Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalta ar an nGobán Saor

Title
Sgéalta ar an nGobán Saor
Author(s)
Seaghán,
Pen Name
Seaghán
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéalta ar an nGobán Saor



I. AN CHUMA AR THUG A BHEAN CEAD A CHOS DÓ.



Do bhí Rí ann agus do chuir sé fios ar an nGobán Saor
le haghaidh caisleán ar fóghnamh a dhéanamh dhó. Nuair
a bhéadh an caisleán déanta aige bhí sé le thí an Saor
a chur chum báis 'nós ná bhéadh aon chaisleán chómh maith
le n-a cheann féin. Bhí amhras ag an Saor go raibh sé
le n-a chur chum báis ar gcríochnughadh an chaisleáin agus
nuair bhí sé réidh aige cheap sé éalódh 'a bhaile. Do
chonnairc an Rí é agus do fhiafraigh sé dhe cad é an
deabhadh a bhí air no an raibh an caisleán críochnuighthe
aige. “Ní fhuil,” ars an Saor, “acht tá úirlis ag


L. 04


baile agam agus ní fhéadfainn é chríochnughadh gan é.”
“Cia an t-ainm atá air,” ars an Rí, “agus cuirfidh mé
mo mhac críona dá iarraidh agus fán-sa annso.” “Cam
i n-aghaidh an chaim agus cor i n-aghaidh an chuir,” ars an
Saor, “agus gheóbhaidh mo bhean dó é.”



Chuaidh mac an Ríogh go tigh an tSaoir agus dubhairt sé
le mnaoi an tSaoir gur chuir fear an tighe annso é a
d'iarraidh “cam i n-aghaidh an chaim agus cor i n-aghaidh an
chuir.” “Tá sé i mbonn an chomhra mhóir sin thuas,”
ar san bhean, “agus ní fhéadfainn-se é shriosamhaint. Faigh
féin ann é.” Thuig sí go maith goidé an chontabhairt
bhí ar a fear ag an gcaisleán. Thug mac an Ríogh
cathaoir leis go dtí an cómhra agus do sheasaimh sé uirri.
D'osgail sé an cómhra agus bhí sé ag cromadh anuas ag
lorg an uirlis ar bhonn an chómhra nuair a bhuail bean an
tSaoir tuiric air a chuir isteach 'san gcómhra é. Dhúin
sí an chómhra agus chuir sí glas air. Chuir sí sgéala go
dtí an Rí go raibh cor daingean ar a mhac agus ná fágfadh
sé é go dtugfadh sé cead saor dá fear teacht a bhaile
agus b'éigin do'n Ríogh é sin a dhéanamh.



Tuiric = sudden jerk



II. An nós a fuaradh an Chéard uaidh.



Ní raibh an Gobán sásta ar an cheárd do mhúnadh
d'éin'ne. Bhí sé tuirseach tnáite ar a leabaidh maidin
taréis caisleán do chríochnughadh. Do rith a bhean isteach
agus dubhairt sí leis go raibh an caisleán úd ar lár: go
raibh gaoth mhór ann aréir agus gur thuit sé. “Níor thuit,”
ar san Gobán Saor, “mar chuir mise an t-aon ar an
dó agus an dó ar an aon agus ní fhuil aon bhaoghal air.” Tá
sé ar gcumas do ghach éin'ne saoirseacht cloch a
dhéanamh ó shoin.



Seaghán

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services