Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mar Caithtear an Nodlaig 'san Tuaith
Title
Mar Caithtear an Nodlaig 'san Tuaith
Author(s)
Fear-Gan-Ainm,
Pen Name
Fear-gan-ainm
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Mar Caithtear an Nodlaig 'san Tuaith Ní'l lá saoire 'ná féile 'san mbliadhain is mó a chuireann sólás agus sásamh ar aigneadh na ndaoine 'ná an Nodlaig. Idir bocht agus saidhbhir, i dtigh mór an duine uasail agus i mbothán an sglábhaidhe bíonn áthas agus suaimhneas aignidh ortha go léir, bíonn compórd, sult agus subhailceas, síothcháin agus fialtas 'na measg acht go mór-mhór i measg daoine bocht, suaithte, cráidhte, ciapaidhthe na h-Éireann. Faoi luighe na gréine ní'l cineadh is mó bhfuil creideamh, síbháltas agus cineáltas 'na gcroidhthibh agus 'na n-aigneadh ná mar atá ag ár gcineadh féin. An bhliadhain so chuaidh thorainn thuit an margadh mór ar an lá roimh Nodlaig. Bhí beagán gnótha agam féin le déanamh 'san mbaile mór agus ó nach raibh mórán peiri- acail orm bhuaileas amach go dóich (go moch). Lá cruaidh fuar seaca, bh'eadh é. Ghreadas liom go mear tapaidh.
Chonnarcas Seaghan na Cille ag fágaint a thighe féin agus budh mhaith liom teacht suas leis 'nós go mbeimís i bhfochair a chéile go dtí an baile mór. Fear meadhón- aosta 'seadh é, a thugann aire mhaith dá ghnó féin. Thóg sé a chlann go múinte macánta. Thug sé sgoil agus léigheann dóibh go léir, agus rud is feárr ná sin. Ní bhfuaradar riamh acht togha agus rogha sómpla maith uaidh. Tá beirt dá chloinn ag déanamh dhóibh féin agus sin go ríogh- mhaith, duine aca thall i Lunnduin agus an fear eile thuas i mBaile-Átha-Cliath. Amach liom ar an mbóthar mór. Bhí sé anshleamhain agus cuid de 'na lic oidhre. Bhí an oiread sin deabhtha orm gur sgeinn na cosa uaim agus sul raibh fhios agam cá raibh mé, síneadh mé ar chúl mo chinn ar lár an bhóthair. Nuair a chonnairc Seaghán mé ag tuitim, rith sé chúgam. “Dia linn, táir marbh, a dhuine bhoicht.” ar seisean. “Ní'lim, 'ná faic orm.” arsa mise. “Is amhlaidh chuir an gréasaidhe bradach sin thall tárnaidhe cruaidhe faoi bhonn mo bhróg agus shleamhnuigheadar uaim ar an leac-oidhre.” D'éirigheas am sheasamh. “Nach fuar an aimsir í?” arsa mé féin. “Aimsear mhaith oibre seadh í d'aon 'ne bheidheadh ag obair.” ar seisean. Bhí sinn ag cur síos ar an gcogadh no gur shroicheamar an baile mór. Dheinneadar ár ngnó gan mhoill. Seo amach linn araon ar an tsráid. Bhí an baile lán de dhaoinibh. Cuid aca ag díol ime, prátaidhe agus mar sin leó. Roinnt eile ag ceannach earraidhe i gcomhair na Nodlag. Bhí lucht imeartha na gcleasann go fairsing, fear an mhéaracáin, fear an trick-of-the-loop, Seaghán na gcártaidhe agus mórán eile de'n tsórt sin. Bhí tincéirithe ann ag díol agus ag reic a gcuid asal, ag aighneas lena chéile, nó le h-aon 'ne do thabharfadh toradh ortha. Fear mór téagartha buidhe smeartha b'eadh duine aca. Bhí féachaint millteach aige agus é ag gabháil do bhata ar asal bhocht ag teasbáint do'n tsaoghal go raibh rith agus léim ag an asal sin. Bhí muintir an tsléibhe ann ó mhaidin go doich agus bíodh geall gur ortha nach raibh aon deabhadh chum dul a bhaile. Ní fheacas riamh iad acht gur b'iad budh deireannaighe d'fhágfadh an baile mór. Bhí deabhadh ar Sheaghán abhaile go dtí na páisdidhe agus chuadhas féin leis. Casadh corr- dhuine orrainn raibh braon ólta aige, acht ní rabhadar ró-dhona. Bhíodar súgach nó mar adéarfadh siad féin, “maith go leór.” Ar taobh na sráide bhí “Seaghán Saor” ar lom a dhíchill ag iarraidh gach aon'ne a shásamh. Bhí gach aon rud ag imtheacht aige ar “trian a luach” do réir focail Sheaghain. Díreach ós a chomhair amach ar an taobh eile de'n tsráid bhí fear dall ag gabháil no ag seinm abhráin agus chloisfeá é míle ó bhaile. Ní deirim go raibh an fonn 'na cheart 'ná