Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oráid Shéamuis Uí Dhubhghaill ag Céilidhe Dhoire
Title
Oráid Shéamuis Uí Dhubhghaill ag Céilidhe Dhoire
Author(s)
Ó Dubhghaill, Séamus,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oráid Shéamuis Uí Dhubhghaill ag Céilidhe Dhoire A Dhaoine Uaisle, Is maith atá fhios agamsa anois nách caint atá ag tasdáil uaibh-se acht ceól; nídh nach locht orraibh é. Ach mar sin féin is uile ba mhaith liomsa focal nó dhó a rádh libh fá dtaobh de'n obair seo atá ar bun againn. Mar a deir amhráin a bheidh againn ar ball — "Ar son Éireann támaoid bailighthe" agus go mór-mhór ar son teangadh na hÉireann. An ceart dúinn ar dteanga a chuinneáilt beó inár measag? Is beag duine go gcurfá an cheist seo air nách é an freagra gheóbhthá uaidh gur ceart gan dobhtha. Acht cuir ceist eile air:— "Cad tá agatsa á dhéanamh chum na rudaí so tá
ceart a chur 'un cinn?" agus is tapaidh a bheidh leath-sgéal aige. Tá sé ró-aosta, nó ní'l am aige; agus má bhíonn tú ró-dhian air déarfaidh sé leat go dána agus gan náire ná fuil maith ar bith 'sa teangaidh anois. Tá 'sa chathair seo mórán sgolacha, árd agus ísiol, beag agus mór. Tá Coláiste Chuilm Cille, Coláiste na Feabhla, agus Coláiste Mhic Aoidh. Tá sgoil na mbráithre agus sgoil na mban ríaghalta againn. Tá trí nó ceathair árd sgoil do chailínibh óga againn agus is ionnta bhídheann siad ag obair go dian gach lá. Is beag teanga na hEórpa ná fuil á múineadh i measg na sgol so — acht ní'l aon an-chaoi aca ar theangaidh na hÉireann a mhúineadh dá mbeidheadh fonn ortha bheidheidh uain aca. D'réir an seórd foghluma atá ar bun 'sa tír seo anois, ba dheacair í bheith níos measa ná mar tá sí. Is 'mdha go mór an fios a bheidh ag páistíbh óga ar thíorthaibh atá i bhfad ó bhaile 'ná ar an gcondae is giorra dhóibh. Agus má théidheann duine aca go dtí árd-sgoil nó coláiste nuair fhásann sé suas 'na ógánach, bheidh iachall air fios a bheith aige air imtheachtaibh na Róimhe na mílte bliadhan ó shoin, acht ní gádh dhó aon trioblóid do chur air féin mar gheall ar stáir na hÉireann - is cuma dhó cúntas a bheith aige uirthi no gan a bheith. An í seo an foghluim ceart? Deirimse nách í acht foghluim ar mhór-dtuathal. Tamall beag ó shoin agus bhí sé mar leath-sgéal ag daoinibh go raibh na leabhair ró-dhaor. Ní'l sin mar leath-sgéal aca anois. Tá páipéar dá chur amach gach seachtmhain "An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae," ar phinginn ruaidh. 'Sa pháipéar so tá neart Gaedhilge, acht tá cuid de i mBéarla. Tá leabhairíní saor go leór againn. Is féidir libh iad a cheannach annso láithreach. Támuid ag múineadh na sean-teangan i nDoire agus i n-áitibh eile gan pínginn dá bhárr againn, acht mórán caillte. Acht is ar son Éireann atámuid ag obair, agus táim-se anois ag iarraidh orraibh-se cuidiughadh linn. Dá mbeidheadh duine agaibh-se a caint mar a táim- se agus mise ag éisteacht 'sé bheidheadh i m'cheann agus b'fhéidir ar bhárr mo theangan. "Tá an donas ar a bhfuil le rádh aige. Is mithid do stad." Tá rud eile gur mhaith liom trácht air acht ní bheidh mé i bhfad, geallaim díbh. Nuair chaill sinn ár dteanga, chaill sinn léithi mórán eile. D'imthigh uainn an meas ba cheart dúinn a bheith orrainn féin agus ar nithibh a bhaineas le n-ár dtír. Táimse anois ag iarraidh orraibh, ní amháin cabhair a thabhairt do'n Ghaedhilg acht do nósaibh Gaedhealacha chomh maith. Táim ag iarraidh orraibh, má tá rud 'á dhíothamhail orraibh, úsáid a dhéanamh de rudaí atá déanta i nÉirinn. Ní'limse ag iarraidh orraibh droch-rud a cheannach 'ná do chaitheamh mar gheall ar é bheith déanta i nÉirinn. Nílim go deimhin. Acht má tá an rud atá le fághail ag baile chomh maith leis an rud deóranta, cheannuigh agus caith an rud Gaedhealach, agus fág an rud a tháinig thar lear. Beidh againn anocht ar gceol féin agus is dóigh liomsa go mbeidh sibh sásta leis. Sé a chuirfidh bhur gcroidhthe preabadh ionnaibh agus b'fhéidir bhur gcosa. Acht ba mhaith liom a rádh le gach fear agus bean agus buachaill atá ag éisteacht liom: - Coimeád do chosa socair má's mian leat an cheól a chlos i gceart. Tá aon nídh amháin eile nách ceart dom dearmad a dhéanamh air. Ní raibh fhios againn go dtí Dia hAoine seo ghabh thart go mbeidheadh píobaire annso anocht. Bhí Dochtúir Sain Cláir Buidhe chum bheith linn, agus nuair nár tháinig leis féin teacht chuir sé chugainn an píobaire. Is truagh linn ná fuil an dochtúir 'nar measg, acht chuir sé fear maith 'na ionad. Thug an duine uasal céadna cúig púint déag agus tuille d'Fheis Uladh atá le bheith i mBéal Feirsde Dia Sathairn seo chugainn. Thug sé fiche púnt do Chonnradh na Gaedhilge an mhí seo d'imthigh tharrainn, agus tá sé ag tabhairt deich bpúint ar son na cúise céadna an mhí seo, má bhídheann oiread eile bailighthe ar thalamh na hÉireann agus dhéanfaidh suas cead púnt. Agus anois ó tá mórán ag éisteacht liom atá gan Gaedhilg caithfidh mé casadh ar an mBéarla go fóill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services