Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Long 's an Bád
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Long 's an Bád
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail An Long 's an Bád Cia hé an gaisgidheach úd adubhairt go rabhas ag baint na sligheadh dhe. Níor bh'í sin mo cheárd riamh, ach bheith ghá ghríosacht chum catha. B'fhéidir go raibh an sgeul tré chéile agam, agus b'fhéidir ná raibh ach ceapaim nách maith a réidhtigheann an fhírinne le cuid againn fós, agus duine stuacach is eadh é siúd. Na choinne sin ní mheas- aim go dtug sé aon fhocal amháin de'n sgeul na cheart leis ó thúis go deireadh. Tá cuid dá n-dubhairt sé nár thaithn liom, agus dá bhrigh sin maithim do é. Is dóigh leis gur'b é eagla tá orm go gcuirfear an báire ar an mBúrach le cabhair an airgid a gheibheann Seaghán sa tír seo. Ní bhfuil pioc dá fhaitchíos orm. Agus i dtaobh an Bhúraigh de, agus a dhuthchas, fágaim le h-uadhacht nách mór ná gur cuma liom cia acu. Feuch thall arís ó is ag trácht thar an mBúrach é. Chnuasuigh sé sin an t-airgead. Níor léigh sé aon nídh thairis a dhéanfadh maitheas dá thír. Ní h-iad gnótha an domhain eile, a bhí ag déanamh mearthaill do ach a gnó féin. B'fearrde sin dá ndeinimís mar an gceudna. Sin é anois brígh an sgéil ar fad aige. B'fhéidir leis ná fuil samhail an bháid chomh h-olc is deir sé. Cionnus a ghearrfadh sé an téad gan faobhar? Agus má tá sí chomh furas sain a ghearradh cad chuige fuireach go mbeadh an long gá báthadh. Ó thárla dho'n bhád bheith ann ní fheicim rud do b'fhearr a dhéanamh ná í neartughadh roimh ré, agus lón a chur innte. “Dá mbeimís súighte síos go tón puill ní fhéadfadh an Gearmánach lámh a bhualadh orainn,” adeir mo dhuine muinnteardha. Gan faid sin de luigheachán bliadhna air ach faid a bheidh sé na chodla. Raghainn i bhfad ar é chreideamhaint. Ní dubhart-sa go bhféadfadh. Deir sé arís nach ceal taithighe ar arm an easnamh is mó bheidh orrainn i lá na dtreas, ach gan sinn a bheith i n-ann marcaigheacht a dhéanamh. Nách ait an chaint ó ghaisgidheach an chaint sin. Táim á chlos riamh gur fearr rith maith ná droch-sheasamh, ach geallam dho ná béad-sa ag baint na gcos de sa ruathar. Ní hé sin saghus gaisgidh a chleachtas féin agus compánaigh m'óige sa bhféinn. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services