Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Scoil
Title
Ar Scoil
Author(s)
Diarmuid an Chaipín,
Pen Name
Diarmuid an Chaipín
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Scoil Ta scoil bhreagh, fhairsing, aerach againne i nGort na hAbhann. Tá sí timcheall deich dtroighthe is dá fhichid ar fad, cúig troighthe fichead ar leithead, agus dhá throigh déag ar aoirde. Is i mbliadhain ar dTighearna ocht gcéad déag agus ceithre fichid do tógadh í. Ar dul asteach san scoil duit, do bheadh áthas ort gach nidh chomh deas chomh feistighthe d'fheicsint 'na ionad féin. Tá léar- gail an Domhain ar t-aghaidh anonn ar an bhfalla agus léarsgáile na roinne agus na n-iath eile ar na fallaíbh móir- thimcheall. Tá ocht gcrinlíní agus ocht suidheacháin ar an úrlár ar fad na scoile, oireamhnach do dheichneabhar is trí fichid scoláirí agus is gnáthach an oiread eile 'na seasamh 'na rangaibh ar an úrlár ag foghluim a gceacht ó n-a n-oidibh. Tá dhá fhoradh árduighthe ann, ceann aca ins an scoil agus ceann eile ins an rang-sheomra i dtaoibh thiar di. Tá simné i ngach ceann de'n scoil, agus ar leath- taoibh na teineadh i gceann an tighe is sia ó'n dorus tá bórd an mháighistir, agus ar an dtaobh eile de'n teinidh tá Fuirm an Domhain suidhte ar chrann. Tá sé dubhchláracha ar crochadh ar na fallaibh móirthimcheall, agus dubhchlár mór i n-aice suidheacháin an mháighistir chum aon cheist do réidhteach os comhair na scoile go léir. Tá an scoil suidhte ar chocáinín deas gréine; a haghaidh ó dheas agus coill bheag ar an dtaobh thiar di chum fosgadh do dhéanamh ó'n ngaoith adtuaidh. Tá éirghe thalaimh siar ó'n sgoul agus tuitim soir, agus mar sin bidheann fána leis an lucht thigeas aniar ar maidin, agus árdán i n-aghaidh na scoláirí thigeas anois; acht an té bhuaidheas ar maidin cailleann sé um thráthnóna. Mar tá an Abha Bhuidhe ag rith leastíos de'n scoil, i gcaitheamh an gheimhridh nuair bhíonn tuile ins an abhainn go minic, caitheann na scoláirí thigeas andeas míle aistir a chur orra féin ag gabháil timcheall chum an droichid, acht má ghearánann na leanbhaí ar a n-aisdear deir na sean- daoine leó an sean-fhocal — "Bliadhain is lá i ndiu do báitheadh mo mháthair agus do bheidheadh sí timcheall o shoin." Is breagh an radharc atá le fághail ó'n scoil so. Feiceann tú ó thuaidh uait Beanna Beóla i gConnamara agus ar a dtaobh so dhíobh oileáin Árann mar bheidís ag éirghe aníos as an Muir Bháin. Féach annsúd thiar mar a n-éirgheann Faill an Iolair os cionn an chuain, agus Caisleán Tighe an Iarla suidhte ar a bhárr, agus annsúd thoir chíonn tú na Gáidhle ag árdach a gceann go modh mharach os cionn an Máighe Órdha agus thuaidh dhá mhíle uait tá Loch na Scairteán, agus má tá dúil i n-iasgaireacht nó i bhfiadhaigheacht agat, sin í an áit gur féidir leat tu féin do shásamh; theas idir thu agus an ghrian chífir Dhá Chich Danann ar a bhfuil trácht go minic i stair ársaidh na hÉireann. Is 'mó cruaidh-cheist do réidhtigheas annso i laetheann- taibh m'óige agus is 'mó cleas aithleóirthe rinneadh ann a gan fhios do'n Mhaighistir acht tá sean-fhocal air nach féidir ceann críonna do chur ar cholainn óig. Diarmuid an Chaipín A Fhir an Chlaidhimh, Táim ag cur chugat anois an t-alt so ar mhaithe leis an aos óg atá ar intinn Gaedhilg d'fhoghluim ins na sgoileannaibh. Do bhíos le déidheanaighe ag léigheadh leabhairín do thráchtas ar an slighe mhúintear teang- thacha iasachda san Roinn Eórpa, agus ní fhuil ins an alt so acht iarracht beag chum an tslighe sin do leanamhaint. Is é mo thuairim má léigheann scoláirí an ceacht so, go múinfidhe mórán Gaedhilge thríd, agus leis sin is dóigh liom gurab í an tslighe is giorra agus is fearr chum Gaedhilge do mhúineadh agus d'fhoghluim. Táim beartuighthe air so do leanamhaint suas, agus a naoi no a deich do pháipéaraibh eile do chur chughat. Diarmuid an Chaipín
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services