh ar
mhaithe linne mar dh'eadh! B'fhearr dúinne míle uair,
dar leó, an Ghaedhilg úd, ná raibh inti riamh acht
“patois” no lag-chanamhaint gan bun gan barr gan
maise gan foghnamh, bheith tar éis bháis d'fhagháil i dtreó
go bhfuighmís claoidhe chum an Bhéarla d'fhoghluim dá
ríribh, agus bheith rannpháirteach i ngach a bhfuil gá déanamh
ag an sliocht thall chum an domhan mór (agus ní áirmhighim
domhain nach é) do chríostugahdh, slán ár gcomhartha.
Nár leanbuidhe leó sinn? Nach aicillidhe do mheasadar
an bob do bhualadh orainn? Nach glic agus nach cliste do
shileadar an bréag d'áiteamh orainn agus an dubh do chur
'n-a gheal orainn?



Acht ní fearr bheith an caint tharsta. “Beidh lá eile ag
an bPaorach.” Tá éin-nídh amháin, ámhach, ag teastáil ó
mhuinntir na hÉireann; is é sin, eólas do chur ar
ghoithíbh na druinge iasachta so fios a ngníomh do
bheith ag gach éinneach, fios na díoghbhála is féidir leó
dhéanamh dá bhfuighdís cead a gcinn, agus fios cumhachta
na ndaoine féin chum teacht 'n-a gcoinne má's déanta
é. Tá na nidhthe seo go léir thíos ins na leabhairíníbh
beaga so. Cuireadh gach éinne fios orra agus léigheadh sé
iad, i slighe is go mbéam ullamh chum troda má's
troidthe dhúinn.



Agus tá gach deallramh go gcaithfimíd troid do
dhéanamh ar cheist an Oideachais Mheadhónaigh seo. Tá
an ráfla amuigh gur satladh ar an nGaedhilg ann.
Táid daoine ar an mBórd so agus ní gábhadh a innsint
gurab iad ar námhaid iad. Daoine mór-chúiseacha is
eadh iad, gur lugha orra Gaedhil 'ná madraidhe sráide,
agus go gcuirfidí ruaig ar an nGaedhilg a talamh a
duthchais i leath-nóimeat dá bhfuighdís an chaoi chuige.



Caithfear troid do réir gach comhartha acht béidh na
Gaedhil ullamh dhóibh. Ní thiocfar a gan fhios orainn.
A Dhia na bhFeart, moladh go deóidh led' ainm, nach é
an feall agus an sgrios agus an náire dhearg a leithéidí seo
ag ceapadh oideachais go Ghaedhealaibh gan pioc eólais
aca ar aigneadh na nGaedheal ná ar na nidhthibh ba
riachtanach do Ghaedheal nó d'oirfeadh dhó? Agus siúd
do dhéanamh gan an oiread is “má's é do thoil é” do
rádh linn! Ní dhéanfar a fhulang.



Ar mhuinntir na hÉireann féin do théidheann an nídh
seo leigheas an éagcóir seo cheartughadh. A Chlanna
Gaedheal, bídh ag ullmhughadh, glanaidh is géaruigh bhur
gcuid arm mar ní fios cahuin do thiocfaidh lá na
bruighne. Faire a Ghaedheala!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services