Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - An Long 's an Bád

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - An Long 's an Bád
Author(s)
Feargus Finn-Bhéil,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



An Long 's an Bád



Cia hé an gaisgidheach úd adubhairt go rabhas ag baint
na sligheadh dhe. Níor bh'í sin mo cheárd riamh, ach bheith
ghá ghríosacht chum catha. B'fhéidir go raibh an sgeul
tré chéile agam, agus b'fhéidir ná raibh ach ceapaim nách
maith a réidhtigheann an fhírinne le cuid againn fós, agus
duine stuacach is eadh é siúd. Na choinne sin ní mheas-
aim go dtug sé aon fhocal amháin de'n sgeul na cheart
leis ó thúis go deireadh. Tá cuid dá n-dubhairt sé nár
thaithn liom, agus dá bhrigh sin maithim do é.



Is dóigh leis gur'b é eagla tá orm go gcuirfear an
báire ar an mBúrach le cabhair an airgid a gheibheann
Seaghán sa tír seo. Ní bhfuil pioc dá fhaitchíos orm.
Agus i dtaobh an Bhúraigh de, agus a dhuthchas, fágaim le
h-uadhacht nách mór ná gur cuma liom cia acu. Feuch
thall arís ó is ag trácht thar an mBúrach é. Chnuasuigh
sé sin an t-airgead. Níor léigh sé aon nídh thairis a
dhéanfadh maitheas dá thír. Ní h-iad gnótha an domhain
eile, a bhí ag déanamh mearthaill do ach a gnó féin.
B'fearrde sin dá ndeinimís mar an gceudna. Sin é
anois brígh an sgéil ar fad aige.



B'fhéidir leis ná fuil samhail an bháid chomh h-olc is
deir sé. Cionnus a ghearrfadh sé an téad gan faobhar?
Agus má tá sí chomh furas sain a ghearradh cad chuige
fuireach go mbeadh an long gá báthadh. Ó thárla dho'n
bhád bheith ann ní fheicim rud do b'fhearr a dhéanamh ná
í neartughadh roimh ré, agus lón a chur innte.



“Dá mbeimís súighte síos go tón puill ní fhéadfadh
an Gearmánach lámh a bhualadh orainn,” adeir mo dhuine
muinnteardha. Gan faid sin de luigheachán bliadhna
air ach faid a bheidh sé na chodla. Raghainn i bhfad ar
é chreideamhaint. Ní dubhart-sa go bhféadfadh.



Deir sé arís nach ceal taithighe ar arm an easnamh is
mó bheidh orrainn i lá na dtreas, ach gan sinn a bheith i
n-ann marcaigheacht a dhéanamh. Nách ait an chaint ó
ghaisgidheach an chaint sin. Táim á chlos riamh gur
fearr rith maith ná droch-sheasamh, ach geallam dho ná
béad-sa ag baint na gcos de sa ruathar. Ní hé sin
saghus gaisgidh a chleachtas féin agus compánaigh m'óige sa
bhféinn.



Feargus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services