Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mar Caithtear an Nodlaig 'san Tuaith

Title
Mar Caithtear an Nodlaig 'san Tuaith
Author(s)
Fear-Gan-Ainm,
Pen Name
Fear-gan-ainm
Composition Date
1901
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Mar Caithtear an Nodlaig 'san Tuaith



Ní'l lá saoire 'ná féile 'san mbliadhain is mó a
chuireann sólás agus sásamh ar aigneadh na ndaoine 'ná
an Nodlaig. Idir bocht agus saidhbhir, i dtigh mór an
duine uasail agus i mbothán an sglábhaidhe bíonn áthas agus
suaimhneas aignidh ortha go léir, bíonn compórd, sult
agus subhailceas, síothcháin agus fialtas 'na measg acht go
mór-mhór i measg daoine bocht, suaithte, cráidhte,
ciapaidhthe na h-Éireann. Faoi luighe na gréine ní'l
cineadh is mó bhfuil creideamh, síbháltas agus cineáltas
'na gcroidhthibh agus 'na n-aigneadh ná mar atá ag ár
gcineadh féin.



An bhliadhain so chuaidh thorainn thuit an margadh mór
ar an lá roimh Nodlaig. Bhí beagán gnótha agam féin
le déanamh 'san mbaile mór agus ó nach raibh mórán peiri-
acail orm bhuaileas amach go dóich (go moch). Lá cruaidh
fuar seaca, bh'eadh é. Ghreadas liom go mear tapaidh.


L. 674


Chonnarcas Seaghan na Cille ag fágaint a thighe féin agus
budh mhaith liom teacht suas leis 'nós go mbeimís i
bhfochair a chéile go dtí an baile mór. Fear meadhón-
aosta 'seadh é, a thugann aire mhaith dá ghnó féin. Thóg
sé a chlann go múinte macánta. Thug sé sgoil agus
léigheann dóibh go léir, agus rud is feárr ná sin. Ní
bhfuaradar riamh acht togha agus rogha sómpla maith uaidh.
Tá beirt dá chloinn ag déanamh dhóibh féin agus sin go ríogh-
mhaith, duine aca thall i Lunnduin agus an fear eile thuas
i mBaile-Átha-Cliath.



Amach liom ar an mbóthar mór. Bhí sé anshleamhain
agus cuid de 'na lic oidhre. Bhí an oiread sin deabhtha
orm gur sgeinn na cosa uaim agus sul raibh fhios agam
cá raibh mé, síneadh mé ar chúl mo chinn ar lár an
bhóthair. Nuair a chonnairc Seaghán mé ag tuitim, rith
sé chúgam. “Dia linn, táir marbh, a dhuine bhoicht.” ar
seisean. “Ní'lim, 'ná faic orm.” arsa mise. “Is
amhlaidh chuir an gréasaidhe bradach sin thall tárnaidhe
cruaidhe faoi bhonn mo bhróg agus shleamhnuigheadar uaim
ar an leac-oidhre.”



D'éirigheas am sheasamh. “Nach fuar an aimsir í?”
arsa mé féin. “Aimsear mhaith oibre seadh í d'aon 'ne
bheidheadh ag obair.” ar seisean. Bhí sinn ag cur síos
ar an gcogadh no gur shroicheamar an baile mór.
Dheinneadar ár ngnó gan mhoill. Seo amach linn
araon ar an tsráid. Bhí an baile lán de dhaoinibh.
Cuid aca ag díol ime, prátaidhe agus mar sin leó.
Roinnt eile ag ceannach earraidhe i gcomhair na
Nodlag. Bhí lucht imeartha na gcleasann go fairsing,
fear an mhéaracáin, fear an trick-of-the-loop, Seaghán
na gcártaidhe agus mórán eile de'n tsórt sin. Bhí
tincéirithe ann ag díol agus ag reic a gcuid asal, ag
aighneas lena chéile, nó le h-aon 'ne do thabharfadh
toradh ortha. Fear mór téagartha buidhe smeartha
b'eadh duine aca. Bhí féachaint millteach aige agus é ag
gabháil do bhata ar asal bhocht ag teasbáint do'n
tsaoghal go raibh rith agus léim ag an asal sin.