go binn aige, acht mar sin féin bhí a dhóthain agus breis glóir aige. Bhí bean bhocht ag bailiughadh na déirce agus leanbh ar a bac- lainn aici agus beirt no triúr putlachán ag rith lena cois. “Muisea go bhféacha Dia orainn” arsa Seaghán, “nach mór an truagh-Mhuire an bhean bhocht sin!” Shín sé píosa airgid chuici agus thugas féin mo chion dí. “Go ra' seacht míle milliún is feárr a bheidh sibh ag teacht do'n Nodlaig arís agus solas na bhflaitheas go dtugaidh Dia d'anamaibh bhur marbh!” arsa'n bhean bhocht. “Siubhail leat a bhaile, is mór an sgorn dúinn a bheith ar an tsráid an uair so de ló. Is fada atá Seagháinín ag baile rómhainn agus gach uile rud a cheannuigheas indiu go cruinn baileach aige 'san trucaill.” Ghreadamar linn go dtángamar go geata Sheagháin agus ní sgarfadh sé liom no go mbudh éigean dam geallamhain dó go dtiocfainn ar cuairt chucha comh luaith agus do bheadh gach aon rud réidh agam féin. Nuair bhuaileas chucha isteach ag baile bhí fuadar an domhain fúithi féin agus an uile rud geall le bheith réidh aici. Lasadh an choinneal mhór. Choisrigh sinn go léir sinn féin agus i gceann tamaill d'éirigheas am' sheasamh chum dul ar ragairne go dtí teach Sheagháin. Bhí sé 'na shuidhe le ais na teine rómham ag caitheamh an phíopa dho féin. Bhí fáilte agus fiche aca rómham. Shuidheas ag an teine ag feuchain ar gach uile rud. Bhí gach aon rud níos feárr agus níos deise 'ná chéile ann, an seomra déanta suas le h-eidhnéan agus cuileann, páipéir ar an mballa ag cur fáilte roimh an Nodlaig agus an bhliadhain nua agus céad rud eile nach cuimhnighim ortha anois. Géana agus turcaois crochta suas ar thaobh an bhalla i gcomhair an tsaoire. Bhí an-chuid bronn- tanas ó na comharsanaibh agus ó na daoinibh muinteardha. Bhí Máire féin go deithneasach ag feistiughadh agus ag cur sglop ar gach uile rud a bhí le déanamh. Is amhlaidh bhí na garsúin ag tabhairt féir dona ba (buaibh) agus dona capaillibh, na cailínidhe beaga ag tabhairt congnaibh dá máthair. Ar ball tháinig na buachaillidhe isteach, shuidhe- adar anuas go dtí an teine, agus do léigh Seaghán ar feadh tamaill as “Beatha Chríost.” B'ait leat bheith ag éisteacht leis, gach uile fhocal ag teacht óna chroidhe. Níor bhfada gur airigheamar an torann amuigh, d'osgladh an doras agus bhuail beirt fhear chughainn isteach. D'éiri- gheamar 'nár seasamh, chaitheadar díobh a gcótaidhe móra agus a hataidhe. Ar crapadh do shúl, do rith Máire chúcha, chroith sí lámh leó agus adubhairt, “Céad míle fáilte rómhaibh a Shéamuis agus a Thomáis! Tá sibh leathta, suidhidh síos chum na teineadh go bhfágh' mé rud éigean a théithfeadh sibh.” Dá bhfeictheá Seaghán féin, is ar éigin do chreidfeadh sé gur bh'iad a bheirt mhac a bhí ann. Faoi dheireadh d'aithin sé iad. Chuir sé fáilte a chroidhe agus a anama rómpa. Beirt bhuachaillidhe óga breágha 'seadh iad. Bhí siad lom, árd agus comh díreach le riaghail. Tharraing siad amach páipéir Bhaile átha Cliath agus Lunduin féachain cia an tuairisg bhí ó'n gcogadh ionnta, acht níor bhfiú biorán le Seaghán iad. “Seo páipéur ar fiú é léigheadh.” ar seisean, ag tabhairt an Clare Record dóibh. “Ní'l páipeur i n-Éirinn níos feárr 'ná é. Tá gach uile cheist a bhaineas leis na daoinibh dá pléidhe aige. Ní'l greim aige ar a chuid airgid agus ní spáráileann sé a thrioblóid ag iarraidh gach uile chúis a chur ar aghaidh.” Bhí an bheirt go fiosrach fiafrach i dtaobh a ndaoineadh muinteardha agus na gcomharsan acht bhíodar lán de thrácht ar na bailtibh móra. Cheapadar go raibh gach
