Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar Scoil

Teideal
Ar Scoil
Údar
Diarmuid an Chaipín,
Ainm Cleite
Diarmuid an Chaipín
Dáta cumtha
1900
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar Scoil



Ta scoil bhreagh, fhairsing, aerach againne i nGort na
hAbhann. Tá sí timcheall deich dtroighthe is dá fhichid
ar fad, cúig troighthe fichead ar leithead, agus dhá throigh
déag ar aoirde. Is i mbliadhain ar dTighearna ocht
gcéad déag agus ceithre fichid do tógadh í. Ar dul asteach
san scoil duit, do bheadh áthas ort gach nidh chomh deas
chomh feistighthe d'fheicsint 'na ionad féin. Tá léar-
gail an Domhain ar t-aghaidh anonn ar an bhfalla agus
léarsgáile na roinne agus na n-iath eile ar na fallaíbh móir-
thimcheall. Tá ocht gcrinlíní agus ocht suidheacháin ar an
úrlár ar fad na scoile, oireamhnach do dheichneabhar is
trí fichid scoláirí agus is gnáthach an oiread eile 'na
seasamh 'na rangaibh ar an úrlár ag foghluim a gceacht
ó n-a n-oidibh. Tá dhá fhoradh árduighthe ann, ceann aca
ins an scoil agus ceann eile ins an rang-sheomra i dtaoibh
thiar di. Tá simné i ngach ceann de'n scoil, agus ar leath-
taoibh na teineadh i gceann an tighe is sia ó'n dorus tá
bórd an mháighistir, agus ar an dtaobh eile de'n teinidh tá
Fuirm an Domhain suidhte ar chrann. Tá sé dubhchláracha
ar crochadh ar na fallaibh móirthimcheall, agus dubhchlár mór
i n-aice suidheacháin an mháighistir chum aon cheist do
réidhteach os comhair na scoile go léir.



Tá an scoil suidhte ar chocáinín deas gréine; a
haghaidh ó dheas agus coill bheag ar an dtaobh thiar di chum
fosgadh do dhéanamh ó'n ngaoith adtuaidh. Tá éirghe
thalaimh siar ó'n sgoul agus tuitim soir, agus mar sin bidheann
fána leis an lucht thigeas aniar ar maidin, agus árdán
i n-aghaidh na scoláirí thigeas anois; acht an té bhuaidheas
ar maidin cailleann sé um thráthnóna. Mar tá an
Abha Bhuidhe ag rith leastíos de'n scoil, i gcaitheamh an
gheimhridh nuair bhíonn tuile ins an abhainn go minic,
caitheann na scoláirí thigeas andeas míle aistir a chur
orra féin ag gabháil timcheall chum an droichid, acht má
ghearánann na leanbhaí ar a n-aisdear deir na sean-
daoine leó an sean-fhocal — "Bliadhain is lá i ndiu do
báitheadh mo mháthair agus do bheidheadh sí timcheall o shoin."



Is breagh an radharc atá le fághail ó'n scoil so.
Feiceann tú ó thuaidh uait Beanna Beóla i gConnamara
agus ar a dtaobh so dhíobh oileáin Árann mar bheidís ag
éirghe aníos as an Muir Bháin. Féach annsúd thiar mar
a n-éirgheann Faill an Iolair os cionn an chuain, agus
Caisleán Tighe an Iarla suidhte ar a bhárr, agus annsúd
thoir chíonn tú na Gáidhle ag árdach a gceann go modh
mharach os cionn an Máighe Órdha agus thuaidh dhá mhíle uait
tá Loch na Scairteán, agus má tá dúil i n-iasgaireacht nó
i bhfiadhaigheacht agat, sin í an áit gur féidir leat tu
féin do shásamh; theas idir thu agus an ghrian chífir Dhá Chich
Danann ar a bhfuil trácht go minic i stair ársaidh na
hÉireann.



Is 'mó cruaidh-cheist do réidhtigheas annso i laetheann-
taibh m'óige agus is 'mó cleas aithleóirthe rinneadh ann a
gan fhios do'n Mhaighistir acht tá sean-fhocal air nach
féidir ceann críonna do chur ar cholainn óig.



Diarmuid an Chaipín



A Fhir an Chlaidhimh,
Táim ag cur chugat anois an t-alt so ar mhaithe
leis an aos óg atá ar intinn Gaedhilg d'fhoghluim ins
na sgoileannaibh. Do bhíos le déidheanaighe ag léigheadh
leabhairín do thráchtas ar an slighe mhúintear teang-
thacha iasachda san Roinn Eórpa, agus ní fhuil ins an alt so
acht iarracht beag chum an tslighe sin do leanamhaint.
Is é mo thuairim má léigheann scoláirí an ceacht so, go
múinfidhe mórán Gaedhilge thríd, agus leis sin is dóigh liom
gurab í an tslighe is giorra agus is fearr chum Gaedhilge
do mhúineadh agus d'fhoghluim. Táim beartuighthe air so do
leanamhaint suas, agus a naoi no a deich do pháipéaraibh
eile do chur chughat.



Diarmuid an Chaipín



<Béidh fáilte roimh do chuid pháipéar a "Dhiarmuid
an Chaipín," a chara. Tá súil againne go ndéanfaidh
ar n-oidí ins na Ceantaraibh Gaedhealacha rud ort-sa,
agus eólas a gceantar do mhúineadh do'n aos óg i dteanta
na Gaedhilge. Chualamar féin fear ag rádh, "Bhíos i
Midleton indiu," "Bhuail sé umam i mBlackpool," agus
a leithéidí. Is gránda an nós é sin, agus gan áit san
gceantar sain gan ainm breágh slachtmhar Gaedhilge
air. - F. an Chl.>

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services