Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Roinnt Chomhairle
Title
Roinnt Chomhairle
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 20, 1901 ROINNT CHOMHAIRLE 1. Mol Dia i dteangaidh na nGaedheal. 2. Bí ag síor-mhachtnamh ar leas na Gaedhilge. 3. Is beag an maith machtnamh gan gníomh. 4. Tagadh na gníomhartha i ndiaidh an mhachtnaimh dhuit. 5. Is ag baile is fearr is féidir leat bheith Gaedhealach. 6. Má tá rún agat le hinnsint innis tré Ghaedhilg é. 7. Ná labhair acht Gaedhilg led' chloinn. 8. Is mór is ion-mholta léigheamh seanchais na hÉireann. 9. Má thograir Fiannuidheacht bíodh Fiannuidheacht fhóghanta agat. 10. Bíodh baint ag gach éinne le craobh éigint de'n Chonnradh. 11. Má loirgir aigneadh na nGaedheal ní fachtar i mBéarla soin. 12. Ná bí mór-chúiseach as do chuid Gaedhilge. 13. Is suarach is fiú Gaedheal gan Ghaedhilg. 14. Ná grádhuigh thú féin thar an gcraoibh go mbainir léi. 15. Ná grádhuigh do chraobh féin thar an gConnradh go léir. 16. Is iad dála na nGaedheal is taithneamhnaighe le Gaedheal. 17. Má gheallann tú nídh do dhéanamh. Brostuigh gan mhoill is déin é. 18. Bí ag síor-bhailiughadh na sean-ráidhte. 19. Bíodh na mná leat is beidh an t-ádh ort. 20. Sáruigheann saothar éin-mhná bhige amháin. Obair na mílte fear gan áird. 21. Is le muinntir na hÉireann Bhaineas an Ghaedhilg. 22. Ní'l ceart na Gaedhilge ag Cúige seoch Cúige eile. 23. Foghluim do chanamhaint féin ar dtús. 24. Má leanfam an chomhairle thuas, ní fuláir gan buaidh bheith linn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services