Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Biadh agus Greann



Ní fhuil aon chineál dár cruithigheadh ná deineann
greann dóibh fein, do réir mar chloisim. Bíonn a
ngreann féin ag eunlaith an aeir, agus ar ndóigh deine-
ann “éisg, róinte agus míola móra ceol, spórt, agus
imreas,” mar deir an sgeul Fiannuigheachta. Deine-
ann ainmhidhthe na gceithre gcos mar an gceudna greann
dóibh féin, gach aon chineál i ndiaidh a nadúra féin, agus ní
bhfuil ainmhidhe beo acu a thuigeann aon saghas eile
grinn ach amháin an greann beag is nádúrtha dá chineál
féin. Tá cuid des na h-ainmhidhthe beaga cos-eudtrom,
aerach, mear-chroidheach, agus tugaid siad leath a saoghail
ag damhas, agus ag rith, agus ag ranngás. Ó bhíonn an croidhe
eudtrom acu is furus iad do shásamh i dtaobh bídh.
Tá ainmhidhthe eile ann, na h-ainmhidhthe troma feólmhara,
agus ní chuimhnighid siad riamh ar aon tsaghas caitheamh-
aimsire a dhéanamh dóibh féin nó go mbíonn an bolg
lán acu. Nuair bhíonn a ndóthain itthe acu ní misde leó
bheith tamall ag caitheamh a dtóna.



Bíonn an t-ainmhidhe daonna ar an gcuma gceudna,
ag déanamh grinn do féin nuair a bhíonn uain aige air.
Ach deineann gach aon chineadh greann ar leith dhóibh féin,
do réir mar bhíonn an croidhe agus an spioraid ionnta.



Is mór an lucht grinn na Sasanaigh, maidir le daoine
dúra troma. Ach dáltha an sgéil ó chianaibh, ní bhain-
feadh do dhicheall greann ná sult asta no go mbíonn
an goile teann acu. Nuair a chruinnigheann sgata acu
i dteannta a chéile chum caitheamh-aimsire, sé an chéad
ghnó a dheinid siad ná suidhe chum búird agus a ndóthain
d'ithe. Eirigheann duine acu annsain, an té is mó
itheann is dócha, agus cuireann sé oráid fhada righin as, ghá
rádh leó gur'b iad na daoine is fearr lás-muigh de
neamh iad. Annsain tosnuigheann an rinnce — ní rinnce
bhíonn acu amach, ach fuirse — agus na h-amhráin agus na
sgéalta. Bíonn amhráin agus sgeulta acu ghá moladh féin
ar dtúis. Na dhiaidh sin bíonn amhráin grinn agus sgeulta
grinn ar siubhal acu. Ní thiubhraduís biorán buidhe ar
amhrán ná ar sgeul dá ghreannmhaire muna ndéanfaidhe
amach ionnta gur beithidheach salach no amadán críoch-
nuighthe an tÉireannach. Tá “Irish songs” acu chomh
tiugh le cláiríní speal; i mBeurla iad ar fad gan
amhras. Ní beag aon sompla amháin ar an mbrígh bhíonn
leó. Ní dócha go gcualaidh an leightheóir riamh an
t-amhrán go dtugaidh siad “pógadh na muice” air. Is
amhlaidh bhí, mar dh'eadh, na h-Éireannaigh seo, tuitthe
thall agus abhus ar meisge. Thuit fear acu isteach i lea-
baidh na muice sa chúinne, agus chrom sé ar an muic a
phógadh i leith is gur bean duine eile bhí aige. Amhrán
breágh iseadh é. Baineann na Sasanaigh an-fhuaim as,
agus sult an domhain.



Seo anois sgeul grinn a bhíonn ghá innsint acu, agus
níor bh'fhiú liom é aithris ach go bhfuil múineadh ann.



Chuaidh Éireannach isteach i dtigh ósda d'iarradh a
dhinéir lá. Ráinig Sasanach ar an dtaobh thall de'n
bhórd. “Tabhair chugham anbhruith iarball bhó,” do rádh
an Sasanach. “An saghas ceudna dhomh-sa,” arsa
Pádraig. D'óladar é, agus tháinig an giolla arís.
“Tabhair chugham a leithéid seo,” arsa an Sasanach.
“An saghas ceudna dhomh-sa,” arsa Pádraig, agus bhíodar
mar sin ó chúrsa go cúrsa no go ndubhairt an Sasanach,
“tabhair chugham ceap-bróige” ar seisean. “An saghas
ceudna dhomh-sa,” arsa Pádraig. Tháinig an giolla, agus
thug sé an ceap do'n tSasanach. “Is féidir leat-sa,”
ar seisean leis an Éireannach, “an ceap-bróige bheith
agat chomh luath is bheidh sé seo réidh leis.” Léim
Pádraig as a chorp. “Th'anam do'n —” ar seisean,
“ná h-íosfainn-se féin ceap bróige chomh maith leis an
spreasán sain.”



Sgeul binn breugach iseadh é, ach tá múineadh ann.



(Leanfar de)



Feargus Finn-bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services