Bhí muintir an tsléibhe ann ó mhaidin go doich agus bíodh
geall gur ortha nach raibh aon deabhadh chum dul a bhaile.
Ní fheacas riamh iad acht gur b'iad budh deireannaighe
d'fhágfadh an baile mór. Bhí deabhadh ar Sheaghán abhaile
go dtí na páisdidhe agus chuadhas féin leis. Casadh corr-
dhuine orrainn raibh braon ólta aige, acht ní rabhadar
ró-dhona. Bhíodar súgach nó mar adéarfadh siad féin,
“maith go leór.” Ar taobh na sráide bhí “Seaghán
Saor” ar lom a dhíchill ag iarraidh gach aon'ne a
shásamh. Bhí gach aon rud ag imtheacht aige ar “trian
a luach” do réir focail Sheaghain. Díreach ós a chomhair
amach ar an taobh eile de'n tsráid bhí fear dall ag
gabháil no ag seinm abhráin agus chloisfeá é míle ó bhaile.
Ní deirim go raibh an fonn 'na cheart 'ná go binn aige,
acht mar sin féin bhí a dhóthain agus breis glóir aige. Bhí
bean bhocht ag bailiughadh na déirce agus leanbh ar a bac-
lainn aici agus beirt no triúr putlachán ag rith lena cois.



“Muisea go bhféacha Dia orainn” arsa Seaghán, “nach
mór an truagh-Mhuire an bhean bhocht sin!” Shín sé
píosa airgid chuici agus thugas féin mo chion dí. “Go
ra' seacht míle milliún is feárr a bheidh sibh ag teacht
do'n Nodlaig arís agus solas na bhflaitheas go dtugaidh Dia
d'anamaibh bhur marbh!” arsa'n bhean bhocht. “Siubhail
leat a bhaile, is mór an sgorn dúinn a bheith ar an
tsráid an uair so de ló. Is fada atá Seagháinín ag
baile rómhainn agus gach uile rud a cheannuigheas indiu
go cruinn baileach aige 'san trucaill.”



Ghreadamar linn go dtángamar go geata Sheagháin
agus ní sgarfadh sé liom no go mbudh éigean dam
geallamhain dó go dtiocfainn ar cuairt chucha comh
luaith agus do bheadh gach aon rud réidh agam féin. Nuair
bhuaileas chucha isteach ag baile bhí fuadar an domhain
fúithi féin agus an uile rud geall le bheith réidh aici.
Lasadh an choinneal mhór. Choisrigh sinn go léir sinn
féin agus i gceann tamaill d'éirigheas am' sheasamh chum
dul ar ragairne go dtí teach Sheagháin.



