Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta ar an nGobán Saor
Title
Sgéalta ar an nGobán Saor
Author(s)
Seaghán,
Pen Name
Seaghán
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéalta ar an nGobán Saor I. AN CHUMA AR THUG A BHEAN CEAD A CHOS DÓ. Do bhí Rí ann agus do chuir sé fios ar an nGobán Saor le haghaidh caisleán ar fóghnamh a dhéanamh dhó. Nuair a bhéadh an caisleán déanta aige bhí sé le thí an Saor a chur chum báis 'nós ná bhéadh aon chaisleán chómh maith le n-a cheann féin. Bhí amhras ag an Saor go raibh sé le n-a chur chum báis ar gcríochnughadh an chaisleáin agus nuair bhí sé réidh aige cheap sé éalódh 'a bhaile. Do chonnairc an Rí é agus do fhiafraigh sé dhe cad é an deabhadh a bhí air no an raibh an caisleán críochnuighthe aige. “Ní fhuil,” ars an Saor, “acht tá úirlis ag
baile agam agus ní fhéadfainn é chríochnughadh gan é.” “Cia an t-ainm atá air,” ars an Rí, “agus cuirfidh mé mo mhac críona dá iarraidh agus fán-sa annso.” “Cam i n-aghaidh an chaim agus cor i n-aghaidh an chuir,” ars an Saor, “agus gheóbhaidh mo bhean dó é.” Chuaidh mac an Ríogh go tigh an tSaoir agus dubhairt sé le mnaoi an tSaoir gur chuir fear an tighe annso é a d'iarraidh “cam i n-aghaidh an chaim agus cor i n-aghaidh an chuir.” “Tá sé i mbonn an chomhra mhóir sin thuas,” ar san bhean, “agus ní fhéadfainn-se é shriosamhaint. Faigh féin ann é.” Thuig sí go maith goidé an chontabhairt bhí ar a fear ag an gcaisleán. Thug mac an Ríogh cathaoir leis go dtí an cómhra agus do sheasaimh sé uirri. D'osgail sé an cómhra agus bhí sé ag cromadh anuas ag lorg an uirlis ar bhonn an chómhra nuair a bhuail bean an tSaoir tuiric air a chuir isteach 'san gcómhra é. Dhúin sí an chómhra agus chuir sí glas air. Chuir sí sgéala go dtí an Rí go raibh cor daingean ar a mhac agus ná fágfadh sé é go dtugfadh sé cead saor dá fear teacht a bhaile agus b'éigin do'n Ríogh é sin a dhéanamh. Tuiric = sudden jerk II. An nós a fuaradh an Chéard uaidh. Ní raibh an Gobán sásta ar an cheárd do mhúnadh d'éin'ne. Bhí sé tuirseach tnáite ar a leabaidh maidin taréis caisleán do chríochnughadh. Do rith a bhean isteach agus dubhairt sí leis go raibh an caisleán úd ar lár: go raibh gaoth mhór ann aréir agus gur thuit sé. “Níor thuit,” ar san Gobán Saor, “mar chuir mise an t-aon ar an dó agus an dó ar an aon agus ní fhuil aon bhaoghal air.” Tá sé ar gcumas do ghach éin'ne saoirseacht cloch a dhéanamh ó shoin. Seaghán
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services