Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Biadh agus Greann Ní fhuil aon chineál dár cruithigheadh ná deineann greann dóibh fein, do réir mar chloisim. Bíonn a ngreann féin ag eunlaith an aeir, agus ar ndóigh deine- ann “éisg, róinte agus míola móra ceol, spórt, agus imreas,” mar deir an sgeul Fiannuigheachta. Deine- ann ainmhidhthe na gceithre gcos mar an gceudna greann dóibh féin, gach aon chineál i ndiaidh a nadúra féin, agus ní bhfuil ainmhidhe beo acu a thuigeann aon saghas eile grinn ach amháin an greann beag is nádúrtha dá chineál féin. Tá cuid des na h-ainmhidhthe beaga cos-eudtrom, aerach, mear-chroidheach, agus tugaid siad leath a saoghail ag damhas, agus ag rith, agus ag ranngás. Ó bhíonn an croidhe eudtrom acu is furus iad do shásamh i dtaobh bídh. Tá ainmhidhthe eile ann, na h-ainmhidhthe troma feólmhara, agus ní chuimhnighid siad riamh ar aon tsaghas caitheamh- aimsire a dhéanamh dóibh féin nó go mbíonn an bolg lán acu. Nuair bhíonn a ndóthain itthe acu ní misde leó bheith tamall ag caitheamh a dtóna. Bíonn an t-ainmhidhe daonna ar an gcuma gceudna, ag déanamh grinn do féin nuair a bhíonn uain aige air. Ach deineann gach aon chineadh greann ar leith dhóibh féin, do réir mar bhíonn an croidhe agus an spioraid ionnta. Is mór an lucht grinn na Sasanaigh, maidir le daoine dúra troma. Ach dáltha an sgéil ó chianaibh, ní bhain- feadh do dhicheall greann ná sult asta no go mbíonn an goile teann acu. Nuair a chruinnigheann sgata acu i dteannta a chéile chum caitheamh-aimsire, sé an chéad ghnó a dheinid siad ná suidhe chum búird agus a ndóthain d'ithe. Eirigheann duine acu annsain, an té is mó itheann is dócha, agus cuireann sé oráid fhada righin as, ghá rádh leó gur'b iad na daoine is fearr lás-muigh de neamh iad. Annsain tosnuigheann an rinnce — ní rinnce bhíonn acu amach, ach fuirse — agus na h-amhráin agus na sgéalta. Bíonn amhráin agus sgeulta acu ghá moladh féin ar dtúis. Na dhiaidh sin bíonn amhráin grinn agus sgeulta grinn ar siubhal acu. Ní thiubhraduís biorán buidhe ar amhrán ná ar sgeul dá ghreannmhaire muna ndéanfaidhe amach ionnta gur beithidheach salach no amadán críoch- nuighthe an tÉireannach. Tá “Irish songs” acu chomh tiugh le cláiríní speal; i mBeurla iad ar fad gan amhras. Ní beag aon sompla amháin ar an mbrígh bhíonn leó. Ní dócha go gcualaidh an leightheóir riamh an t-amhrán go dtugaidh siad “pógadh na muice” air. Is amhlaidh bhí, mar dh'eadh, na h-Éireannaigh seo, tuitthe thall agus abhus ar meisge. Thuit fear acu isteach i lea- baidh na muice sa chúinne, agus chrom sé ar an muic a phógadh i leith is gur bean duine eile bhí aige. Amhrán breágh iseadh é. Baineann na Sasanaigh an-fhuaim as, agus sult an domhain. Seo anois sgeul grinn a bhíonn ghá innsint acu, agus níor bh'fhiú liom é aithris ach go bhfuil múineadh ann. Chuaidh Éireannach isteach i dtigh ósda d'iarradh a dhinéir lá. Ráinig Sasanach ar an dtaobh thall de'n bhórd. “Tabhair chugham anbhruith iarball bhó,” do rádh an Sasanach. “An saghas ceudna dhomh-sa,” arsa Pádraig. D'óladar é, agus tháinig an giolla arís. “Tabhair chugham a leithéid seo,” arsa an Sasanach. “An saghas ceudna dhomh-sa,” arsa Pádraig, agus bhíodar mar sin ó chúrsa go cúrsa no go ndubhairt an Sasanach, “tabhair chugham ceap-bróige” ar seisean. “An saghas ceudna dhomh-sa,” arsa Pádraig. Tháinig an giolla, agus thug sé an ceap do'n tSasanach. “Is féidir leat-sa,” ar seisean leis an Éireannach, “an ceap-bróige bheith agat chomh luath is bheidh sé seo réidh leis.” Léim Pádraig as a chorp. “Th'anam do'n —” ar seisean, “ná h-íosfainn-se féin ceap bróige chomh maith leis an spreasán sain.” Sgeul binn breugach iseadh é, ach tá múineadh ann. (Leanfar de) Feargus Finn-bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services