Bhí sé 'na shuidhe le ais na teine rómham ag caitheamh
an phíopa dho féin. Bhí fáilte agus fiche aca rómham.
Shuidheas ag an teine ag feuchain ar gach uile rud. Bhí
gach aon rud níos feárr agus níos deise 'ná chéile ann,
an seomra déanta suas le h-eidhnéan agus cuileann,
páipéir ar an mballa ag cur fáilte roimh an Nodlaig
agus an bhliadhain nua agus céad rud eile nach cuimhnighim
ortha anois. Géana agus turcaois crochta suas ar thaobh
an bhalla i gcomhair an tsaoire. Bhí an-chuid bronn-
tanas ó na comharsanaibh agus ó na daoinibh muinteardha.
Bhí Máire féin go deithneasach ag feistiughadh agus ag cur
sglop ar gach uile rud a bhí le déanamh. Is amhlaidh
bhí na garsúin ag tabhairt féir dona ba (buaibh) agus dona
capaillibh, na cailínidhe beaga ag tabhairt congnaibh dá
máthair. Ar ball tháinig na buachaillidhe isteach, shuidhe-
adar anuas go dtí an teine, agus do léigh Seaghán ar
feadh tamaill as “Beatha Chríost.” B'ait leat bheith
ag éisteacht leis, gach uile fhocal ag teacht óna chroidhe.
Níor bhfada gur airigheamar an torann amuigh, d'osgladh
an doras agus bhuail beirt fhear chughainn isteach. D'éiri-
gheamar 'nár seasamh, chaitheadar díobh a gcótaidhe
móra agus a hataidhe. Ar crapadh do shúl, do rith Máire
chúcha, chroith sí lámh leó agus adubhairt, “Céad míle fáilte
rómhaibh a Shéamuis agus a Thomáis! Tá sibh leathta, suidhidh
síos chum na teineadh go bhfágh' mé rud éigean a
théithfeadh sibh.” Dá bhfeictheá Seaghán féin, is ar
éigin do chreidfeadh sé gur bh'iad a bheirt mhac a bhí
ann. Faoi dheireadh d'aithin sé iad. Chuir sé fáilte a
chroidhe agus a anama rómpa. Beirt bhuachaillidhe óga
breágha 'seadh iad. Bhí siad lom, árd agus comh díreach le
riaghail. Tharraing siad amach páipéir Bhaile átha Cliath
agus Lunduin féachain cia an tuairisg bhí ó'n gcogadh
ionnta, acht níor bhfiú biorán le Seaghán iad. “Seo
páipéur ar fiú é léigheadh.” ar seisean, ag tabhairt an
Clare Record dóibh. “Ní'l páipeur i n-Éirinn níos
feárr 'ná é. Tá gach uile cheist a bhaineas leis na
daoinibh dá pléidhe aige. Ní'l greim aige ar a chuid
airgid agus ní spáráileann sé a thrioblóid ag iarraidh gach
uile chúis a chur ar aghaidh.”



Bhí an bheirt go fiosrach fiafrach i dtaobh a ndaoineadh
muinteardha agus na gcomharsan acht bhíodar lán de
thrácht ar na bailtibh móra. Cheapadar go raibh gach


L. 675


aon rud cumhang beag, suarach againn. Anois agus arís
thugainn féin súil-fheuchain ar Sheaghán agus ar a mhnaoi.
Dá bhfeictheá an sásamh a bhí air ag éisteacht leó araon
agus dhá mbreathnughadh. Maidir lena mháthair, ní dóigh
liom go raibh bean ar thalamh na cruinne budh mhó áthas
ná í an oidhche sin. Bhí na garsúin agus na cailínídhe go
cúthal ar dtúis acht i gceann tamaill thángadar lena
n-ais 'na nduine agus 'na nduine. D'osgladar a málaidhe
siubhail, bhí siad lán de bhronntanasaibh, píopa cos-
airgid dó féin, paidrín comh geal le h-airgead dá
máthair, leabhair agus pictiúiridhe dos na garsúnaibh agus dos
na cailínidhibh beaga agus millseáin dos na leanbhaidhe.



Nuair bhí an suipéar réidh ag Máire, do shuidheadar
chum buird. Bhí siad go léir ag tafaint orm féin acht
d'éirigheas am' sheasamh agus chuireas lámh ar chlaibín an
doruis. Ó chonnairc Seághan nach raibh aon mhaith ann,
do thionnlaic sé mé amach go d-tí an bóthar mór. “Is
sásta an fear tú anocht.” arsa mé féin leis. “Moladh
mór le Dia agus le Muire, a mháthair! Sé Dia a dheinn
dóibh é, a Dhiarmaid.” arsa Seaghán liom. Suas liom
a bhaile. Bhí an suipéar ar an mbord rómham gach uile
rud réidh, comh glan, comh feistighthe agus bheidheadh sé i
bpálas an ríogh. Bhí sí féin ar buile liom mar gheall
ar fanacht amuigh cómh déidheanach sin.



