Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Roinnt Chomhairle

Title
Roinnt Chomhairle
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Aibreán 20, 1901



ROINNT CHOMHAIRLE



1. Mol Dia i dteangaidh na nGaedheal.



2. Bí ag síor-mhachtnamh ar leas na Gaedhilge.



3. Is beag an maith machtnamh gan gníomh.



4. Tagadh na gníomhartha i ndiaidh an mhachtnaimh dhuit.



5. Is ag baile is fearr is féidir leat bheith Gaedhealach.



6. Má tá rún agat le hinnsint innis tré Ghaedhilg é.



7. Ná labhair acht Gaedhilg led' chloinn.



8. Is mór is ion-mholta léigheamh seanchais na hÉireann.



9. Má thograir Fiannuidheacht bíodh Fiannuidheacht
fhóghanta agat.



10. Bíodh baint ag gach éinne le craobh éigint de'n
Chonnradh.



11. Má loirgir aigneadh na nGaedheal ní fachtar
i mBéarla soin.



12. Ná bí mór-chúiseach as do chuid Gaedhilge.



13. Is suarach is fiú Gaedheal gan Ghaedhilg.



14. Ná grádhuigh thú féin thar an gcraoibh go mbainir léi.



15. Ná grádhuigh do chraobh féin thar an gConnradh go
léir.



16. Is iad dála na nGaedheal is taithneamhnaighe le
Gaedheal.



17. Má gheallann tú nídh do dhéanamh.
Brostuigh gan mhoill is déin é.



18. Bí ag síor-bhailiughadh na sean-ráidhte.



19. Bíodh na mná leat is beidh an t-ádh ort.



20. Sáruigheann saothar éin-mhná bhige amháin.
Obair na mílte fear gan áird.



21. Is le muinntir na hÉireann
Bhaineas an Ghaedhilg.



22. Ní'l ceart na Gaedhilge ag Cúige seoch Cúige eile.



23. Foghluim do chanamhaint féin ar dtús.



24. Má leanfam an chomhairle thuas, ní fuláir gan
buaidh bheith linn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services