Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Meisgeóir
Title
An Meisgeóir
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cúchulainn
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Meisgeóir Bhí fear ann tráth. Meisgeóir mór do b'eadh é. Bhí punt tuarasdal 'sa tseachtmhain aige dá thuilleamh. Ba ghnáth leis dul gach aon oidhche Dia Sathairn, agus gach aon Domhnach 'sa bhliadhain go tigh tábhairne a bhí i ngar dó. Bhí sé ag caitheamh a thuarasdail go léir nach mór ann. Aon Domhnach amháin do rug sé leis ceann dá pháistibh go dtí an tigh tábhairne. Cheannuigh buillín aráin dó, agus d'fhág 'na shuidhe i n-aice na teineadh é agus chuaidh sé féin i dteannta a chómhluadair ag ól. Ní raibh m'fhear macánta ró-fhada ag ól, nuair d'airigh sé a leanbh ag gol. Tháinig sé aníos agus d'fiaf- ruigh de cad do bhí air. "Do bhuail bean a tighe mé," ar seisean. "Cad 'na thaobh ariú" ars an t-athair. D'innis an leanbh dó an sgéal mar leanas. Bhí an leanbh bocht ag ithe a bhuillín aráin cois na teineadh agus bhí corcán mairt-fheóla agus anbhruithe 'na aice. Do chúm sé an t-arán ins an anbhruith. Chonnaic bean an tighe é, agus thug sí buille dhó do leag beag nach sa teinidh é. Ní dubhairt m'fhear focal, acht do rug ar láimh a mhic. As an doras amach leis, agus treasna na sráide go tigh an bhróthaire. Cheannaigh sé píosa feóla agus chuaidh sé abhaile. Do leath a' súile ar a mhnaoi nuair chonnaic sí ag teacht chómh moch sain é, agus nuair connaic sí an fheóil bhí iongantas níos mó ná sain uirri, acht níor leig sí pioc uirri. Do tháinig sé isteach, agus d'órduigh sé píosa de'n fheóil do chur síos ar an teinidh, is chuaidh sé amach chum an gháirdín ag iarraidh cabáiste. Fad do bhí sé amuigh d'innis an leanbh dá mháthair cad do thuit amach agus bhí áthas uirri mar thuig sí ar an láthair go raibh malairt saoghail ag teacht ar a fear. Fad a bhíodar ag ithe a ndinéir an lá sain bhíodar go sólásach, acht go raibh fear an tighe beagáinín dubh, agus ní mar bhíodar cheana go dorcha agus go duairc ag ithe práta agus braoinín sgiodair. Ní gábhadh dhom a rádh ná fuar bean an tighe tábhairne sin ná aon tighe tábhairne eile pinginn dá thuarasdal ó'n bhfear bocht as sain amach, agus gur lean an rath é go dtí lá a bháis. Cúchulainn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services