aon rud cumhang beag, suarach againn. Anois agus arís thugainn féin súil-fheuchain ar Sheaghán agus ar a mhnaoi. Dá bhfeictheá an sásamh a bhí air ag éisteacht leó araon agus dhá mbreathnughadh. Maidir lena mháthair, ní dóigh liom go raibh bean ar thalamh na cruinne budh mhó áthas ná í an oidhche sin. Bhí na garsúin agus na cailínídhe go cúthal ar dtúis acht i gceann tamaill thángadar lena n-ais 'na nduine agus 'na nduine. D'osgladar a málaidhe siubhail, bhí siad lán de bhronntanasaibh, píopa cos- airgid dó féin, paidrín comh geal le h-airgead dá máthair, leabhair agus pictiúiridhe dos na garsúnaibh agus dos na cailínidhibh beaga agus millseáin dos na leanbhaidhe. Nuair bhí an suipéar réidh ag Máire, do shuidheadar chum buird. Bhí siad go léir ag tafaint orm féin acht d'éirigheas am' sheasamh agus chuireas lámh ar chlaibín an doruis. Ó chonnairc Seághan nach raibh aon mhaith ann, do thionnlaic sé mé amach go d-tí an bóthar mór. “Is sásta an fear tú anocht.” arsa mé féin leis. “Moladh mór le Dia agus le Muire, a mháthair! Sé Dia a dheinn dóibh é, a Dhiarmaid.” arsa Seaghán liom. Suas liom a bhaile. Bhí an suipéar ar an mbord rómham gach uile rud réidh, comh glan, comh feistighthe agus bheidheadh sé i bpálas an ríogh. Bhí sí féin ar buile liom mar gheall ar fanacht amuigh cómh déidheanach sin. Duadhamar ár suipéar go compórdach, buidheach, beannachtach, dubhramar ár bpáidreacha, an Choróin Mhuire, Liodán na Maighdine agus urnuighthe eile nach iad. Níor dhinneamar dearmhad ar anamaibh na marbh. Chuadh- mar a chodladh faoi dheireadh agus budh dheacair na garsúin a chur ó'n teine, d'fhan sí féin 'na suidhe i bhfad 'nár ndiaidh ag bácáil, agus ag déanadh fiche rud eile. Ar maidin bhí siad go léir 'na suidhe ó ghlaoidh an choiligh chum dul go dtí an chéad aifreann. Bhíos féin gléasta ar iompódh do bhaise. Seo amach linn ar fad acht amháin Tomáisín d'fhan i bhfeighil an tighe. Budh fheárr liom féin siubhal acht bhí an capall agus carr ag an gcuid eile. Amach linn ar an mbóthar mór. Muintir an tsléibhe ar lom a ndíchill, déanadh ar thigh-an-phobuil, seocham-seacham aca ag caint. Cheapfá ná béarfa- daois ar an aifreann choidhche. Nuair thángamar go dtí an séipéal bhí sé lán amach go dtí na doirse. Bhí sé an-dhorcha acht go raibh an lóchrann no an lampa lasta os comhair na h-altóra agus go raibh coinnle lasta ag corr-dhuine a bhí ag léigheadh. Lasadh na coinnle móra ar an altóir. Léigheadh an t-aifreann agus atáim deimhneach nach raibh fiche duine 'san séipéal nár chuaidh chum comaoineach, óg agus aosta, fir agus garsúin, mná agus cailínidhe beaga, iad go léir ag dul chum na h-altóra. Thar éis an aifrinn, bhailigh na daoine timcheall ar chloinn Sheagháin na Cille ag cur fáilte rómpa. Chroith an sagart paráiste lámh leó. “Cia h-iad féin, no cár ab as iad?” arsa fear leis an té budh ghoire dho. “Sin iad clann Sheagháin na Cille, nach geall le daoine uaisle iad!” arsa an fear eile. Chuadar abhaile, thar éis a mbreicfeast chuadar ag feuchain na gcomharsan agus a ndaoineadh muinteardha. Cheapfá gur anuas as an speur thuiteadar chucha. Níor bhfada gur chromadar ar an nGaedhilge a labhairt, agus is aca atá sí go binn blasta. Budh éigean dóibh imtheacht ar éirghe, lae lá'r n-a bhárach, mar nach bhfuaradar acht laetheanta saoire gairide. Lá féile Steafáin bhí buachaillidhe an dreoilín amuigh ag seinm ceoil, ag rinnce agus ag bailiughadh airgid ó dhoras go doras. Tráthnóna bhíodar 'na maidrínidhe laithighe ar na stártha le meisge. Budh cheart do ghach uile dhuine bhfuil meas aige ar a chreideamh agus ar a thír iarracht a dhéanadh ar a leithéid a chur síos. Is mar sin faghtar taithidhe ar bhiotáille d'ól. Cailltear a náire agus an t-Éireannach a chailleann a náire ná bíodh súil agat leis. Ní deirim focal i gcoinne gach uile sean-nóis atá saor ó pheacadh agus ó tharcaisne. Nár cailltear go deo ná choidhche iad, agus ná raibh Éire na Naomh agus na n-Ollamh gan fearaibh agus buachaillidhibh óga mar Sheaghán na Cille agus a chlann. FEAR-GAN-AINM
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services