Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oráid Shéamuis Uí Dhubhghaill ag Céilidhe Dhoire

Title
Oráid Shéamuis Uí Dhubhghaill ag Céilidhe Dhoire
Author(s)
Ó Dubhghaill, Séamus,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Oráid Shéamuis Uí Dhubhghaill ag Céilidhe Dhoire



A Dhaoine Uaisle,



Is maith atá fhios agamsa anois nách caint atá
ag tasdáil uaibh-se acht ceól; nídh nach locht orraibh é.



Ach mar sin féin is uile ba mhaith liomsa focal nó
dhó a rádh libh fá dtaobh de'n obair seo atá ar bun
againn.



Mar a deir amhráin a bheidh againn ar ball —
"Ar son Éireann támaoid bailighthe"



agus go mór-mhór ar son teangadh na hÉireann.



An ceart dúinn ar dteanga a chuinneáilt beó inár
measag?



Is beag duine go gcurfá an cheist seo air nách é an
freagra gheóbhthá uaidh gur ceart gan dobhtha. Acht
cuir ceist eile air:—



"Cad tá agatsa á dhéanamh chum na rudaí so tá


L. 626


ceart a chur 'un cinn?" agus is tapaidh a bheidh leath-sgéal
aige. Tá sé ró-aosta, nó ní'l am aige; agus má bhíonn
tú ró-dhian air déarfaidh sé leat go dána agus gan náire
ná fuil maith ar bith 'sa teangaidh anois.



Tá 'sa chathair seo mórán sgolacha, árd agus ísiol, beag
agus mór. Tá Coláiste Chuilm Cille, Coláiste na Feabhla,
agus Coláiste Mhic Aoidh. Tá sgoil na mbráithre agus sgoil
na mban ríaghalta againn. Tá trí nó ceathair árd
sgoil do chailínibh óga againn agus is ionnta bhídheann siad
ag obair go dian gach lá. Is beag teanga na hEórpa
ná fuil á múineadh i measg na sgol so — acht ní'l aon
an-chaoi aca ar theangaidh na hÉireann a mhúineadh dá
mbeidheadh fonn ortha bheidheidh uain aca.



D'réir an seórd foghluma atá ar bun 'sa tír seo
anois, ba dheacair í bheith níos measa ná mar tá sí.



Is 'mdha go mór an fios a bheidh ag páistíbh óga ar
thíorthaibh atá i bhfad ó bhaile 'ná ar an gcondae is
giorra dhóibh. Agus má théidheann duine aca go dtí
árd-sgoil nó coláiste nuair fhásann sé suas 'na ógánach,
bheidh iachall air fios a bheith aige air imtheachtaibh na
Róimhe na mílte bliadhan ó shoin, acht ní gádh dhó aon
trioblóid do chur air féin mar gheall ar stáir na
hÉireann - is cuma dhó cúntas a bheith aige uirthi no
gan a bheith. An í seo an foghluim ceart? Deirimse
nách í acht foghluim ar mhór-dtuathal.



Tamall beag ó shoin agus bhí sé mar leath-sgéal ag
daoinibh go raibh na leabhair ró-dhaor. Ní'l sin mar
leath-sgéal aca anois. Tá páipéar dá chur amach gach
seachtmhain "An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae,"
ar phinginn ruaidh. 'Sa pháipéar so tá neart Gaedhilge,
acht tá cuid de i mBéarla.



Tá leabhairíní saor go leór againn. Is féidir libh
iad a cheannach annso láithreach.



Támuid ag múineadh na sean-teangan i nDoire agus
i n-áitibh eile gan pínginn dá bhárr againn, acht mórán
caillte. Acht is ar son Éireann atámuid ag obair, agus
táim-se anois ag iarraidh orraibh-se cuidiughadh linn.



Dá mbeidheadh duine agaibh-se a caint mar a táim-
se agus mise ag éisteacht 'sé bheidheadh i m'cheann agus
b'fhéidir ar bhárr mo theangan. "Tá an donas ar a
bhfuil le rádh aige. Is mithid do stad."



Tá rud eile gur mhaith liom trácht air acht ní bheidh
mé i bhfad, geallaim díbh.



Nuair chaill sinn ár dteanga, chaill sinn léithi mórán
eile. D'imthigh uainn an meas ba cheart dúinn a bheith
orrainn féin agus ar nithibh a bhaineas le n-ár dtír.



Táimse anois ag iarraidh orraibh, ní amháin cabhair a
thabhairt do'n Ghaedhilg acht do nósaibh Gaedhealacha chomh
maith.



Táim ag iarraidh orraibh, má tá rud 'á dhíothamhail
orraibh, úsáid a dhéanamh de rudaí atá déanta i nÉirinn.



Ní'limse ag iarraidh orraibh droch-rud a cheannach 'ná
do chaitheamh mar gheall ar é bheith déanta i nÉirinn.
Nílim go deimhin. Acht má tá an rud atá le fághail
ag baile chomh maith leis an rud deóranta, cheannuigh agus
caith an rud Gaedhealach, agus fág an rud a tháinig thar
lear.



Beidh againn anocht ar gceol féin agus is dóigh liomsa
go mbeidh sibh sásta leis. Sé a chuirfidh bhur gcroidhthe
preabadh ionnaibh agus b'fhéidir bhur gcosa. Acht ba mhaith
liom a rádh le gach fear agus bean agus buachaill atá ag
éisteacht liom: - Coimeád do chosa socair má's mian
leat an cheól a chlos i gceart.



Tá aon nídh amháin eile nách ceart dom dearmad a
dhéanamh air.



Ní raibh fhios againn go dtí Dia hAoine seo ghabh
thart go mbeidheadh píobaire annso anocht.



Bhí Dochtúir Sain Cláir Buidhe chum bheith linn, agus
nuair nár tháinig leis féin teacht chuir sé chugainn an
píobaire.



Is truagh linn ná fuil an dochtúir 'nar measg, acht
chuir sé fear maith 'na ionad.



Thug an duine uasal céadna cúig púint déag agus
tuille d'Fheis Uladh atá le bheith i mBéal Feirsde Dia
Sathairn seo chugainn.



Thug sé fiche púnt do Chonnradh na Gaedhilge an mhí
seo d'imthigh tharrainn, agus tá sé ag tabhairt deich bpúint
ar son na cúise céadna an mhí seo, má bhídheann oiread
eile bailighthe ar thalamh na hÉireann agus dhéanfaidh suas
cead púnt.



Agus anois ó tá mórán ag éisteacht liom atá gan
Gaedhilg caithfidh mé casadh ar an mBéarla go fóill.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services