Duadhamar ár suipéar go compórdach, buidheach,
beannachtach, dubhramar ár bpáidreacha, an Choróin
Mhuire, Liodán na Maighdine agus urnuighthe eile nach iad.
Níor dhinneamar dearmhad ar anamaibh na marbh. Chuadh-
mar a chodladh faoi dheireadh agus budh dheacair na garsúin
a chur ó'n teine, d'fhan sí féin 'na suidhe i bhfad 'nár
ndiaidh ag bácáil, agus ag déanadh fiche rud eile.



Ar maidin bhí siad go léir 'na suidhe ó ghlaoidh an
choiligh chum dul go dtí an chéad aifreann. Bhíos féin
gléasta ar iompódh do bhaise. Seo amach linn ar fad
acht amháin Tomáisín d'fhan i bhfeighil an tighe. Budh fheárr
liom féin siubhal acht bhí an capall agus carr ag an gcuid
eile. Amach linn ar an mbóthar mór. Muintir an
tsléibhe ar lom a ndíchill, déanadh ar thigh-an-phobuil,
seocham-seacham aca ag caint. Cheapfá ná béarfa-
daois ar an aifreann choidhche. Nuair thángamar go
dtí an séipéal bhí sé lán amach go dtí na doirse. Bhí
sé an-dhorcha acht go raibh an lóchrann no an lampa
lasta os comhair na h-altóra agus go raibh coinnle lasta
ag corr-dhuine a bhí ag léigheadh. Lasadh na coinnle
móra ar an altóir. Léigheadh an t-aifreann agus atáim
deimhneach nach raibh fiche duine 'san séipéal nár chuaidh
chum comaoineach, óg agus aosta, fir agus garsúin, mná agus
cailínidhe beaga, iad go léir ag dul chum na h-altóra.
Thar éis an aifrinn, bhailigh na daoine timcheall ar
chloinn Sheagháin na Cille ag cur fáilte rómpa. Chroith
an sagart paráiste lámh leó. “Cia h-iad féin, no cár
ab as iad?” arsa fear leis an té budh ghoire dho.
“Sin iad clann Sheagháin na Cille, nach geall le daoine
uaisle iad!” arsa an fear eile. Chuadar abhaile, thar
éis a mbreicfeast chuadar ag feuchain na gcomharsan agus
a ndaoineadh muinteardha. Cheapfá gur anuas as an
speur thuiteadar chucha. Níor bhfada gur chromadar
ar an nGaedhilge a labhairt, agus is aca atá sí go binn
blasta. Budh éigean dóibh imtheacht ar éirghe, lae lá'r
n-a bhárach, mar nach bhfuaradar acht laetheanta saoire
gairide.



Lá féile Steafáin bhí buachaillidhe an dreoilín amuigh
ag seinm ceoil, ag rinnce agus ag bailiughadh airgid ó
dhoras go doras. Tráthnóna bhíodar 'na maidrínidhe
laithighe ar na stártha le meisge. Budh cheart do ghach
uile dhuine bhfuil meas aige ar a chreideamh agus ar a thír
iarracht a dhéanadh ar a leithéid a chur síos. Is mar
sin faghtar taithidhe ar bhiotáille d'ól. Cailltear a
náire agus an t-Éireannach a chailleann a náire ná bíodh
súil agat leis. Ní deirim focal i gcoinne gach uile
sean-nóis atá saor ó pheacadh agus ó tharcaisne. Nár
cailltear go deo ná choidhche iad, agus ná raibh Éire na
Naomh agus na n-Ollamh gan fearaibh agus buachaillidhibh óga
mar Sheaghán na Cille agus a chlann.



FEAR-GAN-AINM

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services